Bhí Gael Linn ar an gcéad chomhlacht in Éirinn a d’eisigh ceol traidisiúnta agus amhráin na tíre seo ar ceirnín. Ceirníní 78 casadh sa nóiméad a bhí iontu ag an am agus 20 ceann ar fad a d’eisigh siad idir na blianta 1957-1961. Mar chuid de chomóradh 50 bliain an chomhlachta, tá siad tar éis na taifeadtaí sin ar fad a chur le chéile agus a eisiúint arís faoin ainm Seoltaí Séidte. Labhair Antaine Ó Faracháin le hAntoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Ghael Linn, faoin tionscadal eisceachtúil, stairiúil seo.
Antaine Ó Faracháin: A Antoine, inis dom go díreach céard atá sa bpacáiste seo.
Antoine Ó Coileáin: Is éard atá anseo ná dhá dhlúthdhiosca agus leabhrán ag gabháil in éineacht leo. An tábhacht a bhaineann leo ná gurb iad seo an chéad 20 ceirnín a chuir Gael Linn amach agus bhí siad ar luas 78 csn, mar a bhí coitianta san am. Ceirníní don ghramafón a bhí i gceist. Eisíodh iad idir na blianta 1957 agus 1961 agus bhí an tionscadal seo ar cheann de na cinn thosaigh ag Gael Linn, a bunaíodh cúpla bliain roimhe sin sa bhliain 1953.
Bhí dúil ag Gael Linn i gcúrsaí ceoil ón gcéad lá - cúrsaí drámaíochta agus cúrsaí ceoil. Bhíodh oícheanta seanchais sa Damer, mar shampla, agus thugtaí amhránaithe ó na Gaeltachtaí agus ceoltóirí den chéad scoth ansin. Cuireadh ar an ardán iad. Agus ansin bhí clár raidió ag Gael Linn agus theastaigh uathu a bheith in ann cuid den cheol seo a sheinm ar an gclár raidió. An rud a rinne siad i dtosach báire ná acetate a dhéanamh, mar sin rinneadh taifeadadh aon-uaire más maith leat. Ach ní fhéadfaí an acetate *a dhíol nó ní fhéadfaí é a chóipeáil, mar sin b’ionann é agus *one-off. Nuair a craoladh ansin ar an raidió iad, an chéad chéim eile ná féachaint arbh fhéidir iad seo a chur ar fáil i leagan níos buaine agus iad a scaipeadh ar an mórphobal.
Mar sin, is i roinnt céimeanna a tháinig Gael Linn isteach i ngnó an cheoil: ón ardán, go dtí an raidió, go dtí an ceirnín. Agus trí na hoícheanta seanchais sin bhí teacht ag Gael Linn ar na hamhránaithe ab fhearr as na ceantair Ghaeltachta ar fad: Seosamh Ó hÉanaí, Seán ‘ac Dhonncha agus Máire Nic Dhonnchadha ó Chonamara, mar shampla; Aodh Ó Duibheannaigh agus Áine Ní Ghallchóir [Annie Eoghain Éamoinn] ó Thír Chonaill; amhránaithe ós na Déise; Seán de hÓra agus Diarmuid Ó Flatharta ó Chiarraí. Tá amhráin ar an sean-nós ann ó na mórcheantair Ghaeltachta ar fad, agus na ceoltóirí ba mhó a bhí i mbéal an phobail ag an am - daoine ar nós Tommy Reck, Willie Clancy, Joe Burke, Seán Ryan agus uile.
An rud a rinneamar leis an gcnuasach seo ná go ndeachamar siar chuig na máistrí, na buntéipeanna (tá siad againn i gcónaí), agus bhíomar ábalta athmháistriú digiteach a dhéanamh orthu. Mar sin, tá caighdeán na fuaime níos fearr anois ná mar a bhí ar na ceirníní a cuireadh amach an chéad lá riamh!
AÓF: Cé a rinne an t-athmháistriú sin?
AÓC: Harry Bradshaw a rinne an obair theicniúil. Agus, mar a deirim, is díol suntais é. Beidh iontas ar dhaoine ceol a chloisteáil ó na hoirfidigh seo agus é ar chaighdeán an lae inniu. Tá sé draíochtúil!
