TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Gaelscoileanna
San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Jacqueline Ní Fhearghusa, Gaelscoileanna (Baile Átha Cliath).
- Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise an stiúrthóir ar Ghaelscoileanna agus táim sa phost ó mhí Aibreáin 1992 (beagnach deich mbliana).
- Cathain a bunaíodh Gaelscoileanna agus cé a bhunaigh é? Bunaíodh Gaelscoileanna i gceart i 1973, cé go raibh cruinnithe ar siúl idir múinteoirí agus tuismitheoirí faoin ngaelscolaíocht ó dheireadh na seascaidí. Bunaíodh an eagraíocht i gColáiste Mhuire, Cearnóg Pharnell agus grúpa tuismitheoirí ón scoil a bhí laistiar dá bunú. Ba í Eilis Bn. Uí Riain an chéad Uachtarán ar an eagraíocht.
- Cén fáth ar bunaíodh é? Bhí an seanchóras oideachais trí mheán na Gaeilge ar an dé deiridh ag an am. Ní raibh ach dornán beag scoileanna ag an dá leibhéal ag múineadh trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Bhí múinteoirí díograiseacha i scoileanna eile ag múineadh an oiread ábhar agus ab fhéidir leo trí Ghaeilge - iarsmaí fánacha ón seanchóras scoite amach leo féin. Braitheadh go raibh géarghá le heagraíocht a bheadh in ann a bheith mar ghuth ag na scoileanna a bhí fágtha agus ag an gcúpla ceann nua a bhí ag teacht chun cinn. Bhí gá le heagraíocht a bheadh in ann an córas oideachais trí mheán na Gaeilge a chosaint agus a chur chun cinn nuair a bhí spéis agus dóchas caillte ag formhór an phobail, oideachasóirí, múinteoirí agus lucht polaitíochta sa chóras sin.
- Cén obair a dhéanann Gaelscoileanna anois agus cé mhéad duine atá fostaithe aige? Tá seisear fostaithe ag Gaelscoileanna anois: Stiúrthóir, Leas-Stiúrthóir, Feidhmeannach, Rúnaí agus Beirt Oifigeach Réigiúnda. Tugann Gaelscoileanna cabhair agus tacaíocht do thuismitheoirí/grúpaí pobail gaelscoileanna nua a bhunú. Tógtar na grúpaí sin ón gcéad chéim nuair a chuireann siad glaoch ar an oifig go dtí go mbaineann siad aitheantas sealadach amach ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Tá Gaelscoileanna ansin freisin chun cabhair, comhairle agus tacaíocht a thabhairt do scoileanna nuabhunaithe agus scoileanna seanbhunaithe. Déantar go leor oibre laistigh de scoileanna a bhfuil fadhbanna éagsúla acu, ag cabhrú leo teacht thar na fadhbanna sin, iad a réiteach agus an scoil a fhorbairt mar is ceart. Ceann de na príomhdhualgais atá orainn le blianta beaga anuas ná feidhmiú mar cheann de na comhpháirtithe oideachais i dteannta na n-eaglaisí, an INTO agus Educate Together. Ciallaíonn sé seo go bhfuil ionchur díreach ag an eagraíocht i gcinntí polasaithe a dhéanann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Tá ag éirí linn de réir a chéile dul i bhfeidhm ar an Roinn agus ar na comhpháirtithe oideachais eile.
- Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? Fuair an eagraíocht ardú deontais an bhliain seo caite, 2001, agus ceadaíodh deontas de £250,000 dúinn. Níl airgead na bliana seo socraithe go fóill. Is cinnte gur mhaith linn deontas níos mó a fháil chun cur ar chumas na heagraíochta forbairt agus fás mar atá déanta aici le bliain anuas. Mar sin féin, táimid buíoch d’Fhoras na Gaeilge as an deis a thabhairt dúinn an bhliain seo caite cur leis an bhfoireann agus an eagraíocht a fhorbairt.
- Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag Gaelscoileanna? Is dóigh liom go bhfuil Gaelscoileanna ar cheann de na heagraíochtaí is díograisí agus is mó a bhain torthaí amach thar na blianta. Bhíomar ag feidhmiú ar feadh blianta fada ar phinginí agus ar an ngannchuid ó thaobh foirne agus ó thaobh airgead forbartha de. Tháinig feabhas air sin an bhliain seo caite ach táim go láidir den tuairim go raibh sé tuillte go maith againn. Tá seirbhís den scoth, ag tógaint easpa foirne agus easpa airgid san áireamh, á soláthar againn do scoileanna agus don phobal le blianta fada. Tá toradh dochreidte na hoibre sin le feiceáil anois sa mhéid is go bhfuil 141 bunscoil agus 34 iar-bhunscoil ag teagasc trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá 28,501 dalta ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Nílim ag rá gur leor é, ba mhaith liom an figiúr sin a mhéadú fá thrí ar a laghad as seo go ceann deich mbliana, ach fós is éacht ollmhór atá i gceist. Tá sé tábhachtach a aithint chomh maith go bhfuil daoine ag plé leis an ngaelscolaíocht ar bhonn deonach den chuid is mó agus go bhfuil dílseacht dhochreidte ag an-chuid daoine don eagraíocht agus don ghluaiseacht, cé nach bhfaigheann siad pingin as.
