Thug Tony Birtill cuairt ar an Ionad Síochána i Warrington le déanaí agus labhair le Colin Parry, ar maraíodh a mhac Tim (12) i mbuama de chuid an IRA sa bhaile sin i 1993.
Beidh paráid Lá Fhéile Pádraig i Warrington, Sasana, mar is gnách i mbliana, ón Chlub Éireannach go dtí an teach pobail.
Bhí mé ansin i 1993, cúpla lá sular phléasc dhá bhuama de chuid an IRA i measc na ndaoine a bhí ag siopadóireacht ar an phríomhshráid, Dé Sathairn, 20 Márta. Gortaíodh 56 duine agus maraíodh Jonathan Ball, trí bliana d’aois.
Bhí fearg ar mhuintir na háite, ar ndóigh, agus rinneadh coirloscadh ar an Chlub Éireannach, áit a bhfuil seanchara de mo chuid, an Conallach Jimmy Murray, ina bhainisteoir. Chuaigh rudaí in olcas cúpla lá ina dhiaidh sin nuair a fuair leaid óg eile a gortaíodh sa phléasc, Tim Parry, dhá bhliain déag, bás fosta.
Ach ansin labhair a thuismitheoirí, Colin agus Wendy, ar an teilifís i nguth suaimhneach faoin mhac iontach a bhí caillte acu, agus d’iarr siad ar mhuintir na háite gan a bheith feargach.
D’fhás an ghluaiseacht síochána The Warrington Campaign ón phointe sin, agus tá obair leanúnach ar siúl ag Colin agus Wendy agus a lán daoine eile don fheachtas ó shin. Thug mé cuairt ar The Warrington Peace Centre (www.childrenforpeace.org) ar na mallaibh chun labhairt leo faoin obair sin.
Bhí buamaí in a lán áiteanna i Sasana, ar ndóigh, ach cén fáth a raibh muintir Warrington chomh dearfach faoin tubaiste ina mbaile féin, a d’fhiafraigh mé de Colin Parry.
“Is buille trom, millteanach é mac a chailleadh. Bíonn an méid sin bróin ort nach mbíonn spás ar bith ionat d’fhearg ná do mhothúchán ar bith eile. Bhí tuismitheoirí Johnathan Ball mar a gcéanna agus nuair a chonaic daoine eile, b’fhéidir daoine gan an méid céanna péine nó fulaingthe ina saol, nach raibh muid ag tabhairt amach ná ag iarraidh díoltais, ghlac siad ár sampla,” a dúirt sé liom.
An tIonad Síochána
Is foirgneamh iontach é an tIonad Síochána, é déanta as adhmad agus i gcruth toinne. “Tá an cruth bunaithe ar an dealbh ‘The River of Life’ atá suite ar Bridge Street, áit ar phléasc an buama i Warrington,” a dúirt Lynn Hitchen liom. Tá sise ag obair le ceann de na tionscadail éagsúla atá ar siúl san ionad. D’oibrigh na Parrys agus an NSPCC as lámh a chéile chun an t-ionad a thógáil, a d’inis sí dom, agus mar sin bíonn sé lán daoine óga an chuid is mó den am. “Ionad buail isteach atá ann - tá polasaí dorais oscailte againn do dhaoine óga. Tá Club Óige Warrington lonnaithe anseo agus is féidir le grúpaí as Sasana agus as Éirinn fanacht san áit - tá 59 leaba againn. Bhí grúpa ó Chloch Mhic Coisteala, Co. Aontroma anseo ar na mallaibh agus eagraíonn muid comórtais spóirt, díospóireachtaí agus imeachtaí sóisialta,” a dúirt sí.
Is é an cuspóir atá acu ná daoine óga ó Shasana, na Sé Chontae agus an Phoblacht a thabhairt le chéile agus tuiscint agus cairdeas a chruthú eatarthu. Bíonn déagóirí ó Warrington ag fanacht i nGleann Croí, Contae Chill Mhantáin agus ar an Ómaigh agus beidh comhdháil mhór do dhaoine óga san Ionad Síochána i mí an Mhárta. Tá a suíomh gréasáin lán scéalta ó dhaoine óga a ghlac páirt in imeachtaí dá gcuid.