Bhíodh amhrán ar thaobh amháin den cheirnín agus ar an taobh eile bhíodh ceol uirlise. Mar sin a eisíodh iad an chéad lá agus is mar sin atá siad ar na cnuasaigh seo. Shocraíomar gan na hamhráin a bheith ar dhlúthdhiosca amháin agus an ceol ar an gceann eile.
AÓF: Bhíodh amhrán ar Thaobh A agus ceol ar Thaobh B.
AÓC: Sin é. Is mar sin a eisíodh iad an chéad lá.
AÓF: Mar sin, rinneadh cinneadh ag an tús go mbeadh meascán de cheol agus d’amhráin ann.
AÓC: Rinneadh agus is dóigh liomsa go raibh Gael Linn an-chliste mar gur thuigeadar b’fhéidir ag an am sin nach mbeadh pobal rómhór ann le haghaidh ceirnín ar an sean-nós amháin. Tháinig siad i dtír ar an gceol traidisiúnta agus chuireadar meascán i láthair an phobail le gach eisiúint.
AÓF: Ach b’fhéidir go mbeadh amhránaí as Conamara ar thaobh amháin agus b’fhéidir ceoltóir as Tiobraid Árann nó áit éigin ar an taobh eile? Ní hé gur chloígh siad le ceantar áirithe.
AÓC: Ní hé. Agus is amhránaithe ó na Gaeltachtaí iad ar fad agus na ceoltóirí ansin, is as áit ar bith iad - Gaillimh, Tiobraid Árann, Béal Feirste, Ard Mhacha …
AÓF: An bhfuil aon amhrán i mBéarla ann?
AÓC: Níl. Amhráin i nGaeilge agus ceol uirlise ar an taobh eile a bhíodh ann, mar sin ar an dá dhlúthdhiosca seo gach dara ceann atá i gceist, amhrán, ansin píosa ceoil - mar shampla, Seán ‘ac Dhonncha (amhrán) agus ansin Seán Ryan (fidil).
AÓF: Cé mhéad ceirnín a eisíodh ar fad?
AÓC: Bhí 20 eisiúint ann agus tá 43 thraic ar fad ar an dá dhlúthdhiosca.
AÓF: Inis dom faoin leabhrán atá mar chuid den phacáiste.
AÓC: Nioclás Ó Cearbhalláin, Stiúrthóir Thaisce Cheol Dúchais Éireann, a chuir é sin i dtoll a chéile. Tá réamhrá agam féin ann, mar an comhthéacs a bhí leis an tionscadal seo ná comóradh 50 bliain Ghael Linn. Bhí ócáidí móra againn i gCaisleán Átha Cliath, mar shampla, agus bhí Féile Ghael Linn ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta, ach imíonn na rudaí sin agus theastaigh uaimse go mbeadh cuimhneachán buan agus comóradh ar an mbliain. Mar sin, tar éis dom labhairt le Nioclás, bheartaíomar tabhairt faoi thionscadal mar seo. Beidh sé seo ann go deo. Agus is ceoltóirí iad seo nach raibh fáil orthu a thuilleadh, bíodh is go ndearna siad taifeadadh den scoth linn blianta ó shin. Cuid acu nach bhfuil in áit ar bith eile, Diarmuid Ó Flatharta ach go háirithe, fear a cailleadh seachtain i ndiaidh dó an taifeadadh a dhéanamh. Daoine eile, rinne siad taifeadtaí b’fhéidir blianta ina dhiaidh sin ach d’fhéadfaí a rá ag an tréimhse seo go raibh cuid de na daoine sin i mbarr a maitheasa.
Sa leabhar freisin tugann Nioclás cúlra na dtaifeadtaí, conas a tharla sé go raibh Gael Linn ann ar an gcéad dul síos, conas a tharla sé gur chuir siad spéis i gcúrsaí ceoil agus míníonn sé gurb é Gael Linn an chéad chomhlacht ceirníní in Éirinn a chuaigh le taifeadtaí a eisiúint den cheol traidisiúnta. Agus tá muid ann i gcónaí, rud a fhágann gur muid an dream is faide sa mhargadh sin. Tá rud beag den stair tugtha agus ansin grianghrafanna de roinnt de na himeachtaí ceoil, agus mar sin de. Tá beathaisnéis gach duine de na hoirfidigh atá le cloisteáil ar an dá dhlúthdhiosca curtha ar fáil aige, agus focail na n-amhrán agus aistriúchán go Béarla.
