CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Meath an Nuachtáin Chló
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

ré an nuachtáin, mar pháipéar nuachta, tugtha. Tá nuachtán an lae inné tigh Roseanne Smith gan léamh aici go fóill, ach tá cosán dearg déanta aici chuig an ríomhaire le teacht ar ghíogscéalta nó ar Facebook, thejournal.ie, storyful.com nó ar an irishtimes.com féin.

Íomhá
Clay Shirky
le Joi ar Vicipéid
Íomhá
Tusa a Fheadáin!
Íomhá
Leabhar na Gnúise
Íomhá
Clay Shirky ag Comhdháil Úrtheicneolaíochta Uí Raghallaigh 06
le James Duncan Davidson, O Reilly Media Inc. ar Vicipéid

Má léim alt eile i nuachtán faoina sciobtha is a bhriseann scéalta nuachta ar Twitter, Facebook is ar YouTube caillfidh mé a laghad stuaime is atá fanta ionam. Tá dhá alt ar a laghad léite agam ag scríbhneoirí gné-ailt i nuachtáin náisúnta le déanaí ina ndéanann siad iontas mór den mbealach a bhris scéal ar líne. Nuair a thosaigh mé isteach go gearánach ar an ábhar seo dúirt m’fhear chéile liom nach ionann mise is ‘gnáthdhaoine’. Dar leis, táimse i bhfad níos sáití sna meáin sóisialta ná mar atá an-chuid daoine. Bhuel le bheith cruinn, caithfidh sé go léann na hiriseoirí seo nuachtán amháin ar a laghad in aghaidh an lae, ní hionann is mó dhála féin. Tá an t-ádh liom má éiríonn liom suí síos le páipéar nuachta uair amháin sa tseachtain. Is é inniu an Domhnach agus cé go bhfuil páipéar an tSathairn sa teach níor bhreathnaigh mé air go fóill. Ach bí cinnte go bhfuil leathuair an chloig ar a laghad caite agam, tosaithe ar Twitter is ar Facebook, ní hamháin ag léamh ach ag cíoradh scéalta móra an lae. Ní hé go bhfuilim aineolach ach bailím mo chuid nuachta sa bhealach ar leith a oireann domsa.

Ní scéal nua é go bhfuil na nuachtáin i bponc. I saol na Gaeilge féin, tá bás an nuachtáin chló is fás na nuachtán digiteach feicthe againn. Ní ceist teanga í. Níl ann ach rotha mór an tsaoil agus is é an scéal céanna é i ngach cearn den domhan. In alt i Mashable (1) le déanaí scríobh Ben Parr alt faoi staidreamh a d’eisigh an Newspaper Association of America. Léiríonn sé leis na figiúrí san alt sin go raibh titim 44% in ioncam fógraíochta, idir 2006 is 2010 i nuachtáin Mheiriceánacha, chló agus ar líne san áireamh.

Ní Nuachtáin, ach Iriseoireacht atá de Dhíth

Mar a dúirt an saineolaí agus léachtóir Clay Shirky in alt sa bhliain 2009 (2) “Society doesn’t need newspapers. What we need is journalism.” De réir an ailt sin, tá rud éigin briste sna meáin chlóite agus in ainneon tábhacht, agus lárnachas na meán céanna, níl aon fhreagra le fáil againn i lár an chlaochló seo, ar an gceist “Céard tá i ndán do na meáin?” Scríobhann sé san alt seo faoin leabhar le Elizabeth Eisenstein faoin tréimhse réabhlóideach nuair a cruthaíodh na meáin chló agus faoin am a mbíodh siad forleathan san Eoraip. D’fhéadfá cosúlachtaí a fheiceáil idir na scéalta atá aici faoin am seo is na scéalta a chloistear faoi theacht chun cinn saol an scannáin, an raidió agus na teilifíse, gach ceann acu ina sheal féin. Agus cosúil leis an idirlíon baineadh úsáid as na meáin seo ar fad, na meáin chló san áireamh, chun pornagrafaíocht a dhíol is a scaipeadh!

Bearnaí á Líonadh

Tá roinnt fiontraithe Éireannacha agus seanmhná uaisle na nuachtán ag baint trialach as múnlaí na meán eile cheana féin. Is léir go dtuigeann siad go bhfuil bearna ann agus go bhfuil daoine ag iarraidh guth údarásach chun an bhearna sin a líonadh. Éiríonn leo na bearnaí seo a líonadh i mbealaí éagsúla:

  1. The Journal Le dearadh agus le taithí úsáideora den chéad scoth agus faoi chruth atá sóisialta tríd is tríd, seo an múnla nua is ansa liom go fóill. Baintear feidhm as iriseoirí cathrach chun na scéalta a ghoradh nó a fhás agus úsáidtear leis Twitter agus Facebook agus ligtear do na léitheoirí iad féin gach uile scéal a chíoradh ina bhfocail féin. Tá gach scéal rangaithe de réir ábhair agus clibthe (ag an gcomhartha: #) freisin. Cé go bhfuil iriseoirí le taithí ar an bhfoireann is iriseoirí óga don chuid is mó atá ann. Díreach iad siúd a mbeadh spéis ar leith acu i dtodhchaí na hiriseoireachta in ionad nuachtáin. Tá iPhone app le fáil uathu freisin.

  2. Storyful Le béim níos idirnáisiúnta ná The Journal ní haon ionadh go bhfuil spéis ag Enterprise Ireland sa dream seo. Fógraíodh an tseachtain seo chaite (san Irish Times, is leamh le haithris) go bhfuil maoiniú faighte acu ón dream thuasluaite is Ray Nolan, bunaitheoir Hostelworld (3). Cosúil le Quora a scríobh mé faoi an mhí seo chaite, tá béim ar leith ag Storyful ar choimeádaíocht agus is é a mbunriail“There’s always someone closer to the news.” Ligtear d’úsáideoirí tabhairt faoi scéal a choimeád ar son a lucht léitheoireachta. Thug a bhunaitheoir roinnt údaráis leis tharla gurb é an té sin Mark Little a bhíodh mar iriseoir in RTÉ tráth dá raibh.

  3. The Irish Times Cé go mbíonn leagan clóite den Irish Times ar fáil chuile lá cuirtear béim ar leith ar a leagan ar líne. Bíonn an nuachtán ar fad ar fáil beo chuile mhaidin agus tá a chartlann ar fáil ar praghas. Is féidir gach rud a roinnt ar na líonraí sóisialta ach níl an oscailteacht chéanna ar mhéid na roinnte atá ar siúl, .i. níl sé soiléir, mar ní thugtar líon léitheoirí in aice na bhfeathal. Tá an-chuid dá n-iriseoirí gníomhach sna meáin sóisialta idir Twitter agus Facebook. Tá réimse leathan blaganna acu ar an suíomh freisin. Tá cion mór ag an bpobal ar líne orthu: tá an grand prix agus an catagóir “Best Online Newspaper” buaite acu cúpla uair san Irish Web Awards.

Tá an t-ádh linn in Éirinn go bhfuil an méad seo triallacha iriseoireachta ar siúl. Mairimid i dtréimhse an-spéisiúil i saol na hiriseoireachta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.