Ag ócáid i mBaile Átha Cliath ag tús mhí Eanáir, rinneadh an ceangal stairiúil idir an iománaíocht agus Coláiste Ríoga na Máinlianna a chomóradh. Tuairisc ó Cholm Mac Séalaigh.
Sa leabhar Michael Cusack and the GAA, deir an t-údar, Marcus de Búrca, gur thosaigh athbheochan na hiomána ar an dara lá deireanach de 1882 ag cruinniú neamhfhoirmeálta i gColáiste Ríoga na Máinlianna, Baile Átha Cliath. I léachtlann an Dr. Hugh Alexander Anchinleck, léachtóir i Scoil Leighis Carmichael, chruinnigh grúpa beag fear “for the purpose of taking steps to re-establish the national game of hurling”. Cuireadh coiste ar bun chun rialacha a dhréachtú don Dublin Hurling Club a bhí ar tí a bhunaithe.
Cúig lá ina dhiaidh sin, tháinig an grúpa úd móide daoine eile, ina measc CE Rowland ón Phoenix Hurling Club, le chéile arís agus bunaíodh an Dublin Hurling Club go foirmeálta. Glacadh le rialacha agus ceapadh oifigigh don chumann nua. Toghadh Auchinleck ina Uachtarán d’aon ghuth, Mícheál Ó Cíosóig ina leas-Uachtarán agus LH Christian ina rúnaí oinigh agus chisteoir. Socraíodh ar an gcéad seisiún traenála don chumann nua a bheith ar an 13 Eanáir ag na Naoi nAcra i bPáirc an Fhionnuisce.
Ar an 3 Eanáir 2002 tugadh chun cuimhne an ócáid stairiúil úd 119 bliain ó shin nuair a glacadh go foirmeálta le rialacha bunaidh na hiománaíochta nua-aoisí ag cruinniú de Chumann Iomána Átha Cliath (Dublin Hurling Club), arís i gColáiste Ríoga na Máinlianna.
Cé nár mhair an Dublin Hurling Club ach tamall gearr, d’éirigh leis obair mhór a chur i gcrích a chinntigh nach dtitfeadh an iománaíocht i léig go ceann i bhfad. Ocht mí dhéag i ndiaidh don chumann sin dul in éag, bhunaigh Mícheál Cíosóig an Cumann Lúthchleas Gael.
Cérbh é an fear úd Dr. Hugh Anchinleck a bhí ina chéad uachtarán ar an DHC? Is cosúil gur ar an tSrath Bán i gCo. Thír Eoghain a rugadh é i 1849. Bhí uncail leis ina mháinlia agus ina uachtarán ar Choláiste na Máinlianna i 1829. Oileadh Hugh in Iúr Chinn Trá, i Scoil Leighis Carmichael agus in Ospidéil Sr. Jervis agus an Chúim. Pé ní faoina chumas mar dhochtúir nó mar mháinlia, is cinnte gur fhág sé féin agus a chomhghleacaithe muintir na hÉireann faoina gcomaoin de bharr a gcuid iarrachtaí chun “the national game of hurling” a bhuanú.
Rialacha bunaidh
=======
Dhá phointe dhéag a bhí i rialacha bunaidh an chluiche mar a thuigimid an iománaíocht inniu. I measc na rialacha bhí an méid seo: an pháirc a bheith 150 slat ar fhad; cosc ar bhrú, ar tharraingt agus ar chor coise a chur ar dhuine; b’ionann cúl agus an liathróid a thiomáint faoin trasnán sa chúl; níor cheadmhach an camán a úsáid ach amháin chun an liathróid (ní raibh tagairt do “shliotar") a bhualadh nó a imirt agus chun go bhféadfadh an t-imreoir é féin a chosaint.
