CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Trí ní iontacha
Pól Ó Muirí Pól Ó Muirí

Gearrscéal nua le Pól Ó Muirí.

Íomhá

Luigh mé siar ar an tolg gan súil dá laghad agam leis an toirneach a d’éirigh as chomh luath agus a theagmhaigh mo thóin leis. Bhodhraigh brioscarnach an leathair mé agus is beag nár chac mé i mo bhríste ar mhéid an sceimhle a bhain sé asam. Imníoch? Mise? Leoga, cinnte. Is fear crua mé, ceart go leor, ach chuirfeadh dochtúirí den sórt seo imní ar an té ba chróga amuigh. Dochtúirí, go hoifigiúil, ach focóirí atá iontu i ndáiríre, focóirí a théann ag utamáil le d’aigne. Cá hiontas mé bheith beagán buartha nó cá bhfios cén sórt duine a bheadh ionam faoin am a bheadh sé réidh liom? Ní gnách liom taobhú leo, na síceolaithe seo. Murach an diabhal breitheamh sin a thug orm freastal air, ní thabharfainn cuairt ar dhuine acu go deo. Ach dúirt an diabhal sin breitheamh go raibh cabhair de dhíth orm.

Cabhair? Admhaím go mb’fhéidir nach raibh sé nádúrtha ruathar lomnocht a thabhairt síos Sráid Uí Chonaill i lár an lae ghil ach, mar a mhínigh mé dó, agóid a bhí ann in éadan an Aontais Eorpaigh. B’éigean do dhuine éigin cur ina n-éadan. “Is cime polaitiúil tú, mar sin,” a d’fhiafraigh sé díom go tarcaisneach. “Tá an ceart agat,” arsa mise. Is ansin a bhuail sé an buille fill: “Ó, agus ar chuidigh an t-ól leat an stádas a bhaint amach?” Seanchoncas faisisteach. Nuair a thiocfaidh an réabhlóid, ceanglóidh mé an dallamullóg dá aghaidh go pearsanta.

B’fhéidir go raibh mé beagán buartha siocair nár mhaith liom go bhfaigheadh mo chomhghleacaithe amach go raibh mé faoi “chóir leighis” leis an bhéarlagair oifigiúil a úsáid. Admhaím go raibh brú orm le tamall. Ach is rud nádúrtha é brú ag iriseoir. Bíonn muid faoi bhrú an t-am ar fad. Caithfidh muid cloí le spriocam gach diabhal lá de gach diabhal seachtain. Níl a leithéid de rud ann agus saoire againne. Caithfidh tú leanúint de bheith ag léamh na nuachtán agus éisteacht leis an raidió. Dá mbrisfeadh scéal i ngan fhios duit, bheifeá i do cheap magaidh.

Agus ná bí ag súil le trócaire ó iriseoirí mar is páca madadh cáidheach iad iriseoirí a náireodh a máithreacha féin dá dtabharfaí an chéad leathanach dóibh. Ó, ná bí ag caint liomsa faoi cheird uasal na hiriseoireachta. Cacamas, a stór. Agus is measa an brú ar cholúnaithe mar mise thar aon dream eile. Ní hé amháin go gcaithfidh muid na scéalta a fháil ach caithfidh muid bheith barrúil. Is fuath liom an foicín focal sin barrúil. “Bhí tú barrúil.” Scrios Dé ar bharrúil. Ba mhaith liom scríobh faoi na féileacáin. Níl fonn “barrúla” orm a thuilleadh. Chuige sin, b’fhéidir, an t-ól. B’fhearr liom biotáilte ná barrúil le fada anois.

Rinne an dochtúir a dhícheall le mé a chur ar mo shuaimhneas. Labhair sé go béasach agus mhol mo cholún. Bhuel, ba mhaith an tús é sin ach bhí mé chomh teann sin ionam féin gur chinn sé ar phiolla beag a thabhairt dom. Ba mhaith sin. Is fada an lá ó bhí drugaí de chineál ar bith agam. Bhínn an-tugtha don tobac draíochta le linn laethanta na hollscoile. Níl rud ar bit níos fearr ná splif suntasach chun do chumas fealsúnachta a mhúscailt agus a chur a dh’obair. Is iomaí sin oíche phléisiúrtha a chaith mise agus an rang fealsúnachta ag caibidil Kirkegard truacánta agus Kant leadránach. Ach b’éigean dom éirí as na toitíní áirithe sin nuair a chuir gluaiseacht na poblachta an ruaig ar mo dhíoltóir. Tóineoir déanta a bhí ann, a dhuine, tóineoir déanta. Damnú orthu mar ghluaiseacht na poblachta. Ní dhéanfadh spliff suntasach dochar ar bith do chuid acu. Shuaimhneodh sé go maith iad agus d’osclódh siad a n-intinn d’fhéidearthachtaí nua. Déan grá, a bhabaí, chan cogadh.

