TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Cóilín cumasach
Cóilín Ó Floinn Cóilín Ó Floinn Cóilín Ó Floinn

Níl Cóilín Ó Floinn as Nua-Eabhrac ag foghlaim na Gaeilge ach le dhá bhliain go leith ach tá an teanga ar a thoil aige cheana féin. Míníonn sé san alt seo cad é a spreag a spéis sa teanga.

Íomhá
Íomhá
Cóilín Ó Floinn i Central Park, Nua-Eabhrac

Tháinig mé go hÉirinn den chéad uair i 1999, le freastal ar chúrsa samhraidh i mBaile Átha Cliath. Cé go raibh mé sa tír cúpla uair roimhe sin ar laethanta saoire, rugadh agus tógadh i Nua-Eabhrac sna Stáit Aontaithe mé, agus b’in an chéad uair a chaith mé seal i mo chónaí in Éirinn. Tháinig mé anall le grúpa as an ollscoil a raibh mé ag freastal uirthi, New York University, agus Summer in Dublin a thugann NYU ar an chúrsa samhraidh seo. D’fhreastail mé ar dhá rang ag an am: rang i stair na hÉireann agus bunrang na Gaeilge.

B’in an chéad uair a thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge. Fear as Gaoth Dobhair, Pádraig Ó Cearúil, a bhí ag teagasc na teanga dúinn. Tá Pádraig ina léachtóir le Gaeilge ag Ollscoil Nua-Eabhrac, agus caitheann sé a chuid samhraí ag múineadh na teanga ar an chúrsa seo i mBaile Átha Cliath. Chan amháin go raibh mé ag freastal ar an rang le Pádraig, ach thugadh sé chuig imeachtaí ar fud na tíre muid, áiteacha a raibh an Ghaeilge le fáil. Thug seo deis domh an teanga a chluinstin agus a labhairt taobh amuigh den rang, rud a bhíonn de dhíth go géar ar fhoghlaimeoirí.

I gcaitheamh an tsamhraidh sin, chuir mé suim mhór sa Ghaeilge, ach leis an fhírinne a rá, bhí suim agam sa teanga roimhe sin. Cionn is gur as Éirinn mo mhuintir uilig, bhíodh ceol na hÉireann sa teach s’againne, agus ghlac muid páirt i dtraidisiúin Ghaelacha fosta. Mar gheall air sin, tháinig mé trasna ar an Ghaeilge in amanna, ach ní raibh seans agam í a fhoghlaim. Fuair mé an seans sin nuair a tháinig mé anall go hÉirinn, agus b’iontach an rud deis a fháil í a fhoghlaim ó chainteoir dúchais.

Ar ais i Nua-Eabhrac

Nuair a bhí an samhradh sin thart, phill mé chun an bhaile go Nua-Eabhrac. Chríochnaigh mé ceithre leibhéal sa Ghaeilge ag an ollscoil sular bhain mé mo chéim amach sa Stair. Thart faoin am sin, shocraigh mé ar philleadh ar ais go hÉirinn agus tamall a chaitheamh anseo, agus, mar a tharla sé, ní dheachaigh mé ar ais go Nua-Eabhrac.

Tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath le dhá bhliain anuas. Ach ní raibh sé chomh simplí sin bogadh anall, agus socrú síos anseo. Cosúil le gach duine, bhí deacrachtaí agam obair a fháil, lóistín a fháil, agus mar sin de. Bhain mé úsáid as mo chuid spéise sa Ghaeilge. Thug an teanga deis domh a dhul áiteacha, agus castáil ar dhaoine suimiúla, rud nach mbeinn in inmhe a dhéanamh gan í.

Déanaim iarracht an Ghaeilge a labhairt gach uile sheans a fhaighim. Tá mé i mo bhall de Chlub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, chóir a bheith le bliain anois, agus caithim roinnt de m’am saor ansin; glacaim páirt sna himeachtaí a bhíos ar siúl sa chlub gach seans a fhaighim. Théinn isteach go dtí an club sula raibh mé i mo bhall agus bhuail mé le daoine a bhí i dtólamh breá sásta cuidiú a thabhairt domh, le cibé ar bith a bheadh de dhíth orm.

Téim ar thurais chun na Gaeltachta go measartha minic fosta, go speisialta go Gaeltacht Thír Chonaill. D’fhoghlaim mé cuid mhór faoin tsaol, agus faoin Ghaeilge go háirithe, ó mhuintir na Gaeltachta, chan amháin in Éirinn, ach thall i Nua-Eabhrac fosta. Éistim leis na scéalta a bhíonn acu. Gach ábhar cainte a bhíos acu, bíonn rudaí le foghlaim uathu. Ceann de na rudaí a d’fhoghlaim mé uathu ná nach dtig leat an Ghaeilge a bhrú ar dhaoine. Má tá sí ann, tiocfaidh sí go nádúrtha, agus nuair a tharlaíonn sin, is rud aoibhinn é!

Castar daoine orm nach dtuigeann an fáth a bhfuil mé ag foghlaim na Gaeilge. Cuireann siad ceisteanna orm cosúil le “Cén mhaith atá sa Ghaeilge duit?” nó cluinim, “Ní labhrann duine ar bith Gaeilge”. Níl ann ach rud pearsanta domhsa. Mar Mheiriceánach, ní raibh an deis agam an teanga a fhoghlaim ar scoil, nó í a chluinstin thart fá dtaobh díom nuair a bhí mé ag fás aníos. Tá a fhios agam gur páirt mhór de mo chultúr an Ghaeilge, agus má thig liom suim inti a spreagadh i ndaoine eile, ar mo bhealach féin, rud maith a bheas ansin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.