TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAELTACHT BHEO
Gaoth Dobhair
Noel Ó Gallchóir Noel Ó Gallchóir

Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Noel Ó Gallchóir ar Ghaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall.

Íomhá
Seanteach pobail Protastúnach, Dún Lúiche
Grianghraf le caoinchead An Chrannóg
Íomhá
An Gaoth agus an Earagail sa chúlra
Grianghraf le caoinchead An Chrannóg
Íomhá
An radharc ar an fharraige ó Phort Arthur
Grianghraf le caoinchead An Chrannóg

Ceantar fíorálainn suite idir na Rosa agus Cloich Cheannaola, idir sliabh is cladach, i gcoirneál thiar thuaidh Thír Chonaill atá i nGaeltacht Ghaoth Dobhair. Anseo tá áilleacht mara agus tíre. Ó dheas, an Earagail, “Rí na gCnoc”, ina sheasamh go bródúil “ina stua os cionn caor is call” os cionn na codach eile - Taobh an Leithid agus Cró na Leacht ar thaobh amháin agus Sléibhte Dhoire Bheatha ar an taobh eile; Cró Nimhe agus Loch Dhún Lúiche “go ciúin sa ghleann ina luí”. Ó thuaidh, radharcanna aoibhne ó Chnoc Fola; na portaigh, glas le féar is donn le móin; tránna fairsinge ciúine agus céanna beaga seascair ag amharc amach ar na hoileáin, Gabhla, Inis Meáin, Inis Oirthir agus Inis Sionnaigh atá mar a bheadh slabhra ag cosaint na mórthíre ar stoirmeacha agus ar shíon an Atlantaigh.

An t-ainm

Ní raibh Gaoth Dobhair ann mar ainm dúiche ná paróiste ar dtús, ach mar ainm ar an ghaoth/abhainn ónar baisteadh an ceantar, an cainéal nó an t-inbhear farraige idir an pharóiste agus na Rosa, ar a dtugtar an Gaoth go dtí an lá inniu, agus an abhainn, Abhainn Chroithlí, a shileas anuas ó Loch an Iúir. Focal Sean-Ghaeilge ar uisce atá in dobhar agus bhí eolas fada fairsing sna meánaoiseanna ar an ainm Dobhar mar abhainn thábhachtach a bhí mar chrích idir Tír Luighdeach agus Tír Bháineach, Abhainn Chroithlí an lae inniu.

Stair

Ba í an Phlandáil Ultach (1609) a chuir cor i gcinniúint na paróiste. Thug na teaghlaigh Ghaelacha a díbríodh as a gcuid talún méithe fán Lagán agus na ceantair máguaird a n-aghaidh ar thalamh bocht caoráin Iarthar Thír Chonaill. Nuair a shroich cuid acu Gaoth Dobhair, ní fhéadfadh siad a dhul níos faide siar. Ba i dtrátha an ama seo fosta a thosaigh Sasanaigh agus Albanaigh a chur fúthu anseo nuair a roinneadh an “unchartered territory” seo ina bharúntachtaí.

Is cosúil gur beag cónaí a bhí sa pharóiste roimh an 17ú céad. Na chéad daoine a tháinig, chónaigh siad ar na hoileáin nó cois cladaigh sna “cloigíní”, dornán beag tithe déanta i gcuideachta agus ar fhoscadh a chéile.

Go dtí tús an 19ú céad, ní raibh daonra mór sa pharóiste agus is cosúil go raibh cumann maith idir na daoine agus úinéirí na talún.

Ba le teacht na dtiarnaí talún úra sa 19ú céad, go háirithe Lord George Hill (1801-1879) agus a mhac Arthur, a chuaigh saol na ndaoine sa pharóiste chun donais. Thug pobal na paróiste, faoi stiúir an Athar Séamas Mac Pháidín (sagart paróiste 1875-1901), dúshlán na dtiarnaí talún le bunú Chonradh na Talún agus leis an Plan of Campaign. Ba é marú an Mháirtínigh (District Inspector William Martin) taobh amuigh de Theach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga ar an Domhnach, 3 Feabhra 1889 buaicphointe Chogadh na Talún i nGaoth Dobhair.