AÓF: Agus cé a rinne iad sin, na focail agus na haistriúcháin?
AÓC: Nioclás é féin.
AÓF: Is mór an píosa oibre é!
AÓC: Is mór agus is dóigh liomsa go mbeidh díol an-mhór air seo. Is dóigh liom go mbeidh ráchairt air mar fhoilseachán agus sin mar is fearr é, mar tá sé ag teacht le haidhmeanna Ghael Linn go mbeadh fáil ag an mórphobal ar an gcuid is fearr den traidisiún agus go mbeadh eochair tugtha dóibh freisin chun gur féidir leo an saibhreas seo a oscailt. Beidh tóir air thar lear mar gheall ar go bhfuil gach rud dátheangach ann, agus mar gheall ar a fheabhas is atá na ceoltóirí. Beidh an-spéis ag amhránaithe ann mar go mbeidh siad ábalta éisteacht le cuid de na hamhránaithe ab fhearr agus iad ag gabháil d’amhráin atá anois, b’fhéidir, coitianta go maith ach a raibh nuaíocht ag baint leo ag an am sin.
Tugann Nioclás creidiúint do Ghael Linn as na hamhráin as Conamara a bheith chomh mór sin i mbéal an phobail sa lá atá inniu ann. Is a bhuíochas do na ceirníní a cuireadh amach gurb iad ba thúisce a d’fhoghlaim daoine sna blianta sin. Agus bhí na focail leo ar fad nuair a tháinig siad amach i dtosach. Bhí sin, arís, ag teacht le haidhmeanna Ghael Linn.
AÓF: Ceoltóirí aonair seachas bannaí ceoil atá le cloisteáil, nach ea?
AÓC: Is ea - níl aon bhanna ceoil ann. Is amhránaithe aonair agus ceol uirlise aonair ar fad atá ann.
AÓF: Rud atá spéisiúil ann féin.
AÓC: Tá, mar ciallaíonn sé seo gur féidir leat éisteacht le leithéidí Willie Clancy agus é ag seinm leis féin, gan air a bheith á chur féin in oiriúint do cheoltóir ar bith eile.
AÓF: Ar ndóigh tháinig sé seo roimh thréimhse na ngrúpaí ceoil.
AÓC: Tháinig. An chéad ghrúpa, is dócha, ná Ceoltóirí Chualann agus tháinig siadsan ar an bhfód ag deireadh na tréimhse seo. Ach an rud a fhaigheann tú anseo ná an dúchas glan, mar a déarfá, gan aon réamhchóiriú déanta air.
AÓF: Cén praghas atá ar an bpacáiste seo?
AÓC: €25, agus leabhar cuimsitheach dátheangach saor in aisce leis, agus beathaisnéisí na gceoltóirí. Dála an scéil, déanfar é a sheoladh ag Scoil Samhraidh Willie Clancy [Contae an Chláir], ar 4 Iúil. Muiris Ó Rócháin a dhéanfaidh an seoladh.
AÓF: Na grianghrafanna ar fad, an as Taisce Cheol Dúchais Éireann a tháinig siad sin?
AÓC: Ní hea, ó chartlann Ghael Linn. Bhí Gael Linn an-tughta don phoiblíocht agus úsáid na meán cumarsáide chun a scéal féin a chur i láthair an phobail. Fostaíodh grianghrafadóirí proifisiúnta leis na hoícheanta seanchais sin a thaifeadadh. Mar sin, tá saibhreas mór grianghrafanna againn ón tréimhse sin.
AÓF: Agus ceapann tú go mbeidh an-éileamh air?
AÓC: Tá an-spéis á cur sa rud cheana féin, bíodh is nach bhfuil sé ach faighte againn féin agus á chur isteach sna siopaí.
AÓF: Cén áit ar féidir le daoine é fháil, mar sin?
AÓC: Sna siopaí ceirníní, nó ar shuíomh gréasáin Ghael Linn, nó is féidir leo bualadh isteach chugainn ag 35 Sráid an Dáma i mBaile Átha Cliath.
Tuilleadh eolais: (01) 405 9026; www.gaellinn.com
Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.