Rinne piolla beag draíochta an dochtúra an-mhaitheas dom. D’éirigh mé socair agus labhair liom go fonnmhar mar ní bhíonn moill ar bith orm labhairt fúm féin de ghnáth. Is mise mo rogha ábhar féin. Tá mé beo ar mo chéadfaí féin le fada fada. Sin an fáth ar colúnaí é. Feicim tábhacht ar leith le gach mionrud a tharlaíonn dom agus, cé go ndéarfadh roinnt daoine go bhfuil mo chloigeann chomh fada sin siar suas mo thóin nach léir dom solas an lae féin, tá éirithe go maith liom. Ní thugaim aird ar an cháineadh nó ar na litreacha gearáin. Níl dochar ar bith san inmheas nó san inbhreathnú. Is próiseas luachmhar torthúil é do chloigeann a shá suas do thóin féin in amanna. I ndeireadh thiar thall, muna ndéanann tusa é, cé a dhéanfaidh? Nach é sá an chloiginn suas an tóin a léiríonn gur daoine fásta muid, go bhfuil muid éagsúil le beithígh na bpáirceanna? Níl mise cosúil leis an leanbh a líonann a chlúidín le moll caca agus a shásaíonn é féin leis sin. Is maith liom fáil amach cá has a dtagann rudaí.

Agus sin ráite tá rudaí go holc le tamall. Ní bhainim an sásamh céanna as rudaí a cháineadh agus a bhaininn. Níl na focail ag teacht chomh réidh agus ba ghnách. Caithfidh sé go bhfuil cluaisín tugtha agam do gach eagras, gach faisean, gach eaglais, gach nós, gach páirtí, gach polaiteoir, gach tuairim choitianta ó chuaigh mé i mbun pinn. Níl tada fágtha. Thug mé faoi gach gné den tsochaí chomhaimseartha agus chuir mé mo bhróg go putóg ann. Ach, faraor, bhí sé rófhurasta.

Tá mo mhisneach á thrá; mo choinsias á chliseadh. Leag mé liom ar feadh na mblianta agus leag mé ar leag mé arís agus arís eile. Talamh fásaigh a chruthaigh mé, áit nach mbláthaíonn an fiaile féin. Chuige sin an t-ól leanúnach greamaitheach díograiseach dílis santach ocrach tartmhar. Múchann an bheoir agus an t-uisce beatha m’anam; tugann siad orm dearmad a dhéanamh nach bhfuil aon duine inchurtha liom; gur fáthach i measc abhac mé. Cá bhfios nach mbeinn ag ól liom go rúnda ach go bé an t-eachtra beag sin ar Shráid Uí Chonaill. Á, bhuel, tá súil agam go dtiocfaidh an bangharda sin chuici féin.

Trí ní atá ag cur as dom le fada. Trí ní a chonaic mé agus a mheasaim bheith lárnach don chliseadh beag muiníne seo. “Mar seo a tharla sé, a dhochtúir. Bhí mé amuigh ar an rothar agus chonaic mé trí ní iontacha, trí ní a chuir ag machnamh mé ar an tsaol agus ar m’áit sa tsaol sin.”

“Sea,” arsa an dochtúir agus tondath éigin ina ghlór a thug le fios nach raibh lá deifre air mo chuid fadhbanna a bhrostú anonn go ceann scríbe nó bhí an chúirt á dhíol in aghaidh na huaire. “Sea. Cad iad na nithe seo? Tóg d’am. Ná bíodh deifir ort. Tá neart airgid ... is é sin ... tá neart ama againn.”

“An chéad ní a chonaic mé pocaire gaoithe ar foluain san aer. Chuir seo ag smaointeamh mé go raibh mise cosúil leis an phocaire gaoithe, go raibh mo chuid mianta mar cholúnaí ionchollaithe ann, é thuas sna spéartha ag amharc anuas ar an chine daonna, a shúile géara ag sú isteach gach mionrud dá gcastar orthu; é ag tóraíocht.”

“Mar sin a shamhlaím mé féin in amanna nó tá an-luach agam ar mo thuairimí féin. Tá daoine ann a déarfadh leat nach rachadh beagán den umhlaíocht amú i m’inneach. Is é an rud a deirim leo sin go raibh sé umhal rófhada agus gur baineadh úsáid mhíthrócaireach asam. Stad mé de nós na humhlaíochta nuair a tháinig fís chugam go raibh gach aon bhómán agus liúdramán amuigh beo ar an chomhréiteach shochrach shóúil, gur lig siad d’fhorógra a bpáirtí a gcuid smaointe a mhúnlú. Shocraigh mé nach mise an sórt sin duine agus chuaigh mo bhealach féin ina n-ainneoin nó b’fhearr liom bheith i mo theifeach lúfar ná i mo ghiall cloíte.”

