CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Áiseanna don Nollaig ar an Idirlíon
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

leideanna agus seolta idirlín go leor ag Roseanne Smith san alt seo do fheilirí, do bhréagáin, do bhronntanais srl., seolta a chuideos leat réiteach le haghaidh na Nollag.

Íomhá
ifinger
Íomhá
twinkle garland, lámhdhéanta
Íomhá
Crann na Nollag

Tá an Nollaig buailte linn agus buaileann driopás áirithe sinn go minic faoi Nollaig chomh maith. N’fheadar an mbeidh ár ndóthain pióga mionra do chách? N’fheadar an dtaitneoidh stocaí Manchester United le m’uncail? N’fheadar an mbeidh leithscéal agam gan a ghabháil ar cuairt chuig an leadránaí sin arís i mbliana? N’fheadar céard a tharlóidh ar Chlár Downtown Abbey Lá Nollag?

Ní dóigh liom go mbeidh mé in ann na ceisteanna sin ar fad a fhreagairt ach, ar nós síofra San Nioclás, tá cúpla áiseanna ar líne agus soghluaiste aimsithe agam a chabhróidh leat an cloigeann a choinneáil ceart le linn féile na Nollag.

Cathain a thosnaíonn an Nollaig i ndáiríre? Ar ndóigh tá Aidbhint ann ina chomhraítear na laethanta ón gcéad lá Nollag go dtí an lá mór. Tá neart féilirí ar líne a ligfidh duit é seo a dhéanamh agus, don chuid is mó, níl iontu ach cnap fógraí ach tháinig mé ar cheann amháin a thaitin go mór liom. B’fhéidir nach féilire é ar an sean-nós ach is fiú go mór é Electric December. Tionscnamh atá ann ina dtaispeántar gearrscannán ó dhuine óg ó gach cearn den Eoraip chuile lá in Aidbhint. Sárthaispeántais de na scánnan is fearr i gcomórtas bliaintúil atá á reáchtáil ag pictiúrlann Watershed i mBristol na Sasana. Electric December

Más fearr leat féilire traidisiúnta is féidir iad a cheannach ar líne ach tá sé rud beag mall faoin am atá seo á léamh agat, a deirim! Féach Lego Advent Calendar ó Mimitoys, comhlacht Éireannach, Mimitoys nó suíomh sa Bhreatain Toys Sale

Molaim an Slip Sweet Shop i gCill Chainnigh chun an féilire deireanach sin a líonadh nó faoin am seo, an stoca! Arís tá Mimitoys go hiontach fá choinne féiríní do stocaí na daoine beaga. Slip Sweet Shop

Cé go bhfuil daoine go leor atá ag gearradh siar ar líon na mbronntanas atá le cheannach, trí Kris Kindle is a leithéid a dhéanamh, tá an té sin ann a mbíonn mála mhór le hiompar fós aige anuas an poll deataigh. Má tá iPhone agat is fiú go mór an feidhmchláirín, Gift Plan Cosúil le feoil an choiligh fhrancaigh, ní don Nollaig amháin é an feidhmchláirín seo: cabhróidh sé leat bronntanais a réiteach i rith na bliana. Cuir dáta breithlae isteach agus cuile uair a fheiceann tú nó a smaoiníonn tú ar bhronntanas cuí d’úinéir an lá bhreithe sin, is féidir é a chur leis an liosta. Ansin nuair a dhruideann an lá mór leat, ní cheannóidh tú faoi scaoll aon ní arís go brách.

Is ag caint faoi scaollcheannach de réir an tsuímh OnlineAdvertising.ie, ní hé sin atá ar siúl ag muintir na hÉireann ar líne ar aon nós. Anois, glacaim leis go bhfuil an ceann seo ubernerdy agus rud beag sean ach más nerd thú, cuirfidh tú spéis ann. Tá taighde déanta ag Alan Coleman in OnlineAdvertising.ie ar nósanna siopadóireachta ar líne agus, dar leis, is é an chéad Domhnach i mí na Nollag lá mór na siopadóireachta in Éirinn. Dá réir freisin bhí Éireannaigh ag déanamh taighde ar líne agus ansin ag déánamh machnaimh nó ag ceannach as líne. Mar sin is dáta ar leith é sin duit má tá gnó ar líne agat: bígí réidh do na horduithe!. http://www.onlineadvertising.ie/blog/index.php/2009/10/22/cyber-sunday-when-paddies-buy-xmas-pressies-online/

