Cé nár maraíodh duine ar bith sna tinte móra a bhí in oirthear na hAstráile tar éis na Nollag, rinneadh a lán dochair don timpeallacht. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin
Fad is a bhí sioc agus sneachta ag cur as do chuid mhaith de thuaisceart an domhain an Nollaig seo, ba é a mhalairt ar fad a bhí ag cur as do New South Wales in oirthear na hAstráile. Ó Oíche Nollag, nuair a thosaigh an loscadh sléibhe, bhí sé níos mó ná trí seachtainí sula raibh na tinte ar fad ceansaithe.
Is cuid de nádúr na tíre tinte ar an gcaoi seo agus tá fianaise ann go bhfuil a leithéid ag tarlú go rialta le tuairim is 50,000 bliain. Ach is annamh a bhíonn siad chomh dona agus chomh forleathan is a bhí an iarraidh seo. Bhí na coinníollacha ar fad atá riachtanach ar fáil - teocht ard, taise íseal, gaoth láidir agus dalladh breosla. Ní raibh gá ach le splanc nó tintreach a thosódh an dó.
Nuair ba mheasa a bhí sé, bhí os cionn 100 tine éagsúla ag síneadh le cósta 400 míle ó thuaidh ó Sydney, 350 míle ó dheas, thart ar imeall na cathrach agus siar is aniar sna Blue Mountains, timpeall 60 míle taobh thiar de Sydney. Cé nach raibh an chathair i mbaol, bhí cuid de na bruachbhailte agus bailte beaga suas agus anuas le cósta agus sna Blue Mountains.
Leagadh púir dheataigh ar an gcathair a bhí chomh dona sin nach bhféadfá an taobh eile den tsráid a fheiceáil scaití. Níor cailleadh aon duine de bharr na dtinte ach dódh 200 teach agus maraíodh tuairim is 100,000 ainmhí - go háithrid sa bPáirc Náisiúnta ar an taobh ó dheas de Sydney. D’fhéadfaí a rá nach raibh na tinte chomh dona leis na tinte a mharaigh 76 duine i Victoria agus san Astráil Theas i 1983 ach bhí siad ní ba chostasaí. Ceaptar gur chosain tinte na bliana seo os cionn $80 milliún (€47 milliún). Dódh breis is 1,000,000 acra talún. Bhí os cionn 20,000 duine ag iarraidh iad a cheansú. Bhí suas le ceithre scór soitheach aeir páirteach, idir eitleáin is héileacaptair, ina measc ceann ar baisteadh Elvis air a bhí in ann 9,000 lítear uisce a chaitheamh ar an tine in aon iarracht amháin. Ach ar deireadh b’ar an mbáisteach a bhíothas ag brath leis an loscadh a chur faoi smacht.
Ceaptar gur go mailíseach a lasadh 40 de na tinte agus go raibh gasúr naoi mbliana d’aois ciontach i gceann acu. Bhagair an rialtas stáit píonós níos géire ar aon duine a chiontófaí. Ach mheas cuid mhaith den phobal go raibh freagracht ar chuid de rannóga an rialtais mar nach raibh dóthain réamhullmhúcháin déanta acu - go speisialta maidir le farasbarr breosla a dhó sa ngeimhreadh nó nuair nach mbeadh aon chontúirt ag baint leis. Cuireadh i leith lucht timpeallachta go raibh a ndearcadh féin faoin gcineál sin dó ag cur leis an gcontúirt a bhíonn ann nuair a imíonn na tinte ó smacht.