Cartlann
Líon alt a bhfuil an t-údar seo luaite leo: 65
Íomhá
Eagrán 130, Feabhra 2012
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Is é tuairim Roseanne Smith go bhfuil stiúir agus tuiscint de dhíth ar aos oibre na ríomhchláraitheoireachta leis an gcóir a íoc le lucht na cruthaitheachta.

»»»
Íomhá
Eagrán 129, Eanáir 2012
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Molann Roseanne Smith go ndéanfaí roinnt athruithe in oiliúint lucht ríomhaireachta in ollscoileanna na hÉireann go luath. Tá réimse den mhargadh nach bhfuiltear ag díriú aird mar ba chóir fágtha lag lúbach.

»»»
Íomhá
Eagrán 128, Nollaig 2011
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Tá leideanna agus seolta idirlín go leor ag Roseanne Smith san alt seo do fheilirí, do bhréagáin, do bhronntanais srl., seolta a chuideos leat réiteach le haghaidh na Nollag.

»»»
Íomhá
Eagrán 127, Samhain 2011
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Níl Roseanne Smith ag iarraidh ort aon ní a phléascadh nuair a bheas tú amuigh ar sodar tráthnóna, ach coimhéad d’intinn nuair a amharcfas tú ar shuíomh idirlín thall is abhus.

»»»
Íomhá
Eagrán 126, Deireadh Fómhair 2011
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Tá Roseanne Smith ag coinneáil súil ar threochtaí nuatheicneolaíochta. Beidh corr-rud saor ag teacht an bealach chugainn.

»»»
Íomhá
Eagrán 125, Meán Fómhair 2011
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Caithfidh Roseanne Smith trácht a dhéanamh ar bhuaicphointí saothair Steve Jobs tráth a bhfuil sé le dul ar scor ó Mhac an Úill.

»»»
Íomhá
Eagrán 124, Lúnasa 2011
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Tá roinnt deiseanna thart ort ar an idirlíon ar cheart do dhuine aghaidh a thabhairt orthu más ag iarraidh poist nua a aimsiú atá sé. Tá Roseanne Smith ag dul i mbun na ndeiseanna sin níos minice ar na mallaibh tharla gur athraigh sí féin a chuid oibre le déanaí.

»»»
Íomhá
Eagrán 123, Iúil 2011
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Tá Roseanne Smith ag moladh na gcomhdhálacha agus molann sí do lucht comhdhála amháin aird a dhíriú ar ghné ar leith ina gcur chuige an bhliain seo chugainn.

»»»
Íomhá
Eagrán 122, Meitheamh 2011
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Gné a thugann sásamh do chách is ea cumas an ghutháin agus deiseanna an ríomhaire le grianghraif a tharraingt, a fheabhsú agus a roinnt le daoine eile. Tá leideanna ag Roseanne Smith duit san alt seo.

»»»
Íomhá
Eagrán 120, Aibreán 2011
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Tá leidí ag Roseanne Smith le thú a chur ag ceannach, nó ag díol, fút is tharat, ach ar leath an chostais a íocadh roimhe seo. Tá an comharcheannach ag déanamh dul chun cinn mar a bheadh loscadh sléibhe tríd an idirlíon.

»»»
Íomhá
Eagrán 119, Márta 2011
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Tá ré an nuachtáin, mar pháipéar nuachta, tugtha. Tá nuachtán an lae inné tigh Roseanne Smith gan léamh aici go fóill, ach tá cosán dearg déanta aici chuig an ríomhaire le teacht ar ghíogscéalta nó ar Facebook, thejournal.ie, storyful.com nó ar an irishtimes.com féin.

»»»
Íomhá
Eagrán 118, Feabhra 2011
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Tá giolla úrnua i ngarraí na ríomhaireachta darb ainm Quora agus tá cuma mhaith air de réir cuntas Roseanne Smith. Faoi mhuintir na Gaeilge atá sé anois a dhul á shaibhseáil le ceisteanna ina dteanga féin.

»»»
Íomhá
Eagrán 117, Eanáir 2011
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Tá leideanna comhairle ag Roseanne Smith duit más ag plé leis an bpobal a bhíonn tú. Dála an scéil, ar mhaith leat do shiopa féin a chruthú ar Facebook? B’fhéidir gur seo é an tús a raibh tú ag fanacht leis.

»»»
Íomhá
Eagrán 116, Nollaig 2010
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Fág faoin gcóras poist do chuid bronntanais Nollag a thabhairt chun tí. Tá na seoltaí suímh go léir ag Roseanne Smith duit san alt seo.

»»»
Íomhá
Eagrán 115, Samhain 2010
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Bhí Roseanne Smith i láthair nuair a bronnadh Gradaim Ghréasáin na hÉireann an mhí seo caite agus chonaic sí fiúntas mór sna suíomhanna a bhí ainmnithe ann.