Chonacthas dom gur siombail den intleachtaí aonair uaigneach a bhí sa phocaire gaoithe. Éan seilge ríogúil maorga atá ann ach éan a gcuirfeadh éanacha beaga gan tábhacht an ruaig air más gá. Fear faire beo ina chuideachta féin atá ann. Nach sin an tsamhail chuí den intleachtaí Éireannach? É mórtasach ach gan chumhacht in aghaidh na sluaite cúngaigeanta?”

“Sea,” arsa an dochtúir, “agus an dara ní?”

“An dara rud a chonaic mé madadh rua i lár an lae ghil agus é ag tarraingt ar sheanchonablach éin. Bhí a ruball le claí agus é ag iomrascáil leis an chonablach a bhí rómhór aige. Ba léir cúr a bhéil le craiceann an chonablaigh. Chonacthas dom an iarraidh seo gurbh fhóirsteanaí an tsamhail í seo do mo leithéid. Nó, mar is eol duit, is iriseoir mé. Is ionann gairm an mhadaidh rua agus mo ghairm féin, níl ionainn beirt ach lucht glanta na sráideanna, ní bhaineann uaisleacht ar bith le ceachtar againn nó, chomh luath agus a éiríonn muid sotalach, buaileann taomanna ocrais muid agus glacann an nádúr an lámh in uachtar ar an intleacht. Cuireann an tsaint múineadh orainn uilig, is cuma faoinár gcuid buanna intleachtúla. Caithfidh muid uilig an t-ocras a chloí; caithfidh muid uilig an dé a choinneáil ionainn féin. B’ionann an conablach éin a ghoid an madadh rua faoi chroí mhór mhaith ó channa bruscair agus an dóigh a mbím féin ag cur boladh scéalta agus ag seiftiú cúlchainte chun mo cholún nuachtáin a líonadh.”

“Sea,” arsa an dochtúir, “agus an tríú ní?”

“An tríú rud iontach a chonaic mé ná eala óg i lár an bhealaigh mhóir. Stad mé an rothar agus d’fhéach mé lena scanrú ar ais isteach i linn an mhuilinn. Ach chuir sé cár air féin agus, cé go raibh mé ag iarraidh cuidiú leis, is beag nár thug sé fúm. An amhlaidh nár thuig sé gur ar a shon a bhí mé? Ba léir nach raibh fonn air é féin a bhogadh nó nach raibh an cumas ann eitilt níos mó. Ach bhí a fhios agam dá bhfágfainn san áit a raibh sé go dtiocfadh gluaisteán air agus go muirfí é. Lean mé liom á ghríosú ar ais chun na linne agus d’éirigh liom sa deireadh, más ar éigean é.

“Mar sin féin, ba bheag an sásamh a fuair mé as é a chuir ar ais chun a bhaile uisciúil. Chonacthas dom gurbh ionann an eala óg agus bua na filíochta a bhí ionam féin lá den tsaol. D’éirigh mé tuirseach róluath den pheann agus lig mé mo thallann le sruth. Rinne mé íobairt de bhua na cruthaitheacha mar mhaithe le bua na critice. Faraor, lig mé i ndearmad comhairle na seanfhondúirí: “Is fearr an fear a chum ná an fear a cháin.” Tháinig sé chugam agus mé ag breathnú na heala go raibh mé chomh soineanta léi, go raibh mise i mo chónaí i lár an bhealaigh mhóir agus nach raibh ann ach ceist ama go leagfadh carr mise. Bhí mé ag bualadh bob orm féin go raibh an cumas ionam eitilt. Bhí m’anam féin chomh gioblach spíonta leis an éan féin.”

Stad mé agus lúchair orm faoi lúth mo chuid cainte. B’fhéidir nach raibh an tobar tráite: “Bhuel, a dhochtúir, cad é do mheas?” agus chlaon mé mo cheann ina threo. D’ardaigh sé a chloigeann den deasc a raibh sé ina chodladh air agus labhair.

“Sea,” arsa an dochtúir agus aiféala air gur stad mé chomh luath sin le mo reacaireacht. Tá sé díomuach nach bhfuil luach Merc i mo chuid fadhbanna, a smaoinigh mé go ciniciúil. “Sea,” ar seisean arís agus é ag tochailt céarach as a chluais le rinn a phinn luaidhe. “Is é an bhrí a bhainim as seo uilig go bhfuil nead pocaire gaoithe in aice leat; go bhfaca tú sionnach ocrach agus go raibh an eala róthuirseach le heitilt. Sin uilig.”

As Béal Feirste ó dhúchas é Pól Ó Muirí agus tá sé ag obair mar Eagarthóir Gaeilge leis an *Irish Times. Foilseoidh Lagan Press cnuasach nua gearrscéalta leis, dar teideal Snagcheol, go luath.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.