Ag an ócáid chomórtha le déanaí bhronn Uachtarán Choláiste na Máinlianna in Éirinn, an tOllamh George Parks, cóip a raibh fráma uirthi de na rialacha bunaidh ar Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Seán Mac Thaidhg. Ina aitheasc, labhair an tOllamh Parks faoin gcaoi a raibh baint láidir stairiúil ag Coláiste na Máinlianna le cluiche náisiúnta na hÉireann. Dúirt sé go raibh cúrsaí spóirt i gcónaí tábhachtach i saol an choláiste agus go raibh siad i ndiaidh dámh nua leighis i gcúrsaí spóirt a bhunú i gcomhpháirtíocht le Coláiste Ríoga na Lianna.
Labhair Uachtarán an CLG freisin agus dúirt go raibh buíochas mór tuillte ag na daoine a bhunaigh an Dublin Hurling Club agus mhol sé a gcuid iarrachtaí chun an cluiche a chaomhnú. Dúirt sé nach raibh cluiche inchurtha leis an iománaíocht i gcúrsaí spóirt in Éirinn maidir le luas, paisean, cur chuige agus scóranna breátha. Dúirt sé leis go raibh sé ceart cuimhneamh orthu sin a rinne todhchaí na hiomána a dhaingniú agus go mba chuí freisin aitheantas a thabhairt don nasc a bhí ann le Coláiste na Máinlianna.
Sa bhosca thall, tá na rialacha bunaidh a leagadh síos ar an 3 Eanáir 1883. D’fhéadfaí a rá gur beag athrú atá tagtha orthu ó shin. Tá na bunphrionsabail i bhfeidhm i gcónaí agus is léir gurb é a bhí ar intinn an dreama a chuir le chéile iad ná a chinntiú gur cluiche tapa, sciliúil a bheadh ann agus nach mbainfí mí-úsáid ar bith as an gcamán ach a mhalairt, is é sin chun an sliotar a thiomáint, a ardú agus a iompar go gasta ó cheann ceann na páirce.
Na rialacha bunaidh...
1. Na cúil a bheith mar chuaillí 150 slat óna chéile, dhá chuaille 8 dtroithe ar airde, trasnán eatarthu agus iad 10 dtroithe óna chéile.
2. Is ionann cúl agus an liathróid a thiomáint faoin trasnán agus idir na cuaillí.
3. Ní cheadaítear an liathróid a bhualadh nó a thiomáint ach le camán.
4. Má ardaítear an liathróid leis an gcamán tá cead breith uirthi sa láimh, í a chaitheamh in airde agus a bhualadh ansin leis an gcamán.
5. Is ceadmhach an liathróid a ardaítear (mar a mhínítear i 4) a iompar ar an gcamán nó a chaitheamh chun cinn agus a cheapadh ansin leis an gcamán.
6. An líne chúil a bheith ina cuid den líne dheiridh ar chóir di a bheith 60 slat ar fhad ón dá thaobh den chúl.
7. Ma thiomáintear an liathróid thar an líne dheiridh glactar leis go bhfuil sí as an imirt go dtí go mbualann an cúl báire nó imreoir eile ar ais ar pháirc na himeartha í.
8. Má tharlaíonn cambús (is é sin, níos mó ná imreoir amháin go díreach san imirt leis an liathróid) ní ceadmhach an camán a luascadh ach amháin nuair atá an liathróid san aer.
9. Ní ceadmhach clonscairt ná lúbadh camán, agus ní cóir na camáin a úsáid in aon slí ach amháin chun cosaint a thabhairt don imreoir agus chun an liathróid a stopadh, a bhualadh nó a iompar.
10. Má théann an liathróid thar an taobhlíne, ní mór d’imreoir ón fhoireann nár chuir an liathróid amach an liathróid a chaitheamh ar ais ar an bpáirc dronuilleach leis an taobhlíne.
11. Níl cead ag imreoir a chéile comhraic a bhrú, greim a fháil air nó cor coise a chur ann.
12. Sa chás go sáraítear aon cheann de Rialacha 3, 8, 9 nó 11 tógfar an liathróid, faoi chinneadh an mhaoir atá i gceannas, ar ais go dtí an áit inar tharla an sárú agus déanfar crosbhualadh ansin.