Na hoileáin

Is fada daoine ina gcónaí ar na hoileáin ar chósta na paróiste. De réir an daonáirimh in 1841, bhí 84 ina gcónaí orthu - 68 i nGabhla, 12 ar Inis Meáin, 4 ar Inis Sionnaigh agus gan duine ná deoraí ar Inis Oirthir. In 1851, bhí 226 agus in 1861, 248 duine. Claonadh iontach neamhghnách a bhí sa mhéadú ollmhór seo sna blianta le linn agus i ndiaidh an Ghorta Mhóir. Is amhlaidh a tharraing cuid mhór teaghlach ar na hoileáin in am an anáis.

Lean an daonra ag méadú. Bhí 169 ar Ghabhla i 1911 agus cé nach bhfuil figiúirí cruinne ar fáil, is cosúil go raibh thar 200 ar an oileán i lár na bhfichidí. Bhí 75 páiste ar bhunscoil dhá oide an oileáin i 1924, an tinreamh ab airde riamh.

Ach ó 1948 ar aghaidh, thosaigh na teaghlaigh a fhágáil Ghabhla agus na n-oileán eile le cur fúthu ar tír mór. Druideadh an scoil i 1966. I 1967, ní raibh ach ceithre theaghlach fágtha.

I 1968, bhí an t-oileán bánaithe. Ba iad na deiseanna úra oideachais agus fostaíochta ar tír mór le cois an tsaoil a bhí crua, agus in amanna tragóideach, a bhí istigh acu a thug orthu a gcuid seolta a thógáil.

Tionsclaíocht

Ba é bunú Eastát Tionsclaíochta an Screabáin i lár na seascaidí an cinneadh eacnamaíochta agus sóisialta ba thábhachtaí a rinneadh i stair Ghaoth Dobhair. Is ag smaoineamh ar dhóigh chuí le cuimhneachán a dhéanamh ar Éirí Amach 1916 a bhí na fir ghnó a cheannaigh 200 acra caoráin agus a dhíol le Gaeltarra Éireann é i 1967. Thug an Screabán rathúnas chun na háite, chomh maith le maolú a chur ar an imirce agus teaghlaigh go leor a thabhairt chun an bhaile ón Bhreatain.

Bhí thar 1,000 duine fostaithe i monarchana na paróiste le scór bliain, agus na céadta eile ag gnóthú go hindíreach. Le cúpla bliain anuas, tá an bhróg ag teannadh ar na comhlachtaí seo, agus b’éigean daofa oibrithe a ligint chun bealaigh nó iad a chur ar uaireanta laghdaithe.

Ceol

Gidh gur beag am a bhí ag an Athair Mac Pháidín don cheol dúchasach ag deireadh an naoú céad déag, bhain an Píobaire Mór, Tarlach Mac Suibhne, clú agus cáil amach sa bhaile agus i gcéin. Réitigh Síle Mhicí Uí Ghallchóir, Annie agus Cití Eoghain Éamoinn Ní Ghallchóir agus go leor eile an bealach do cheoltóirí móra an lae inniu a bhfuil aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta faighte acu: Enya, Máire Ní Bhraonáin agus Clannad, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Altan, Na Caisidigh, agus Aoife Ní Fhearraigh.

An bhfuil paróiste eile sa tír (nó sa domhan!) as a dtáinig amhránaithe chomh binn agus chomh cumasach?

