Tá go leor de mhuintir na hÉireann ar nós cuma liom i dtaobh an reifrinn ar ghinmhilleadh de bharr nach bhfuil tuiscint cheart acu ar na ceisteanna casta a bhaineann leis.
»»»Tá go leor deacrachtaí ag baint le pictiúir theilifíse a chraoladh ar an idirlíon. Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar chuid de na slite a bhféadfaí dul i ngleic leis an bhfadhb seo sa ghearrthéarma.
»»»Measann go leor de mhuintir na hÉireann gur luachmhaire an éiceolaíocht agus an timpeallacht ná an Ghaeilge agus an oidhreacht, dar le hEmer Ní Bhrádaigh.
»»»Nuair a bhunaigh Alan Mac Eochagáin, SJ, agus a chomhghleacaithe in Ionad Cumarsáide na nÍosánach suímh urnaithe (ceann i nGaeilge ina measc) i 1999 ba bheag a shíl siad go mbeadh trí mhilliún cuairteoir acu taobh istigh de thrí bliana.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh go mór i gcoinne pholasaithe an rialtais i réimse an spóirt.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cúrsaí faisin.
»»»Labhair Ciara Nic Gabhann le Mark Curran, grianghrafadóir a mbeidh taispeántas dá shaothar le feiceáil i mBaile Átha Cliath i rith mhí an Mhárta.
»»»Téann Beo! ar thuras thart ar chósta na Gaeltachta i spárálaí scáileáin na míosa seo.
»»»Tá cúpla mí caite ag Antaine Ó Faracháin ag eagrú Sheachtain na Gaeilge, a bheas ar siúl idir 10-17 Márta. Tugann sé eolas anseo faoi na príomhimeachtaí a bheas ar siúl i mBaile Átha Cliath i mbliana.
»»»Maraíodh agus gortaíodh go leor páistí le linn na dTrioblóidí sna Sé Chontae. In ainneoin go bhfuil níos lú foréigin ann na laethanta seo, tá go leor deacrachtaí fós ag an dream óg sa réigiún, mar a mhíníonn Robert McMillen.
»»»Áirítear Nuala Ní Dhomhnaill ar dhuine de na filí is tábhachtaí sa Ghaeilge agus tá meas uirthi go hidirnáisiúnta anois. Labhair Éamonn Ó Dónaill léi faoina saol in Éirinn agus sa Tuirc, faoina saothar agus faoin ghalar dubhach.
»»»Bhí Liz Curtis i láthair ag ócáid le déanaí a eagraíodh i mBéal Feirste d’Ambasadóir na Palaistíne in Éirinn.
»»»Measann Roibeard de Búrca go léiríonn na himeachtaí in Allfirst Financial agus in Enron go bhfuil easpa mhór ionracais i margadh airgeadra na Stát Aontaithe.
»»»Tá iarracht á déanamh ag Aire Oideachais na hIodáile, Letizia Moratti, leasuithe móra a dhéanamh ar an chóras oideachais ina iomláine, ach tá formhór na ndaltaí scoile agus na mac léinn an-mhíshásta leis na leasuithe sin. Tuairisc ó Roberta Stefan.
»»»Chuir Príomhaire na hAstráile, John Howard, agus a pháirtí dallamullóg ar phobal na tíre roimh an olltoghchán deireanach maidir le ceist na dteifeach, dar le Paula Kehoe.
»»»Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Noel Ó Gallchóir ar Ghaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Jacqueline Ní Fhearghusa, Gaelscoileanna (Baile Átha Cliath).
»»»Tá an Ghaeilge á labhairt agus á múineadh i gcathracha móra na hAstráile na laethanta seo agus, mar a mhíníonn Marc Ó Conaill, tá tuiscint níos fearr sa tír anois ar an tábhacht a bhaineann le héagsúlacht ó thaobh teangacha agus cultúr de.
»»»Tá an cangarú agus an t-éamú le feiceáil ar armas na hAstráile le breis is céad bliain anois ach d’fhéadfadh athrú teacht ar an armas sin gan mhoill, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Thug Tony Birtill cuairt ar an Ionad Síochána i Warrington le déanaí agus labhair le Colin Parry, ar maraíodh a mhac Tim (12) i mbuama de chuid an IRA sa bhaile sin i 1993.
»»»Fuair Balor neart póg agus barróg le tamall anuas - agus ní mar gheall ar Lá Fhéile Vailintín a bheith ann.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.