AR NA SAOLTA SEO
Ag spreagadh drochmheasa agus míthuisceana i measc an phobail
Paula Kehoe Paula Kehoe Paula Kehoe

Chuir Príomhaire na hAstráile, John Howard, agus a pháirtí dallamullóg ar phobal na tíre roimh an olltoghchán deireanach maidir le ceist na dteifeach, dar le Paula Kehoe.

Íomhá
Agóid i gcoinne pholasaí rialtas na hAstráile i leith na dteifeach
Íomhá
Taobh istigh de Champa Woomera
Íomhá
Taobh istigh de Champa Woomera

Bhuaigh John Howard agus a chomhrialtas coimeádach an t-olltoghchán san Astráil don tríú huair i mí na Samhna 2001 ar mhuin na dteifeach. Fuarthas amach le deireanaí gur chuir siad dallamullóg ar vótóirí na hAstráile. Tá binse fiosraithe ar siúl faoi láthair.

Is cúis náire é gur ghlac cuid mhaith vótóirí go réidh le “seasamh láidir” an rialtais maidir le teifigh agus le teorainneacha na hAstráile ar an gcéad dul síos. Is i mbun geáitsíochta a bhí na Liobrálaigh agus an t-olltoghchán ag druidim leo, rud a bhí soiléir ag an am, agus mar is eol dúinn uilig anois, d’inis John Howard agus a Airí bréaga chun buntáiste polaitiúil a bhaint as cás na dteifeach. Ní ar scáth a chéile a mhaireann daonnacht agus polaitíocht. Ach creideann daoine cibé scéal is binn leo, mar a léiríodh sa chás seo.

Ar dtús, rinneadh “géarrchéim” as scéal an Tampa, an long lastais as an Iorua a tharrtháil níos mó ná 400 duine arbh Afganastánaigh an chuid ba mhó acu. Chuaigh a mbád go tóin poill agus iad ar an mbealach ón Indinéis go dtí an Astráil ag lorg tearmainn. Níor ligeadh isteach sa tír seo iad cé gur bheag nár bádh iad, idir fhir, mhná agus pháistí, agus cé gur thréig siad tír mar ar ciapadh go dona iad.

Ní i bhfad roimhe sin a leag sceimhlitheoirí ón Meánoirthear an dá thúr i Nua-Eabhrac. Faoin drochspéir sin chuir an rialtas síolta na heagla go domhain sa toghlach. Cuireadh in iúl go mb’fhéidir gur sceimhlitheoirí iad cuid de lucht an Tampa. Nárbh as an Afganastáin iad? Go fiú murab ionann teifeach agus sceimhlitheoir d’eirigh leis an rialtas iad a cheangal le chéile, cé gur beag fianaise a bhí le fáil faoi sin agus faoi scéalta eile a cuireadh ina leith.

Líomhaintí

Rinne John Howard deimhin dá lucht tacaíochta nuair a chuir sé i leith na dteifeach i mbád eile gur chaith siad páistí isteach san fharraige ag súil go dtabharfaí i dtír iad de bharr a gclann a bheith i gcontúirt. Ba léir ag an am gur beag cruthúnas a bhí ag an rialtas leis na líomhaintí seo, agus nuair a ceistíodh iad, tugadh dhá ghrianghraf do na meáin chumarsáide in éineacht le físeán ar dhrochchaighdeán chun an scéal a dheimhniú.

Ba é Cabhlach na hAstráile a thug an scéal seo don rialtas, agus chuir John Howard agus a Airí in iúl nach raibh cúis amhrais acu maidir le firínne an scéil. Dúirt Howard go húdarásach mí roimh an olltoghchán: “Ní theastaíonn uaim go dtiocfadh daoine mar sin go dtí an Astráil. Ní dhéanfadh fíortheifigh a leithéid.”

Agus arís cúpla lá roimh an olltoghchán: “Déarfaidh muidne cé a thiocfaidh go dtí an tír seo agus cén uair a thiocfaidh siad. Ní hiad a leithéidí siúd a theastaíonn uainn sa tír seo.” Tá a fhios againn anois nár tharla an eachtra seo ar chor ar bith. Níor caitheadh páistí isteach san fharraige. De réir na fianaise atá anois ann dúradh é seo le rialtas Howard beagnach mí roimh an olltoghchán, díreach tar éis dóibh na líomhaintí a dhéanamh, ach theip orthu é sin a chur in iúl don phobal. Tógadh na grianghraif agus an físeán tar éis don bhád úd dul go tóin poill. D’éirigh leis an rialtas diabhail a dhéanamh de na teifigh agus sochar a bhaint as a gcrá.

Ón olltoghchán i leith is chun donais a chuaigh scéal na dteifeach sa tír seo. Cuireadh lucht an Tampa agus eile chun oileáin iargúlta san Aigéan Ciúin le haghaidh próiseála. Idir an dá linn chuaigh lucht cuardaithe tearmainn atá á gcoinneáil go héigeantach san Astráil ar stailc ocrais mar agóid in aghaidh dhrochstaid na n-ionad coinneála agus chun brú a chur ar an rialtas eolas a thabhairt dóibh maidir le stádas a n-iarratas víosa.

D’fhuáil go leor teifeach a mbeola le chéile le sreang mhiotal in ionaid ar fud na tíre chun cur in iúl go soiléir nach rabhthas ag éisteacht leo. Bhagair déagóirí istigh go gcuirfeadh siad lámh ina mbás féin, chaith fear amháin é féin isteach sa tsreang rásúir atá timpeall ar na hionaid agus gortaíodh go dona é dá bharr. Impíodh ar an rialtas na hionaid choinneála a dhúnadh ar mhaithe le cearta daonna ach níor bhog siad óna seasamh cruachroíoch.

Seo ceannaireacht den saghas a spreagann drochmheas agus míthuiscint i measc an phobail i dtír nach fada ón White Australia Policy í ó thaobh na staire de. Bunaíodh an choilíneacht seo ar phríosúnacht, ar chiníochas agus ar chinedhíothú. Tá muid dlúthcheangailte leis an stair sin agus caithfear aghaidh a thabhairt uirthi, rud a dhiúltaigh John Howard a dhéanamh; agus tá sé ag diúltú don fhírínne go fóill.

Is de shliocht Éireannach í Paula Kehoe agus rugadh í i Melbourne na hAstráile. Chaith sí seacht mbliana ina cónaí in Inis Mór, Inis Oírr agus Gaillimh. Rinne sí Dioplóma sa Léann Ceilteach in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus d’oibrigh sí le Nuacht TG4. D’fhill sí ar an Astráil bliain ó shin agus tá sí ag obair anois le Raidió SBS (Séirbhís Craolacháin Speisialta) mar chraoltóir ar “Clár na Gaeilge”.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.