Maraíodh agus gortaíodh go leor páistí le linn na dTrioblóidí sna Sé Chontae. In ainneoin go bhfuil níos lú foréigin ann na laethanta seo, tá go leor deacrachtaí fós ag an dream óg sa réigiún, mar a mhíníonn Robert McMillen.
“Daddy, bhí …. agus …. ag snogáil ar scoil inniu.”
“Whaaaaaaaaaa?”
Tá cúpla agam atá ag fágáil na bunscoile lán-Ghaeilge a bhfuil siad ag freastal uirthi le seacht mbliana anuas agus castacht mhorálta na snogála ar a n-intinn. Is maith le duine acu “Home and Away” agus “Eastenders”. Is maith leis an duine eile an stair. Cúpla chomh héagsúil lena bhfaca tú riamh, ach deir siad araon liom nach mbíonn siad féin ag snogáil ar chúl na leithreas ar scoil.
Fásann páistí aníos chomh gasta sin gur doiligh coinneáil suas leo. Buntáiste amháin atá acu faoi láthair ná nach bhfuil an foréigean chomh forleathan is a bhíodh. Ar feadh 30 éigin bliain, bhí páistí ina n-íobartaigh, ina dtrodairí agus ina síochánaithe, agus d’fhág an t-uafás smál ar go leor acu.
Idir 1969 agus 1998, maraíodh 23 páiste idir 0-5 bliana d’aois, 24 idir 6-11 agus 210 idir 12-17. Ach ba é an grúpa ba mhó a d’fhulaing ná gasúraí (den chuid is mó) idir ocht mbliana déag agus trí bliana is fiche d’aois.
Amharc chomh hóg le lucht caite buamaí peitril sna léirsithe is úire i dtuaisceart Bhéal Feirste. Meascán marfach den seicteachas, testosterone, ólachán, leadrán agus bochtaineacht.
Agus ní nach ionadh. Thaispeáin taighde go raibh páistí chomh hóg le trí bliana d’aois ábalta na coincheapa “Caitliceach” agus “Protastúnach” a aithint agus tréithe diúltácha a lua le ceachtar acu.
Glacann páistí barúlacha agus luachanna a dteaghlaigh ach múnlaíonn siad iad de réir a n-eispéiris féin. Cuirtear leis an seicteachas le gach masla, fíor nó bréagach, a thugtar dá bpobal, a gcreideamh, a stair. (Níl mé féin ar dhóigh ar bith seicteach, go bhfios dom, ach in amanna caithfidh mé a rá le mo chuid páistí gan Gaeilge a labhairt agus muid i gceantracha nach mbeadh sé sábháilte í a labhairt iontu. Cad é an pictiúr a chruthaíonn sin den “dream eile”? An bhfuil mé ag caomhnú an tseicteachais? Ar cheart dom ligint dóibh Gaeilge a labhairt ar Bhóthar na Seanchille?)
Sochaí fhearúil
Sochaí fhearúil a bhí riamh i sochaí Thuaisceart na hÉireann, bródúil as neart a luachanna aicme oibre. Agus scéalta fá chathanna glórmhara á n-inse cois teallaigh, ní iontas ar bith go raibh an míleatachas ina ábhar spreagtha ag daoine nuair a iarradh orthu troid ar son a muintire.
Mar a dúirt an taighdeoir Begona Aretxaga: “I dtuaisceart Éireann, tuigtear an stair i dtéarmaí eisíocha - mar chruachás a thugann ciall dá saol, a fhíoraíonn a bpolaitíocht agus a thugann cumhacht chorraitheach dá n-eachtra.”
Is trí scéalta fán Somme nó fá Éirí Amach na Cásca nó Lúnasa 1969 nó imtheorannú nó buama Inis Ceithleann a chaomhnaítear íomhá gach dreama dóibh féin agus dá n-iomaitheoirí.
Ach caithfear cuimhneamh go bhfuil an dúrud páistí nár leag na Trioblóidí a lámh fhuilteach orthu. Tá go leor rudaí eile ag cur imní ar dhaoine óga agus a dtuismitheoirí sna Se Chontae, de réir tuarascála ó Barnardos’s, The Child Action Poverty Group agus an NSPCC.
Tá páiste as gach triúr ina chónaí faoi bhochtaineacht; déantar eigniú ar thriúr páistí gach seachtain; is páistí 26% den dream a éignítear; maraítear nó gortaítear níos mó ná 1,800 páiste gach bliain i dtaismí bóthair; caitear £143 per capita ar sheirbhísí do pháistí Thuaisceart Éireann, £217 a chaitear i Sasana; tá cineál éigin meabharghalair ar 20% de dhaoine óga; caitheann idir 50% agus 70% de pháistí an lucht taistil seal san otharlann am éigin ina n-óige; bíonn 20% de dhaoine óga gan dídean am éigin ina saol; tá rátaí báis de dheasca féinmharaithe níos airde anois ná básanna de dheasca taismí bóthair i measc an aosa óig.
Ach dalta achan rud fá na Sé Chontae, tá an scéal níos casta ná sin. Is iomaí páiste nár mhothaigh uafás na dTrioblóidí mar go raibh siad ina gcónaí i gceantar sábháilte. Na daltaí a n-éiríonn go maith leo ar scoil, éiríonn go fíormhaith leo.
Is gá don rialtas logánta aire níos fearr a thabhairt do na páistí sin a bhfuil ualach an fhoréigin agus na bochtaineachta orthu, agus ag an am chéanna, caithfidh gach pobal ó thuaidh an stair a scaoileadh uathu agus aghaidh a thabhairt ar thodhchaí na bpáistí.
Anois, cad é a dhéanfas mé fán snogáil sin?
Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.