Tá na dánta thíos tógtha as leabhar nua Thomáis Mhic Shíomóin, Na Cathacha Caillte (Coiscéim, €5). Is aistriúchán iad na dánta sa leabhar ar chuid de shaothar an fhile Ernesto Cardenal as Nicearagua.
Duitse, a Chlaudia
Duitse na véarsaí seo, a Chlaudia, iad scríofa go simplí le go dtuigir. Duitse amháin - ach muran spéis leatsa iad a gcling fós ar fuaid na críche cluinfear. Agus más beag leat an grá a bheirim dóibh le fógairt nochtóidh sé i suan an té nach raibh ina dteideal. Agus cá bhfios, a Chlaudia, nach ndúiseoidh na dánta a scríobhas le thú a mhealladh sna leannáin eile a léifeas na póga nár dhúisíos ionat
Feartlaoi Joaquin Pasos
Shiúil tú na sráideanna seo, gan phost, gan peso i do phóca, gan cur amach ar do véarsaí ach ag filí, lucht déirce is striapaigh. Ní rabhais ariamh thar sáile. Anois tá do chónra séalaithe, gan leac cuimhneacháin os do chionn. Ach, meabhraigí eisean nuair a bheas bhúr ndroichid stroighne agaibh, bhúr dtuirbíní móra, bhúr sciobóil airgeata, bhúr ndea-rialtais. Arae, shaothraigh seisean ina dhán friotal feoite an phobail a scríobhfar feasta inti conraí tráchtála, an Bunreacht, litreacha grá, na breithiúnais.
Meabhraigh na béithe
Meabhraigh na béithe breátha a mhair: béithe na Traoi, béithe Acáidhe, béithe Théibeas is Róimh Phróipéirseas. Is an líon nach beag a scaoil tharastu an grá is a shéalaigh; le cianta ní ann dóibh. Id’ spéirbhean inniu ar shráideanna Mhanagua, beidh tusa fós mar iad a mhair san allód, is na stáisiúin artola ina bhfothracha rómánsúla.
Meabhraigh spéirmhná shráideanna na Traoi!
as Amhrán Náisiúnta
An mhaoin náisiúnta dáilithe go cothrom ar chách, Nicearagua gan Garda Náisiúnta, tiocfaidh ár lá: tír gan sceimhle, gan tíorántacht ríorach. Gan sin ar do thrompa, a cháidhe mo thíre:
gan polaiteoir inti, deirceoir ná striapach. Nuair is ann don saibhir, níl ann d’aon saoirse seachas teacht i dtír ar allas na ndaoine - saoirse an tsaibhir le cách a chreachadh;
an chóir ní bhraitear i bpobal na n-aicmí. Ach an duine ní shaolaítear do chuing na daoirse, ná fós don ghlac ná bheith ina shaoiste. A bheith ‘nár mbráithre, is é is dual dúinn.
Ach díolann is ceannaíonn gaimbín daoine. Cén turas é seo? Nó cá’il ár dtriallna? I gcarráistí den Chéad Ghrád nó caite sa Tríú, is an dollar ár dtiomáint go ceann scríbe!
Tá ár nicil ag fanacht le hathnuachan daonna, mahagaine ag fanacht le hathnuachan daonna, beithigh ag fanacht le hathnuachan daonna is tada ar iarraidh ach athnuachan daonna.
Ní foláir dúinn, a bhráithre, an sreang a réabadh, an stair úd a ghearradh nár bhain le héinne seachas le gramaisc teach an mhéirdrigh.
‘Gan an grá, ní ann don Réabhlóid’ - na focla a dúirt bé Chúba i m’éisteacht.
Is crochfad m’fhógra ar an mbealach náisiúnta: ‘Ar an méad a bhaintear ná meastar éinneach; meastar fiúntas ar an méad a bhronntar!’
Is file, scríbhneoir agus eolaí é Tomás Mac Síomóin atá ag cur faoi sa Chatalóin le roinnt blianta anois.