An Ghaeilge

Is é Gaoth Dobhair croílár Ghaeltacht Thír Chonaill, ceann de phríomhcheantair Ghaeltachta na tíre. Labhartar an Ghaeilge go forleathan in achan chuid den pharóiste. Tagann suas le 2,000 déagóir ó na ceithre hairde ag triall go “Gaeltacht Gheal Ghaoth Dobhair” achan samhradh le freastal ar chúrsaí Choláistí Cholm Cille agus an Phiarsaigh. Tagann cúpla céad duine fásta ó achan chearn den tír agus den domhan chuig cúrsaí na Crannóige (www.crannog.ie), agus chuig cúrsaí Ghael-Linn agus Choláiste an Phiarsaigh i bPobalscoil Ghaoth Dobhair.

Is trí mheán na Gaeilge atá an teagasc ar fad i mbunscoltacha na paróiste agus sa Phobalscoil. Beidh na cúrsaí ar fad san ollscoil úr, atá á bunú ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh go luath, trí mheán na Gaeilge chomh maith.

Is i nGaoth Dobhair atá cuid mhór d’oifigí réigiúnacha agus náisiúnta eagraisí éagsúla lonnaithe - Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, TG4, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, Meitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG) agus araile. Is i nGaeilge a léitear na hAifrinn uilig i séipéil Chaitliceacha na paróiste.

Mar sin féin, tá go leor de bhunadh an cheantair nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, nó nach bhfuil sí acu ar chor ar bith. Mheall an fhorbairt thionsclaíoch cuid mhór Béarlóirí chun an cheantair. Phill cuid mhór de bhunadh na háite chun an bhaile le clann a thógáil ar fhód a ndúchais agus go minic is Béarla a bhíonn ag duine de na tuismitheoirí agus ag na páistí. Is i mBéarla ar fad, beagnach, atá gnó na mbancanna sa pharóiste.

Tá na hinstitiúidí stáit ag brú Béarla de shíor ar phobal na Gaeltachta, mar shampla Bord Sláinte an Iar-Thuaiscirt, An Chomhairle Contae, An Roinn Dlí agus Cirt, agus a macasamhail. Tá muid ag dul i dtreo an dátheangachais de réir a chéile. Tá seo le feiceáil i measc aosa óig an phobail. Gidh gur í an Ghaeilge an ghnáth-theanga teallaigh i mórchuid na dteaghlach sa pharóiste, is i mBéarla ar fad beagnach a dhéanann an t-aos óg cumarsáid le chéile. Ní dóigh le déagóirí na Gaeltachta inniu go bhfuil an Ghaeilge cool go leor. Dar ndócha, níl an saibhreas ná an cruinneas ina gcuid Gaeilge nuair a labhrann siad í.

cúntóirí teanga fostaithe anois i mbunscoltacha na paróiste agus is ábhar dóchais é seo. Agus pilleann cuid mhaith den aos óg ar a dteanga dhúchais nuair a osclaíonn an saol agus an t-oideachas tríú leibhéal a gcuid súl daofa.

Taraigí anseo …

Cé go bhfuil Gaoth Dobhair suite i gcoirneál thiar thuaidh na hÉireann, níl an ceantar chomh scaite agus a bhí san am a chuaigh thart. Tagann eitleán de chuid Aer Árann (www.aerarann.ie) ó Bhaile Átha Cliath go Carraig Fhinne (trasna an uisce ó Ghaoth Dobhair) achan lá. Tagann busanna Mhic Fhionnaoile cúpla uair sa lá ón phríomhchathair go Gaoth Dobhair, bus Shéamais Uí Dhomhnaill ó Bhéal Feirste agus busanna Feda Uí Dhónaill as Gaillimh.

Tá scoth na dtithe ósta agus na dtithe lóistín sa pharóiste agus conarthaí go leor á dtairiscint ag Gaelsaoire (www.gaelsaoire.ie), samhradh agus geimhreadh. Tagann na sluaite go Gaoth Dobhair i ndúlaíocht an gheimhridh le freastal ar Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy, agus i lár an tsamhraidh le háilleacht an cheantair Ghaeltachta seo a bhlaiseadh.

Is as Gaoth Dobhair ó dhúchas é Noel Ó Gallchóir. Is é príomhoide Phobalscoil Ghaoth Dobhair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.