Ba bhreá le Robert McMillen éirí as rudaí diúltacha a scríobh sa cholún seo ach, mar a mhíníonn sé anseo, tá sé deacair a bheith dearfach faoi láthair sna sé chontae.
An sochaí thinn í sochaí Thuaisceart Éireann? Chuir mé an cheist sin orm féin i ndiaidh a bheith ag éisteacht leis an iriseoir Malachi O’Doherty ag rá go neamhbhalbh nach sochaí thinn atá anseo ó thuaidh, ach áit mar áit ar bith eile, ach amháin go raibh fadhbanna eisceachtúla ag cur as di. Measaim féin go bhfuil na fadhbanna níos duibheagánaí ná sin.
Chuir an méid a bhí le rá ag O’Doherty (aontachtaí Caitliceach) iontas orm agus an diongbháilteacht lenar sheas sé an fód do na wee six. An bhfuil muid chomh normálta le hÁth Luain nó le Gaillimh nó le Chelmsford?
Ag tús na bliana seo, bhí sé mar aidhm agam gearradh siar ar an olagón agus ar an ochón ó sa cholún seo. Duine ar bith a léann altanna s’agam ar bhonn rialta, chífeadh sé na seanmhacasamhla, an fuath seanbhunaithe, quasi-cartúnachas an fhoréigin, ach bhí Nollaig mhaith agam. Thaitin na bréagáin - nár chosain an oiread sin i mbliana - go mór leis na páistí; bhí neart le hól agus le hithe sa teach; bhí na cuairteoirí múinte macánta agus bhí Nollaig bhán féin againn. B’amhlaidh do mo mhacasamhail Caitliceach agus Protastúnach ar fud an tuaiscirt; bhí dóchas éigin ann. Bhí dóchas againn go bhfaigheadh muid ardú pá, go gcaillfeadh muid meáchan, go stopfadh muid de na toitíní, agus go raibh an chuid ba mheasa de na trioblóidí thart.
Ach go tobann, de réir tuairiscí, níor ghéill bean amháin an tslí do bhean eile - not an inch - i gceantar Glenbryn i dtuaisceart achrannach Bhéal Feirste. Caitliceach a bhí i mbean amháin acu, Protastúnach a bhí sa bhean eile. Spréigh ráflaí an “uafáis dofhulaingthe” chomh gasta le húrscéal de chuid Jeffery Archer. Gan mhoill ina dhiaidh sin, bhí sé ina chogadh dearg. Buamaí peitril agus aigéid caite in aghaidh péas. Tithe loite, carranna dóite, sibhialtaigh gortaithe.
Sheas fear agus gunna aige taobh amuigh de gheataí scoile Caitlicí fad is a bhris a chúigear comrádaithe fuinneoga charranna na múinteoirí. B’éigean do pháistí Protastúnacha dul chun an bhaile i Land Rovers na bpóilíní ar eagla go n-ionsódh scaifte Caitliceach iad a bhí ina seasamh idir iad agus a gceann scríbe.
Sochaí fholláin?
Dúnmharú Danny McColgan
I scoil mheascaithe a fuair Danny McColgan a chuid oideachais. Bhí a thuismitheoirí Caitliceacha ag iarraidh go mbeadh cairde Protastúnacha aige. Gan é ach 20 bliain d’aois agus páiste dá chuid féin aige, chuir dílseoirí piléir isteach i gcloigeann an fhir poist seo. Ar bhallaí in aice shuíomh an uafáis bhí an graffito “Postman Splat”.
Sochaí fholláin?
Tá níos mó ná 300 gan teach cónaithe de bharr fheachtas imeaglaithe na ndílseoirí.
Is é an íoróin ná go bhfuil go leor de na daoine seo ina gcónaí i gceantracha meascaithe - Caitlicigh ina gcónaí taobh le taobh le Protastúnaigh.
“Tá Giúdaigh, Arabaigh, Caitlicigh agus Protastúnaigh ina gcónaí sa tsráid seo,” arsa Gerry McCullough a d’fhág a theach cónaithe féin i dtuaisceart Bhéal Feirste i ndiaidh 20 ionsaí taobh istigh de 18 mí. “Is é mo bharúil féin go bhfuiltear ár gcéasadh mar go bhfuil muid ag iarraidh meascadh le chéile.”
Sochaí fholláin?
Agus tá an seanphort seanchaite céanna ag na polaiteoirí. Cúpla lá isteach sa bhliain úr, dúirt David Trimble go raibh sé réidh le tuilleadh smachtanna a chur ar Shinn Féin mura ndéanfaí tuilleadh dul chun cinn ó thaobh díchoimisiúnaithe de. Géarchéim XXIII½ ag teacht. Cogadh mór testosterone eile.
Ní masla a rá go bhfuil an tsochaí seo tinn. Má deirtear liom go bhfuil an slaghdán orm, ní hionann sin is a rá gur drochdhuine mé.
Ní drochdhaoine an gnáthphobal atá ag ligint rudaí le sruth, ach ní ghlacann muid le daoine mar dhaoine ach mar ionadaithe polaitíochta.
Mura n-aithníonn muid an fhadhb cad é mar is féidir í a leigheas?
Na mílte ar na sráideanna
Nuair a maraíodh Danny McColgan, agus nuair a thosaigh an foréigean ag dul ó smacht, tháinig na mílte oibrí amach sa doinnean lena nglór a thógáil in éadán an tseicteachais. Cáineadh na drochdhaoine, chuaigh daoine chun an bhaile agus níor athraigh a dhath.
Cad a tharla do people power, an chumhacht ollmhór sin a bhris riail iarainn an Cumannachais agus a thug bata agus bóthar do Ceausescu, do Hoenniger, don iliomad deachtóir, beag agus mór, in oirthear na hEorpa?
Cá bhfuil sé i dtuaisceart na hÉireann? Tá an oiread sin eagla ar dhaoine roimh an dream eile - agus sin gach aicme den tsochaí - nach bhfuil siad sásta bata agus bóthar a thabhairt don tseicteachas. Is plaincéad sólais é ag daoine. Tá muid compordach inar gcuid “fírinní” féin agus breast an dream eile.
Sochaí fholláin?
Ach beidh Nollaig mhaith againn arís, agus rachaidh muid chuig an gym agus éireoidh muid as na toitíní ar feadh coicíse go dtí go dtosóidh muid arís.
Ach tá an ailse beo beathach.
Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen.*