RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Gordon McCoy, Gordon McCoy, Róise Ní Bhaoill Róise Ní Bhaoill

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cúrsaí grá.

Íomhá

Ní raibh an dea-spionn ar Thadhg le seachtain anois. Bhí sé ag ithe na méar de féin nó ní raibh a fhios aige faoi Dhia cad é a gheobhadh sé dá chailín mar bhronntanas Lá Fhéile Vailintín.

“Cé a smaointigh ar an ócáid cibé? Caor thine air mar lá. Nach raibh a fhios acu gur pionós amach is amach a bhí sa tsiopadóireacht ag bunús fear. Tá an dubhfhuath agam air,” arsa Tadhg leis féin, “ach ní thig déanamh gan é is dócha.”

Is é an rud is mó a ghoill air ná gur cinéal teiste an bronntanas seo. Bheadh sé ag tuar a ghrá di. Bheadh meáchan leis an diabhal rud nach raibh tuillte aige. Murar scar sé le pingin mhaith bheifí ag déanamh nach raibh meas madaidh aige uirthi. Ach ansin arís má chaith sé moll mór airgid uirthi bheadh sí ag déanamh go raibh léithi. Bhí sé gaibhte cibé dóigh a mbogfadh sé.

Bhí a chuid cairde ag iarraidh é a chur ar bhealach a leasa nó a aimhleasa, b’fhéidir. Ní thiocfadh leis muinín a chur i gcomhairle Pheadair nó bhí a fhios aige go maith go raibh nóisean aige d’Aoife ar fad, is cuma cad é a déarfadh sé. Thug sé faoi deara go raibh a dhá shúil sáite inti am ar bith a raibh siad beirt sa tseomra amháin.

“Insíonn sin a scéal féin,” arsa Tadhg leis féin.

Mhol na gasúirí gur bronntanas greannmhar an ceann ab fhearr. Bhainfeadh sé gáire aisti cibé agus muna ndéanfadh sé sin féin, ní thiocfaí cur i do leith nár smaointigh tú uirthi. Cé a chuirfeadh suas don bhronntanas greannmhar. Is acmhainn grinn agus chan grá a bhí i gceist. “Ceannaigh ceann de na béir mhóra sin,” arsa Pól. “Is maith leis na mná uilig na bréagáin bhoga sin. Thig léithi Tadhg a thabhairt air agus croí isteach a thabhairt dó achan oíche.”

“Ó nach sibh atá greannmhar. Má tá sibh ag déanamh go bhfuil mise ag dul ar bhus le ceann acu sin, smaointígí arís. Bheinn náirithe glan,” arsa Peadar.

“Árú anois,” arsa Pádraig, “nach ndéanfá sin do ghrá geal do chroí?”

“Seo,” arsa Tadhg, “beidh níos lú den tseanchaint agam. An chéad fhear eile a luafas bréagán bog, sáfaidh mé siar ina ghob é.”

Bhí oiread céille ag an gasúirí agus an ceann sin a ligean le sruth nó bhí a fhios acu go dtiocfadh le Tadhg a bheith ramhar sa réasún nuair a bhí sé tógtha.

“B’fhéidir,” arsa Tadhg, “gur comhairle ban atá de dhíth orm.” Ach ansin chaithfeadh sé admháil gur shíl sé an oiread sin d’Aoife gur mhaith leis bronntanas a cheannacht dithe. Bhainfeadh sí mí-úsáid as an eolas sin agus bheadh sí ag spochadh as go dtiocfadh thiar aniar. Thiocfadh leis í a chluinstin anois: “Tá Tadhg i ngrá! Tá Tadhg i ngrá!”. Bheadh sé bodhar ag éisteacht léithi. Bhainfeadh a dheirfiúr i bhfad barraíocht suilt as an eolas sin a bheith aici. Ach bhí ceist an bhronntanais ag cur ar Thadhg le seachtain anois agus is ag an deirfiúr a bheadh an ceart nuair a déarfadh sí go raibh Tadhg i ngrá. Bhí sé dualta i ngrá. Bhí sé ag cailleadh chodladh na hoíche. Bhí sé ag meath díobháil itheacháin. Bhí sé gaibhte ag an ghalar cloíte. Chaithfí an scéal a réiteach.

Ní dhéanfadh bláthanna gnaithe nó ní raibh lá suime aici iontu. “Cur amú airgid” a déarfadh sí. Bhí suim aici sa tseodóireacht airgid ach ansin is iomaí fear a chuaigh i gcontúirt nuair a shín sé bosca beag trasna an tábla agus gan ann ach slabhra nó fáinní cluaise. B’fhéidir go sílfeadh sí gur fáinne a bheadh ann. Chuir sin beaguchtach air. Bhí sé ina shuí ansin agus smut chomh fada le bliain air nuair a tháinig a chara Máire isteach.

Thiontófá tórramh,” arsa sí.

“Ná tosaigh thusa fosta,” arsa Tadhg.

Cad é atá ag caitheamh ort?

“Ná gabh a gháire anois ach tá an diabhal bronntanas Vailintín seo ag déanamh buartha domh,” arsa Tadhg.

“Nil mórán ag cur ort,” arsa Máire.

Nach holc an mhaise duit a bheith ag baint grinn asam agus mé sa dóigh a bhfuil mé. Bhí a fhios agam nach raibh maith a bheith ag caint leatsa,” arsa Tadhg.

“Seo, croith thú féin suas, ní deireadh an tsaoil atá ann,” arsa Máire. “Ní maith ar bith duit a bheith i do shuí thart ansin agus tú mar a bheadh mála easóg ann. Tiocfar ar réiteach.”

“Ná hábair liom béar mór bog a cheannacht dithe nó rachaidh mé as mo chiall,” arsa Tadhg.

“Cad é a bhéarfadh ort sin a dhéanamh?” arsa Máire. “Easpa samhlaíochta a bhéarfainnse air sin.”

Chroith Máire a ceann. “Tá ceo ar do chuid súl ag an ghrá seo, a ghasúir. Caith ort agus rachaidh muid isteach chun an bhaile mhóir. Mura bhfaighidh muid bronntanas, gheobhaidh muid greim le hithe cibé.”

Bhí Tadhg ar a bhonnaí chomh tiubh géar agus a thiocfadh leis agus d’imigh an bheirt leo. Idir sin agus tráthnóna bhí an fhadhb réitithe acu nó níor bhean Máire a chuirfeadh rud ó lá go lá.

“Bhuel,” arsa Máire, “níl siopa ar an bhaile nach bhfuil siúlta againn anois. Cinnte le Dia chonaic tú rud inteacht a dhéanfadh gnaithe.”

Dheamhan faic,” arsa Tadhg, “ach ní raibh do shaothar in aisce a Mháire. Tá a fhios agam go díreach cad é a gheobhas mé dithe anois.”

“Agus sin ...” arsa Máire.

“Seisiún taifeadta, a Mháire,” arsa Tadhg. “Cuirfidh muid a guth ar dlúthdhiosca.”

“Cad é?” arsa Máire.

“Tá an guth is binne dár chuala tú riamh ag Aoife, tá a fhios agat,” arsa seisean.

“Tchím,” arsa Máire agus shiúil siad leo i dtreo stad na mbus agus í ag smaointiú gur mhór an gar gur preachán í féin nó níor lú uirthi an diabhal ná seisiún taifeadta mar bhronntanas Vailintín.

“Beidh a guth ceapaithe go síoraí ar dlúthdhiosca,” arsa Tadhg.

Bullaí fir,” arsa Máire, “ní smaointeoinn féin air sin go deo.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.