Labhair mé ansin le Joe Dover agus Bob Rathmill atá ag obair ar thionscadal nua darb ainm ‘The Legacy’. “This programme will identify and meet the needs of Great Britain-based victims of the Northern Ireland Troubles,” a deir bileog eolais a thug siad dom. “Tá muid ag caint faoi shibhialtaigh agus saighdiúirí, daoine ó na seirbhísí éigeandála, teaghlaigh saighdiúirí, daoine a gortaíodh in ionsaithe buamaí, daoine atá díbeartha as Tuaisceart na hÉireann agus mar sin de,” a dúirt Joe Dover liom.
“Seisear Birmingham agus Ceathrar Guildford?” a d’fhiafraigh mé díobh.
Bhí tost lán d’aiféaltas ann agus ansin dúirt Bob Rathmill liom: “The Legacy People in Northern Ireland felt they were external to the target group. They got massive compensation, lots of free counselling, etc.”
Chuir mé in iúl don bheirt acu gur shíl mé go raibh an bharúil seo an-chlaonta ar fad, ach ní raibh siad sásta bogadh ar chor ar bith. Thosaigh mé ag smaoineamh ansin ar mo thuras go dtí an t-ionad. Chonaic mé dealbh mhór d’Oliver Cromwell i lár an bhaile agus tá an t-ionad féin suite os comhair Cromwell Avenue (www.streetmap.co.uk).
“An raibh mé ag piocadh suas teachtaireachtaí contráilte ón áit?” a d’fhiafraigh mé díobh.
“Bhí Oliver Cromwell ina chónaí i Warrington i rith an chogaidh chathartha. Tá a theach, a bhfuil comhartha air, le feiceáil i lár an bhaile. Tá a fhios againn go raibh sé go dona in Éirinn, sin an fáth ar thug muid ‘Peace Drive’ ar an chuid seo de Cromwell Avenue,” a dúirt siad liom.
Cuairt Martin McGuinness
Thug Martin McGuinness cuairt ar an áit roimh Nollaig 2001 nuair a bhí páistí ón Ómaigh, Corcaigh agus Warrington ag glacadh páirte i gceolchoirm le chéile. Bhuail sé le Colin agus Wendy Parry agus tuismitheoirí Johnathan Ball. Labhair siad le chéile go príobháideach ar feadh uair an chloig faoin phróiseas síochána. An raibh an cruinniú seo deacair dóibh, a d’fhiafraigh mé de Colin Parry.
“Bhí imní orm roimh ré fá dtaobh de, ach nuair a bhí muid istigh ag caint leis bhog an comhrá ar aghaidh gan stró. Ní raibh adharca air! Sílim go bhfuil sé ionraic faoin phróiseas síochána agus an saol atá aige anois,” a dúirt sé liom.
Fear é Colin Parry atá sásta labhairt le duine ar bith faoin tsíocháin. Bhí sé le feiceáil cúpla bliain ó shin ar chlár faisnéise ar an teilifís ag déanamh iarrachta labhairt le saighdiúir ó arm Shasana i mBéal Feirste. “Fuck off,” a dúirt a saighdiúir leis. Ach ansin bhí aithne ag saighdiúir eile ar Colin agus dúirt sé: “Aren’t you the guy from Warrington?”
“Ghabh an t-arm leithscéal go hoifigiúil linn ina dhiaidh sin agus fuair muid cuireadh cuairt a thabhairt ar an bheairic. Chaith muid lá ansin agus caithfidh mé a rá go ndearna siad jab maith leis an chaidreamh poiblí an lá sin. Ag deireadh an lae, is Sasanach mé agus is iadsan m’armsa,” dúirt sé liom.
Bíonn Colin agus Wendy in Éirinn go minic - agus tá ceangal ar leith acu leis An Ómaigh. “Tá sé cosúil le Warrington, baile beag gan tábhacht. Fuair naonúr páistí bás ansin i measc na ndaoine eile agus d’fhulaing muintir na háite mar a d’fhulaing muidne,” a dúirt Colin liom.
Agus an bhfuil difear déanta ag an Warrington Project don scéal? “Sea,” a dúirt sé liom. “Ní hé ‘AN difear’, ach difear ar aon nós. Fuair muid na mílte litir ó Éirinn tar éis na mbuamaí agus ba léir go raibh tionchar ag ár bhfeachtas. Dúirt daoine ó na rialtais i mBaile Átha Cliath agus i Londain liom go pearsanta go raibh tionchar againn ar a gcuid iarrachtaí teacht le chéile chun réiteach a fháil.”