Níl sé ciallmhar neamhaird a thabhairt ar an chiníochas agus ar cheisteanna eile a bhaineann leis an inimirce.
»»»Ba bhreá le Robert McMillen éirí as rudaí diúltacha a scríobh sa cholún seo ach, mar a mhíníonn sé anseo, tá sé deacair a bheith dearfach faoi láthair sna sé chontae.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cúrsaí grá.
»»»Mar spárálaí scáileáin na míosa seo tá pictiúir as Machaire Rabhartaigh, baile beag in aice le Gort an Choirce in iarthuisceart Dhún na nGall. Tá áit bhreithe Mhicí Mhic Gabhann, údar “Rotha Mór an tSaoil”, lonnaithe sa bhaile seo. Is féidir cuairt a thabhairt uirthi i rith an tsamhraidh.
»»»Cé nár maraíodh duine ar bith sna tinte móra a bhí in oirthear na hAstráile tar éis na Nollag, rinneadh a lán dochair don timpeallacht. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin
»»»Ag ócáid i mBaile Átha Cliath ag tús mhí Eanáir, rinneadh an ceangal stairiúil idir an iománaíocht agus Coláiste Ríoga na Máinlianna a chomóradh. Tuairisc ó Cholm Mac Séalaigh.
»»»Chaith Emer Ní Bhrádaigh lá Nollag sa phríosún. Míníonn sí in alt na míosa seo conas a tharla sé sin.
»»»Féachann Éamonn Ó Lionnáin chun tosaigh go dtí an t-olltoghchán a bheas ann i gceann cúpla mí agus ar na féidearthachtaí atá ann ó thaobh comhrialtais de.
»»»Tá Mary Beth Taylor ag obair in ionad sláinte i Washington DC do dhaoine as Meiriceá Laidineach. Tá na deacrachtaí céanna ag cuid othar an ionaid sin is atá ag daoine ar ioncam íseal ar fud na Stát Aontaithe.
»»»Bíonn ar Liz Curtis aghaidh a thabhairt ar an chlub Gaeilge Sult nó ar Bhaile Átha Cliath ó am go chéile nuair is mian léi teitheadh ó na círéibeacha agus ón seicteachas.
»»»Tá aithne ag an saol mór ar Dhiarmuid de Faoite mar Jack i sobalchlár TG4, “Ros na Rún”. Mhínigh sé d’Éamonn Ó Dónaill cén chaoi a ndeachaigh sé leis an aisteoireacht agus labhair sé faoina shaol os comhair na gceamaraí.
»»»Labhair Eva Stack le Breandán Ó hEadhra, duine den bheirt atá i mbun eagrú Féile 2002 a bheas ar siúl i nGaillimh i mí an Mhárta.
»»»Beidh sé roinnt blianta sula bhfeicfidh an foclóir nua Béarla - Gaeilge solas an lae. Measann Brian Ó Broin gur cheart tabhairt faoi obair eile idir an dá linn le déanamh cinnte go bhfuiltear ag freastal ar lucht léite agus scríofa na Gaeilge.
»»»Níl Cóilín Ó Floinn as Nua-Eabhrac ag foghlaim na Gaeilge ach le dhá bhliain go leith ach tá an teanga ar a thoil aige cheana féin. Míníonn sé san alt seo cad é a spreag a spéis sa teanga.
»»»Is fear é Dinny McLaughlin, an fidléir as Inis Eoghain i nDún na nGall, a bhfuil a rian féin fágtha aige ar an gceol traidisiúnta. D’éist Antaine Ó Faracháin lena chéad dlúthdhiosca aonair, a eisíodh ag tús mhí Eanáir.
»»»Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar na buntáistí agus ar na míbhuntáistí a bhaineann le ceamaraí digiteacha.
»»»Ní hiad Sinn Féin an t-aon dream atá ag diúltú mionn dílseachta a thabhairt don Bhanríon Eilís, mar a mhíníonn Tony Birtill.
»»»Tá cur síos ag Brian Ó Broin in alt eile san eagrán seo ar na deacrachtaí móra atá ag lucht na Gaeilge de bharr go bhfuil na príomhfhoclóirí sa teanga go mór as dáta. Tá comhlacht nua darb ainm acmhainn.ie tagtha ar an fhód, áfach, a bhfuil sé mar aidhm aige dul i ngleic leis an fhadhb sin. Míníonn duine de stiúrthóirí an chomhlachta, Antain Mac Lochlainn, cad iad na seirbhísí a bheas á dtairiscint acu.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.