- Seachas airgead stáit, an bhfuil aon fhoinse eile airgid agaibh? Níl ach mionairgead eile againn. Íocann na scoileanna €35 mar tháille chlárúcháin.
- An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Braithim go bhfuil na príomhspriocanna go léir bainte amach ag an eagraíocht. Tá gluaiseacht na gaelscolaíochta láidir agus aitheanta anois i measc lucht na Gaeilge agus lucht oideachais araon. Tá an eagraíocht mar ghuth ag tuismitheoirí agus ag na scoileanna féin. Tá líon na scoileanna agus líon na ndaltaí atá ag freastal orthu ag méadú in aghaidh na bliana. Tá córas tacaíochta stáit don ghaelscolaíocht agus do na scoileanna Gaeltachta bunaithe anois, is é sin “An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta”, faoi Alt 31 den Acht Oideachais (1998). Tá an eagraíocht ag obair ar an gcóras tacaíochta sin a bhunú ó 1992. Tá córas nua pátrúnachta bunaithe do ghaelscoileanna nua, is é sin “Foras Pátrúnachta na Scoileanna LánGhaeilge” agus tá beagnach 40 gaelscoil, d’aicmí creidimh éagsúla anois, faoin gcóras pátrúnachta sin. Tá an eagraíocht féin forbartha go dtí an pointe gur féidir seirbhís tacaíochta agus comhleoireachta a sholáthar do scoileanna a lorgaíonn a leithéid. Tá an eagraíocht aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta mar cheann de an comhpháirtithe oideachais agus tugtar deis di tionchar a imirt ar pholasaithe na Roinne.
- Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht? Is dócha gurb é an láidreacht is mó atá ag an eagraíocht ná go bhfuil daoine deonacha den scoth ag plé léi ó bunaíodh í, daoine a raibh fís acu don Ghaeilge agus don ghluaiseacht gaelscolaíochta, daoine a d’oibrigh go dian dícheallach thar na blianta ar bhonn iomlán deonach chun a chinntiú gur tháinig forbairt ar agus fás ar an eagraíocht agus ar an ngluaiseacht. Cé go bhfuil sé baolach ainmneacha a lua, ba mhaith liom cuid de na daoine go raibh mise ag plé leo a lua go sonrach, Dr. Dónall Ó Baoill, Breandán Mac Cormaic, Vivian Uíbh Eachach, Niamh Ní Mhaoláin, Dónal Ó hAiniféin, Micheál Ó Riabhaigh, Lorcán Mac Gabhann, Niall Ó Murchadha, Cathal Ó Donnghaile agus a lán daoine eile a chaith sealanna fada ar Choiste Riartha nó ar Bhord Stiúrtha na heagraíochta. An laige is mó a bhí ar an eagraíocht go dtí seo is dócha ná nár éirigh linn go dtí anois dóthain airgid a fháil chun an eagraíocht a fhorbairt i gceart. An dara laige a luafainn ná nár éirigh linn go dtí seo dul i ngleic i gceart le cúrsaí iar-bhunoideachais agus gur caitheadh go leor ama ag plé leis na gaelscoileanna ag an gcéad leibhéal. Ní raibh rogha ann ag an am, sa mhéid is gur ansin a bhí na fadhbanna agus an brú ach ní mór dúinn anois dul ag obair ar an dara leibhéal mar ábhar práinne.
- Ainmigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Gaelscoileanna faoi cheann cúig bliana. Ba mhaith liom go mbeadh líon na ndaltaí atá ag freastal ar na scoileanna méadaithe go sonrach. Ba mhaith liom a chinntiú go mbeadh leanúnachas níos fearr ón mbunleibhéal ar aghaidh go dtí an dara leibhéal. Caithfear an córas iar-bhunoideachas lánGhaeilge a fheabhsú agus a bhuanú. Ba mhaith liom iarracht a dhéanamh arís na critéir aitheantais a fheabhsú i gcóir gaelscoileanna a bhunú i mbailte beaga.
- Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Baineann m’fhís, is dócha, le cúrsaí oideachais agus le tógáil páistí le Gaeilge mar is leis an dá rud sin is mó a bhím ag plé ar bhonn laethúil. Ceapaim go bhfuil an dá rud sin fíorthábhachtach. Tá dóthain scríofa agam ar cheist an oideachais go dtí seo ach amháin gur gá díriú ar cheist mhúineadh na Gaeilge mar ábhar. Ceapaim gur gá díriú ar cheist páistí a thógáil le Gaeilge mar ábhar práinne. Mura bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar theanga baile laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, ní fiú dúinn a bheith ag caitheamh ár gcuid ama agus ár gcuid fuinnimh ag iarraidh an teanga a chur chun cinn. Creidim féin go láidir gur gá d’Fhoras na Gaeilge agus Comhluadar teacht le chéile chun an cheist seo a chíoradh i gceart. Ceapaim gur gá féachaint chomh maith ar an gceist chéanna sa Ghaeltacht. Tá níos mó eolais le fáil faoi Gaelscoileanna ar shuíomh na heagraíochta: http://www.iol.ie/gaelscoileanna/.