Tá go leor de mhuintir na hÉireann ar nós cuma liom i dtaobh an reifrinn ar ghinmhilleadh de bharr nach bhfuil tuiscint cheart acu ar na ceisteanna casta a bhaineann leis.
De réir dhlí na hÉireann faoi láthair, tá cead ag bean ginmhilleadh a fháil más féidir léi féin nó le dochtúir a chruthú go bhfuil sí chun lámh a chur ina bás féin de bharr an struis a bhraitheann sí. Tháinig an léamh seo ón chás cáiliúil X nuair a cuireadh cosc ar bhean óg dul go Sasana le ginmhilleadh a fháil i dtús na nócháidí. Tá rialtais faoi bhrú ó shin leasú a dhéanamh ar an lúb ar lár seo sa bhunreacht le daingniú a dhéanamh ar dhlí na tíre ionas nach mbeadh aon cheist faoi ghinmhilleadh de chinéal ar bith a bheith ar fáil ach i gcásanna ar leith.
Tá an taobh eile den argóint sa reifreann déanta suas de ghrúpaí éagsúla, cuid acu ag rá nach bhfuil sé ceart ginmhilleadh a cheadú in aon chás, agus cuid eile ag maíomh nach bhfuil an moladh leathan go leor, gur cheart go mbeadh cead a cinn ag an bhean aon rogha is mian léi a dhéanamh i gcás an ghinmhillte.
Ach is casta an scéal é. Is léir go bhfuil mearbhall ar an chuid is mó de mhuintir na hÉireann faoin reifreann ar an 6 Márta. Tá mearbhall orthu de bharr go bhfuil, sa chéad chás de, an Rialtas, an Eaglais Chaitliceach agus go leor eile i bhfábhar an daingniú dlí a chur i bhfeidhm (mar gheall ar léamh na cúirte ar chás X) ach, os a choinne sin, go bhfuil páirtithe an fhreasúra ina aghaidh, chomh maith le grúpaí dlí agus ar a laghad beirt de na heaspaig Chaitliceacha, nach bhfuil sásta go bhfuil an moladh daingean go leor. Tá cuid de na heaspaig ag rá gur cheart a chinntiú go mbeadh cosc ar phiollaire na maidine dár gcionn, piollaire a bheidh ceadaithe má ghlactar le moladh an reifrinn. Beidh an ginmhilleadh ceadaithe fosta i gcás ban a bheas i mbaol báis le linn na breithe.
Tá síciatraithe, dochtúirí agus dlíodóirí ar an dá thaobh den argóint. Tá an freasúra ag maíomh nár cheart go mbeadh aon reifreann ann, gur féidir na fadhbanna a réiteach le reachtaíocht Oireachtais.
Leis an scéal a dhéanamh níos casta fós, d’eisigh triúr máistrí sna hospidéil is mó máithreachais sa tír ráiteas ina ndúirt siad gur cheart glacadh le moltaí an rialtais ach go mbeadh gá le reifreann eile le cinntiú go mbeadh cead ginmhilleadh a fháil i gcás faidhbe géinití nó nuair a fhaigheann an gin bás roimh an bhreith.
Tá an scéal chomh casta in intinn mhuintir na hÉireann anois go meastar nach dtiocfaidh ach 30% amach le vóta a chaitheamh agus go dtabharfaidh an chuid is mó acu a dtacaíocht dá bpáirtí polaitiúil féin mar chomhartha dílseachta.
Gan amhras, síleann go leor de phobal na tíre gur cur i gcéill é reifreann a bheith ann agus gan iarracht cheart a bheith déanta dul i ngleic le fadhb atá ann le fada: na mílte bean a bheith ag triall ar Shasana chun ginmhilleadh a fháil. Deirtear go bhfuil ar a laghad 7,000 bean á dhéanamh seo in aghaidh na bliana ach is cinnte go bhfuil an figiúr cruinn i bhfad níos airde.
Seo an dara huair le bliain anuas a bhfuil aineolas agus éiginnteacht i measc an phobail roimh reifreann. Dhiúltaigh muintir na hÉireann do Chonradh Nice agus mhaígh suas le 60% nár thuig siad na ceisteanna ba lárnaí i gceart.
Seo an córas daonlathais ag oibriú in Éirinn ach is léir go bhfuil níos mó fadhbanna á gcruthú ná a réiteach!