Bíonn ar Liz Curtis aghaidh a thabhairt ar an chlub Gaeilge Sult nó ar Bhaile Átha Cliath ó am go chéile nuair is mian léi teitheadh ó na círéibeacha agus ón seicteachas.
Tá a fhios agam gur “Litir as Béal Feirste” atá in ainm is a bheith sa cholún seo ach cá bhfuil mé anois ach sa chaife thuas staighre i siopa leabhar Hodges Figgis i mBaile Átha Cliath.
Tá mé tógtha leis an smaoineamh nua seo a bheith ag scríobh i gcaife. Seo mar a scríobh J.K. Rowling a leabhar mór-ráchairte Harry Potter, agus b’fhéidir go dtiocfaidh cuid den draíocht sin chugamsa fosta. Ach ba cheart dom ábhar eile a roghnú, sílim!
Beidh litir faoi Bhéal Feirste agaibh, ar scor ar bith. Sula dtosóidh mé ar an stuif trom dáiríre, inseoidh mé daoibh faoi rud deas taitneamhach: an club Gaeilge Sult atá ar siúl i mBéal Feirste anois chomh maith le Baile Átha Cliath. Is í Orla McGrory, múinteoir in Institiúid Bhéal Feirste, atá i mbun an chlub, le cuidiú óna cairde Eithne Uí Chonchúir agus Caitríona Nic Seáin.
Bíonn ócáid ag an chlub uair amháin sa mhí ar an Déardaoin thuas staighre sa Front Page ar Shráid Donegall. Bíonn atmaisféar breá bríomhar ann, agus meascán siamsaíochta, idir cheol domhanda agus cheol traidisiúnta. Is cuma cad é an méid Gaeilge atá agat: tar isteach agus bain sult as! Seo iad na dátaí atá i gceist idir seo agus deireadh na sraithe: 21 Feabhra, 21 Márta, 18 Aibreán, agus 16 Bealtaine. Tosaíonn sé ag 9.30 p.m., agus £4 an cead isteach a bhíonn i gceist.
Atmaisféar seicteach
An fáth a bhfuil mé i mo shuí anseo i mBaile Cliath, ná go raibh orm ealú ón Tuaisceart arís. Bhí an t-atmaisféar chomh seicteach sin ann de bharr na gcíréibeacha agus dhúnmharú an fhir poist óig, Danny McColgan, gur chuir sé pian fisiciúil agus síceolaíoch orm.
Dúirt mo chomharsa Áine: “Bhí orainn cur suas leis an stuif seo i rith ár saoil ar fad.” Ach níor tógadh mise sa Tuaisceart agus ní féidir liom mairstin sa chineál atmaisféir a bhíonn ann go minic.
Cad é mar a mhaireann muintir an Tuaiscirt ansin? Diúltaíonn Áine smaoineamh go domhain faoi na rudaí atá ag dul ar aghaidh, mar go bhfuil siad róphianmhar. Déanann sí iarracht sult a bhaint as an saol ar scor ar bith.
Seans gur sin cuid den chúis go mbíonn an méid sin daoine ólta ag an deireadh seachtaine. Cógas suain atá i gceist, b’fhéidir. I mo chas féin, sílim go mbeadh fíorchógas suain de dhíth orm le bheith beo sona sásta sa Tuaisceart - codlaidín, is dócha. Mar sin, sílim go bhfuil sé níos ciallmhaire éalú ó am go ham. Tá cara agam as Baile Átha Cliath a chónaíonn i mBéal Feirste agus deir sise: “Caithfidh mé imeacht achan choicís le fanacht ar mo chiall.”
Cad é tá mícheart sa Tuaisceart, go háirithe ó thaobh na ndílseoirí de, atá ag déanamh ionsaithe ar na naisiúnaithe gan stad gan staonadh? Tá na naisiúnaithe breá ábalta ionsaithe a dhéanamh iad féin, ar ndóigh, ach is í an bhunfhadhb ná an seicteachas brúidiúil atá i gceist i measc an lucht oibre dílseach.
Tá muid ar ais sa 19ú aois, ar bhealach, nuair a bhí círéibeacha seicteacha ann gach uair a bhí teannas ard polaitiúil i gceist. Bhí círéibeacha uafásacha ann in 1886, mar shampla, nuair a bhí an Bille Home Rule á phlé i bparlaimint na Breataine. Seo mar a thosaigh siad:
Bhí achrann ann idir féitheoir Caitliceach agus oibrí Protastúnach sna dugaí. Tugadh an bóthar don Phrotastúnach, agus chuaigh ráfla thart gur dhúirt an Caitliceach leis: “I ndiaidh Home Rule, ní bheidh muintir s’agatsa ábalta a gcuid a shaothrú.”
An chéad lá eile, fuair na céadta oibrí longlainne Protastúnacha casúir agus barraí iarainn mar airm, agus rinne siad ionsaí ar na Caitlicigh sna dugaí. Fuair Caitliceach amháin bás - James Curran an t-ainm a bhí air agus gan é ach 18 mbliana d’aois. Nach bhfuil cosúlacht ann idir an eachtra sin agus na rudaí a tharla ar na mallaibh?
Tharla an rud céanna ó 1920 go 1922, nuair a bhí rath ar an chúis phoblachtánach sa deisceart, agus arís ag deireadh na 1960í, nuair a bhí gluaiseacht na gceart sibhialta ag baint amach leasuithe.
I bponc
=======
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an pobal dílseach i gceantracha mar thuaisceart Bhéal Feirste agus Bóthar na Seanchille i bponc anois. Tá siad tréigthe ag an mheánaicme Phrotastúnach, a chónaíonn in áiteanna deasa duilleogacha mar thuaisceart Chontae an Dúin. Agus tá na postanna a bhí acu sna longlanna agus sna monarchana imithe, mar tá lá an chineáil sin geilleagair thart le fada anois fud fad Iarthar na hEorpa.
Le tamall fada anuas, tá geilleagar thuaisceart na hÉireann ag brath ar an stát. Tá an mheánaicme Phrotastúnach fite fuaite sa stát maidir le hairgead agus postanna. Tá an pobal Caitliceach ag fáil níos mó airgid ón stát na laethanta seo, cé go bhfuil siad faoi míbhuntaiste go fóill.
An dearcadh a bhí ag Protastúnaigh de chuid an lucht oibre roimhe seo ná go bhfaigheadh siad postanna gan cheist ar fhágáil na scoile dóibh gan cailíocht ar bith. Ní tharlaíonn sé sin anois. Ach chuaigh na Caitlicigh chun oideachas a fháil, agus anois tá meánaicme nua ag fás a bhfuil níos mó tionchair pholaitiúil acu, agus na scileanna le hairgead agus le háiseanna a bhaint as na stáit sa Tuaisceart agus sa Deisceart, agus ón Eoraip.
Cad é atá fágtha le déanamh ag dílseoirí dífhostaithe, mar sin, ach drugaí a dhíol, dul go dtí an giomnáisiam, agus iarracht a dhéanamh a gcomharsana Caitliceacha, dream a gcuireann siad an milleán maidir lena ndeacrachtaí féin orthu, a dhúnmharú?