»»»
Íomhá
Eagrán 114, Deireadh Fómhair 2010
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Tá céim chun tosaigh Apple TV, tairiscint duit féin a léitheoir Bheo! chomh maith le Gradaim Ghréasáin i lár na míosa, go léir faoi thrácht ag Roseanne Smith ina halt thíos.

»»»
Íomhá
Eagrán 113, Meán Fómhair 2010
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Do ghasúr óg a ligean i mbun an ríomhaire, as féin? Ba cheart go mbeadh sé furasta a dhéanamh gan buaireamh. Tá comhairle duit ag Roseanne Smith san alt seo.

»»»
Íomhá
Eagrán 112, Lúnasa 2010
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Áiríonn Roseanne Smith liosta fad do sciatháin de shuíomhanna áisiúla san alt seo, suíomhanna a mheallann ar ais chuig an scáileán í go minic, bíodh an ghrian ag briseadh na gcloch amuigh nó ná bíodh.

»»»
Íomhá
Eagrán 111, Iúil 2010
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Mura mbíonn an t-am agat le blag a scríobh, meabhraíonn Roseanne Smith duit go mb’fhéidir go dtiocfadh leat a bheith ag taifeadadh i leath an ama le haghaidh podchraoladh.

»»»
Íomhá
Eagrán 110, Meitheamh 2010
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Ba cheart na deiseanna a thapú ar na líonraí sóisialta, ar nós LinkedIn agus Weedle, in ionad fanacht siar uathu, dar le Roseanne Smith.

»»»
Íomhá
Eagrán 109, Bealtaine 2010
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Beidh slad ar chearta an duine agus ar chóipcheart ar siúl, tharla gur cuma le gach éinne, Google agus YouTube san áireamh, an duine, nó an leabhar, a cheapfar le ceamara feasta. Measann Roseanne Smith gur chailleamar fuinneamh agus díograis na n-éan cuideáin, nó na Outliers.

»»»
Íomhá
Eagrán 108, Aibreán 2010
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Bhí cionsiocair mhaith ag Roseanne Smith le gabháil i muinín an fheidhmchláir ‘Labor Mate’ an mhí seo caite: saolú a tríú duine clainne! Tá dea-scéal eile le roinnt aici leat: Wordpress ag gabháil le Gaeilge.

»»»
Íomhá
Eagrán 107, Márta 2010
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Le cróise, madraí, nó le cibéard eile, is dóigh le Roseanne Smith go meallfar gach geek garáiste amach faoin aer le breathnú ar an saol mór ina dtimpeall.

»»»
Íomhá
Eagrán 106, Feabhra 2010
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Tá Roseanne Smith i ndiaidh tosaigh ar an iPiggyBank a líonadh le teacht ar iPad di féin amach anseo.

»»»
Íomhá
Eagrán 105, Eanáir 2010
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Tugann Roseanne Smith aird san alt seo ar chleasaíocht úr eile ár linne atá ag dul i bhfeidhm ar dhaoine agus ar chomhlachtaí an-ghar duit féin, i ngan fhios duit b’fhéidir.

»»»
Íomhá
Eagrán 104, Nollaig 2009
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

An forbróir bogearraí thú féin, ar nós lucht leanta Google Wave? Tá Roseanne Smith ag faire ar a bhfuil ag titim amach le forbairt na Toinne.

»»»
Íomhá
Eagrán 103, Samhain 2009
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Tá na duaiseanna do shuíomhanna idirlín bronnta ag Oireachtas na Gaeilge le breis is mí, ach tá comhairle le roinnt ag Roseanne Smith ar fhorbairt a chaithfear a dhéanamh go fóill.

»»»
Íomhá
Eagrán 102, Deireadh Fómhair 2009
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Tá Roseanne Smith den tuairim go gcaithfidh tú intinn agus amhras an chustaiméara a shocrú agus a bheith ilteangach, más mian leat do chomhlacht a chur ar bonn brabúis.

»»»
Íomhá
Eagrán 101, Meán Fómhair 2009
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Tá an ghiolcaireacht á moladh go láidir anseo ag Roseanne Smith. Gheofar gach eolas, beag agus mór, leis an ngiolcaireacht. Is féidir idir uachtar reoite agus i-fón a fháil de bharr do chuid giolcaireachta.

»»»
Íomhá
Eagrán 100, Lúnasa 2009
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Thug Roseanne Smith a ríomhaire glúine léi ar saoire don chéad uair riamh i mbliana. Cén fiúntas seirbhise idirlín a fuair sí ar an gcúlriasc in iarthar na tíre? Ar chuidigh an guthánI, an guthán idirlín, léi?

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.

Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.