CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Éire an fhuatha?

Níl ciallmhar neamhaird a thabhairt ar an chiníochas agus ar cheisteanna eile a bhaineann leis an inimirce.

Íomhá

Bíonn le cloisteáil go rialta ó mhionlaigh éagsúla atá ag maireachtáil in Éirinn go mbíonn daoine gcuid faoi ionsaí fisiciúil agus béil ó dhaoine ar Éireannaigh ó dhúchas iad.

leithéidí Chorcaí, Bhaile Átha Cliath agus Luimnigh athraithe go mór le cúig bliana anuas, go háirithe ó thaobh an mhéid daoine atá le feiceáil ó thíortha na hAfraice agus Oirthear na hEorpa. Aisteach go leor, áfach, is iad na daoine dubha is a mhothaíonn míshuaimhneach agus iad ag siúl na sráide ag dul i mbun a ngnóthaí laethúla.

Is ábhar iontais é an ciníochas seo atá le mothú go forleathan, go speisialta nuair a smaoiníonn chomh cineálta agus chomh fial is a bhíonn muintir na hÉireann nuair a tharlaíonn tubaiste mhór, gorta crith talún, cuir i gcás, in áiteanna mar Goma an tSúdáin.

Dealraíonn go bhfuil muid breá toilteanach cabhair a thairiscint do dhaoine dubha fhad is go bhfuil siad i bhfad uainn, ach gur scéal eile é nuair a thagann siad le cur fúthu béal dorais linn.

an eisimirce mar chuid níos lárnaí de stair na tíre seo mar a bheadh amhlaidh i gcás fhormhór na dtíortha eile san Eoraip. Is beag teaghlach in Éirinn nár imigh duine beirt uaidh ar chúiseanna eacnamaíocha, bíodh sin chomh fada siar leis an Ghorta Mór in ochtóidí na haoise seo caite.

Níl chomh fada sin siar ó bhíodh fógraí in airde i Sasana agus i Meiriceá ag No Niggers or Irish Wanted”. Bheifí ag súil go mbeadh muintir na hÉireann níos tuisceanaí mar atá siad, bharr seo.

Cén fáth a bhfuil muid chomh míshuaimhneach le daoine nach bhfuil ar an dath craicinn céanna linn? leithéidí Áine Chonaill i gCorcaigh i mbun feachtais le roinnt blianta anuas chun srian a chur leis an mhéid eachtrannach atá ag bogadh go hÉirinn. Maíonn sise gur cheart teorainn a chur leis an líon a cheadaítear agus an chuid eile a ruaigeadh ón tír. An eisceacht í a leithéid, an bhfuil go leor againn, inár gcroí istigh, den tuairim chéanna? Chuirfeadh seo i gcuimhne duit an ciúnas a bhíonn ann, nuair a bhíonn eisimirce throm in Éirinn, mar a bhí sna hochtóidí. Bhí tromlach den phobal ar nós cuma liom, mar gur mhothaigh siad go mbeadh saol níos compordaí acu féin mbaileodh go leor leo ón tír!

in am díospóireacht cheart, oscailte a thosú i dtaobh cheist na hinimirce sa tír seo. Bímis ionraic i dtaobh na ceiste seo, seachas a bheith seachantach agus tostach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.