Má bhíonn tú ag seoladh bronntanas is cartaí thar leár gheobhaidh tú gach eolas faoi dátaí tábhachtachta ar shuíomh An Post. Is túsphointe iontach a suíomh I Love Shopping , ó An Post freisin, ina bhfaighfidh tú beagnach gach siopa Éireannach ar líne.

Anois tá an féilire agat, do phlean bhronntanais, d’éirigh leat do thaighde a dhéanamh agus postas a eagrú in am chuí. Nach bhfuil sé thar ama duit an crann Nollag a mhaisiú? Más ea, tá péire cat ann atá sásta a saineolas a roinnt leat. Fluffy Tails Gabhaigí buíochas le Iris agus Fern, sármhaiseoirí na Nollag.

Idir Choileach Franach agus Bhronntanas Lá Breithe

Go pearsanta is breá liom maisiúcháin lámhdhéanta agus ar ndóigh tá áit anseo do mhaisiúcháin cróisé agus cniotáilte. Féach Ravelry fá choinne roinnt smaointe Maisiúcháin déanta de láimh Ravelry

Beidh mise ag déanamh na gcrann beag seo bunaithe ar chearnóg Maimeó Ravelry

Nuair atá na maisiúcháin crochta suas agat, gan amhras beidh fonn ort grianghraf a tharraingt leis an gceamara digiteach a fuair tú tar éis m’alt iontach (!) ar cheamaraí le linn 2011? Tá cúnamh in aice láimhe ansin freisin: gheobhaidh tú nodanna ciallmhara ar an suíomh seo faoi conas na grianghraif is deise a tharraingt de shoilse Nollag. http://strobist.blogspot.com/2006/12/how-to-photograph-christmas-lights.html

aistíl áirithe Nollag amháin feicthe againn le blianta beaga anuas: an comharsa sin a n-ollmhaisíonn an teach s’acu. Leis na nodanna grianghrafadóireachta thuas, céard faoi iontráil a chur chuig an suíomh seo? http://www.uglychristmaslights.com/ Ainm an tsuímh? UglyChristmasLights.com. Is leor sin mar eolas is dócha.

Faoin am atá sin go léir déanta, beidh ort na bronntanis ar fad a chlúdach. Domsa, sin an jab is measa liomsa: fágaim i gcónaí go dtí an nóiméad deiridh é agus bíonn neart beart le clúdach. I mbliana, áfach beidh cuidiú agam ó iFinger. Leis an app seo cuireann tú tomhaisí an bhirt le clúdach ann agus faigheann tú tomhaisí an píosa páipéar a bheadh uait chun an beart sin a chlúdach. Ansin is féidir an iFinger a úsáid chun an páipéar a choinneáil san áit cheart. Ná bí ag streachailt le páipéar beartán feasta!

Faoi dheireadh, tá oíche Nollag druidte linn agus más úinéir Blackberry thú gach seans go bhfuil rudaí le déanamh, daoine le feiceáil agat. B’fhiú go mór duit mar sin an Santa Tracker. Ligeann an áis seo duit súil a choinneáil ar dul chun chinn Dadaí na Nollag is é ag gabháil timpeall na cruinne. Muna bhfuil Blackberry agat molaim Norad Santa a déanann an rud céanna ar líne. Tá súil agam go dtugann siad ábhar an tsuímh cothrom le dáta nó beidh a fhios ag an bpáiste is sine againn go bhfuil rud éigin cearr.

Níor luaigh mé áis ar bith don bhia go fóill mar, gan amhras, tá an modh céanna ag gach uile dhuine chun an béile tábhachtach seo a chruthú. Ach muna miste leat, mholfainn oideas amháin don bhéile seo. Is oideas don liamhás é ó Jamie Oliver. Neam neam! Jamie Oliver

Nollaig Shona!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.