Ní hiad Sinn Féin an t-aon dream atá ag diúltú mionn dílseachta a thabhairt don Bhanríon Eilís, mar a mhíníonn Tony Birtill.
“Gun money” a chan cúlbhinseoirí ón Pháirtí Coimeádach i Westminster (18 Nollaig 2001) i rith na díospóireachta ar an lá a fuair Sinn Féin cead oifigí agus áiseanna eile a úsáid i “Máthair na bParlaimintí”, mar atá tugtha ar an áit anseo i Sasana.
Faoin socrú nua, gheobhaidh Gerry Adams, Martin McGuinness, Pat Doherty agus Michelle Gildernew £100,000 an duine sa bhliain mar chostais, agus sin an fáth a raibh an liúch ann ó na Coiméadaigh. Ní ghlacann siadsan leis gur páirtí daonlathach é Sinn Féin a bhfuil cearta aige. Cé go bhfaighidh feisirí an pháirtí costais, ní bheidh siad i dteideal tuarastail de bharr nach nglacann siad leis an mhionn dílseachta don bhanríon.
B’éigean don Cheann Comhairle, Michael Martin, foláireamh a thabhairt do na feisirí roimh an díospóireacht faoi “theanga neamh-pharlaiminteach” ach dá ainneoin sin bhí sé racánach agus callánach agus bhí sé deacair don Uasal Martin smacht a choinneáil ar na cúlbhinseoirí.
Ag preasócáid i Westminster mí ina dhiaidh sin (21 Eanáir), nuair a tháinig ceathrar feisirí Shinn Féin go dtí a n-oifigí nua den chéad uair, dúirt Gerry Adams go raibh an cosc a chuir an t-iarCheann Comhairle, Betty Boothroyd, ar fheisirí de chuid Shinn Féin i 1997 leithchealach agus éagórach. Ag an am sin dúirt Boothroyd nach raibh cead isteach acu mar nach raibh siad sásta mionn dílseachta a thabhairt don bhanríon, mar a rinne gach feisire eile.
Ach ní hé Gerry Adams an chéad fheisire leis an tuairim seo, mar bhí a lán daoine eile sa chruachás céanna anuas trí na blianta. Rinne David Winnick MP (Páirtí an Lucht Oibre) an pointe seo sa díospóireacht i 1997, agus luaigh sé Caitlicigh, Giúdaigh agus aindiachaithe mar shamplaí.
D’aontaigh an feisire Margaret Beckett, ceannaire an tí, leis, ach dúirt an feisire Patrick Cormack (Coimeádach): “Would you confirm that, although the House has very properly addressed the matter of MPs and their consciences in the past, it has never sought to suspend the requirement for an MP to proclaim and acknowledge the sovereignty of the Queen?” Agus dúirt sé go mbeadh athrú mór de dhíth sa dlí chun an mionn a athrú. D’aontaigh an Ceann Comhairle leis agus b’éigean d’fheisirí Shinn Féin fanacht beagnach cúig bliana le dul isteach go Westminster, áit a raibh díospóireacht ar siúl le gairid faoin dóigh is fearr le daonlathas a chruthú san Afganastáin.
Ní raibh Giúdaigh ábalta dul isteach i Westminster sa 19ú haois mar go raibh orthu mionn Críostaí a thabhairt - toghadh Lionel de Rothschild cúig huaire sular bhfuair sé cead a shuíochán a ghlacadh i 1858 tar éis rún speisialta.
Sasanach radacach
D’athraigh The Parliamentary Oaths Act 1866 an mionn, ach choinnigh sé daoine amach go fóill - Charles Bradlaugh cuir i gcás. Sasanach radacach agus aindiachaí ab ea é agus cé gur toghadh é cúig huaire mar fheisire i Northampton, ní raibh sé ábalta a shuíochán a ghlacadh go dtí 1883 mar gur dhiúltaigh sé an mionn a thabhairt. Thug Parnell tacaíocht don Phríomh-Aire Gladstone nuair a mhol sé “unbelievers be allowed to affirm” sa bhliain sin agus tháinig Bradlaugh isteach go Westminster. Cé gur cara mór do shaoirse na hÉireann ab ea Bradlaugh, rinne ceannairí na gCaitliceach ionsaí ar Pharnell toisc gur thug sé tacaíocht d’aindiachaí.
Toghadh John Mitchel mar fheisire i dTiobraid Árann dhá uair i 1875 ach ní raibh cead isteach aige go Westminster de bharr gur phoblachtánach é.
Ach seo 2002 agus tá níos mó daoine i Sasana ag tabhairt amach faoin ról atá ag an bhanríon sa rialtas sa tír seo. I mí na Nollag 2000 bhí eagarfhocal sa nuachtán The Guardian ag rá go mba chóir go mbeadh reifreann sa Ríocht Aontaithe ar cheist an mhonarcachais (www.guardian.co.uk/constititution/comment) agus cuireann feisirí mar Tony Banks MP in iúl go poilbí go bhfuil siad in aghaidh an mhionna dílseachta don bhanríon.
Anois tá páirtí poblachtánach bunaithe ag an Ollamh Stephen Haseler darb ainm Republic (www.lgu.ac.uk/politics/Haseler). Fear é Haseler a bhfuil a lán creidiúna aige agus is minic a bhíonn sé ar na meáin ag labhairt faoin easpa tacaíochta atá ag an mhonarcachas sa lá atá inniu ann - cuir i gcas an easpa suime atá ag daoine san Iubhaile Órga i gcomparáid leis an cheiliúradh a bhí ann tríocha bliain ó shin ag am na hIubhaile Airgid.
Ag caint faoin phoblacht sa Bhreatain, dúirt Haseler, atá ina Ollamh le Polaitíocht sa London Guildhall University: “The British don’t see the monarchy as an institution of the future, they see it as an institution of the past. So it’s a question of when, in my view and not if - but I think we’ve got to wait at least another 10 years” .
Mar an chéad chéim sa treo seo, deir sé, caithfidh Westminster fáil réidh leis an mhionn dílseachta don bhanríon.
Is léir, mar sin, go bhfuil feisirí Shinn Féin ina gceannródaithe ó thaobh daonlathais de nuair a dhiúltaíonn siad an mionn sin a thabhairt.