Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cúrsaí faisin.
Bhí Fiachra ina sheasamh ag stad na mbus ag fanacht lena dheartháir. Ba sin a chuid den tsaol, dar leis, a bheith i gcónaí ag fanacht lena dheartháir. Bhí a dheartháir ag siúl na gceithre hairde agus bhí seisean ina shuí ar a thóin sa bhaile.
“Seo isteach an bus anois,” arsa Fiachra leis féin. “Siúd é ina shuí sa tsuíochán deireanach.” Thóg sé a lámh agus chuir Féilim suas a ordóg mar fhreagra air.
Tháinig Féilim den bhus agus cruit air leis an ualach a bhí sé ag iompar.
“Caithfidh sé go bhfuil an mála sin lán bronntanas, nó an bhfuil tú ag fuadach mná ann?” arsa Fiachra. “Cad é faoi Dhia atá istigh ansin agat?”
“Caith thusa sé mhí i gCeanada agus beidh lód chun an bhaile leat fosta. Bhí an oiread sin fuachta ann gurbh éigean domh a dhul amach agus moll mór éadaí úra a cheannacht. Níl fuacht ar bith sa tír seo le taobh Cheanada,” arsa Féilim.
“Má bhí sé chomh fuar sin, shílfeá go bhfóirfeadh sé duit an chloigeann bhréa gruaige a bhí ort sular imigh tú a choinneáil. Choinneodh sé na cluasa te cibé. Níl ribe féin ort anois,” arsa Féilim agus é ag amharc ar Fhiachra a raibh gach ribe ar a cheann gearrtha isteach go dtí an dúid aige.
“Órú, fuacht nó fuacht, a Fhiachra, caithfidh tú siúl leis an fhaisean,” arsa Féilim.
“Beidh mé maol luath go leor,” arsa Fiachra. “Tá an bhlagaid sa dream againn, tá a fhios agat. Tá sé uilig romhainn.”
“Nach sin mar is fearr é,” arsa Féilim. “Ní aithneoidh aon duine go bhfuil mé ag tanú nuair a thig sé.”
“Ó, chím anois é. Sin do chleas,” arsa Féilim agus é ag gáirí.
Agus ba mar sin a bhí an saol i gcónaí idir Fiachra agus Féilim agus iad ag spóchadh as a chéile agus gach re duine acu ag tabhairt comhairle nach raibh an fear eile ag iarraidh a chluinstin. Chuirfeadh sé lán a chraicinn d’iontas ar Chian dá gcuirfeadh Fiachra lá suime i gcúrsaí éadaigh nó faisin. D’éirigh Fiachra ar maidin, tharraing air a cheirteacha agus ba sin é. Cineál hipí úr a bhí ann agus is minic a bhí Féilim sna beanna aige agus é ag iarraidh cuma inteacht a chur air agus iad ag dul amach ar thóir ban. Ach cibé an cinéal ádh a bhí ar Fhiachra, is léir nár chuir na mná suas don chuma a bhí air. Bhí bean inteacht i gcónaí crochta as.
Ní raibh Fiachra dall ar an mheas a bhí ag Féilim ar a chuid éadaí agus ní bheadh an fear céanna ar chúl na sceiche faoina inse dó ach an oiread. Ach chinn Fiachra i bhfad ó shin nach mbeadh Féilim mar údar aige sna cúrsaí seo. Bhí an saol ag dul thairis aniar agus níor mhian le Fiachra é a chaitheamh á bhuaireamh féin fá cé acu a théann léine ghlas le briste gorm. Nár chuma sa tsioc.
Bhí suim ag Féilim i gcónaí san éadach agus bhí siad siúd ann a shíl gur chothaigh sé an tsuim sin siocair go bhfuair sé an ceann caol den mhargadh ó thaobh na dóighiúlachta de. Agus ba chuma geamhar nó grágán a bheith ar Fhéilim b’fhearr leis na mná Fiachra má bhí rogha le déanamh.
“Ar inis mé duit,” arsa Féilim nuair a fuair siad a fhad leis an árasán, “go bhfuair mé cnap mór dlúthdhioscaí nuair a bhí mé thall agus MP3 fosta. Beidh muid ábalta ceol a tharraingt anuas ón ríomhaire anois.”
Chomh luath géar is a bhí a mhála buailte aige ar urlár an árasáin, siúd anonn é chuig an seinnteoir ceoil agus chuir isteach dlúthdhiosca.
“Fan go gcluinfidh tú seo,” arsa Féilim. “Níor chuala tú a dhath ariamh cosúil leis. Cá bhfuil na cnaipí lena chur siar agus aniar? Tá mé ag iarraidh amhrán a trí a bhualadh duit.”
“Thíos ansin ag bun an tseinnteora, ar thaobh na láimhe deise,” arsa Fiachra.
“Chím anois iad,” arsa Féilim.
Leis sin lig cailleach inteacht racht a bhainfeadh blaosc do chinn duit.
“’Íosa Críost,” arsa Fiachra, “cad é an rud sin?”
“Nach maith leat í?” arsa Féilim. “Fan, bhail, go gcluinfidh tú an ceann seo.”
Char callán ariamh é gur bhuail Féilim an dara hamhrán. “Bhail?” arsa Féilim.
“Bheifeá tamall ag teacht isteach air,” arsa Fiachra.
“Cá gcuirfidh mé na dlúthdhioscaí eile seo agus an MP3? Fágfaidh mé agat tamall anois iad,” arsa Féilim.
“Cuir na dioscaí ar an tríú seilf anuas, an ceann a bhfuil na dioscaí eile air, agus cuir an MP3 ar an tseilf is faide suas, sa bhosca dearg sin,” arsa Fiachra.
“Anseo?” arsa Féilim agus é ag síneadh.
“Sé,” arsa Fiachra. “Thig glas a chur ar an bhosca sin agus beidh sé de dhíth nó ní thig leat a dhath a ligean síos sa teach seo.”
“An bhfuil cuimhne agat ar an téip sin a rinne tú domh sular imigh mé?” arsa Féilim.
“An bailiúchán?” arsa Fiachra.
“Sé,” arsa Féilim. “D’éist mé an oiread sin leis ar an steirió pearsanta go ndeachaigh sé chun aimhréitigh sa deireadh. B’éigean domh a chaitheamh amach.”
“Nach tú an clabhstar,” arsa Fiachra. “Bhí mé dhá lá á chur sin le chéile.”
“Tú féin is ciontaí. Chuir tú amhráin rómhaith air,” arsa Féilim. “Éist, tá mo ghoile thiar ar mo dhroim. An bhfuil greim bí sa teach?” ar seisean agus é ag éirí le dhul i dtreo na cistine.
“Ná corraigh,” arsa Fiachra. “Gheobhaidh mise é. Ní achan lá a philleann do dheartháir ó Cheanada.”
Shuigh Féilim siar go sómasach agus gáire go cluas air. Nuair atá deireadh ráite, ar sé leis féin, is beag an deor fola nach teo é ná an t-uisce.
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.