CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Ag Lorg Oibre?
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

roinnt deiseanna thart ort ar an idirlíon ar cheart do dhuine aghaidh a thabhairt orthu más ag iarraidh poist nua a aimsiú atá sé. Tá Roseanne Smith ag dul i mbun na ndeiseanna sin níos minice ar na mallaibh tharla gur athraigh sí féin a chuid oibre le déanaí.

Íomhá
Leideanna
(Le caoinchead Jobvite)
Íomhá
An seanfhondúir, Facebook
Íomhá
Lár an aonaigh, LinkedIn

Tá neart daoine ann gur fuath leo Facebook. Tá mé féin idir dhá chomhairle faoi. Is maith liom é tharla go bhfuil an chuid is mó de mo chairde is de mo mhuintir ann, le hais a bhfuil ar Twitter nó ar LinkedIn. Más mian liom coisir a eagrú leofa, sin í an áit a dtabharfaidh mé faoi. Ach uaireanta braithim gurb iad mo ghréasáin ar Twitter is ar LinkedIn a thuigeann níos fearr na rudaí is mór liom féin: an teicneolaíocht, an t-idirlíon, bia agus cróisé i measc rudaí eile.

Ó scríobh mé an mhí seo caite tá athrú mhór ar mo shaol féin: tá post nua mar earcóir agam le Prosperity Recruitment. Dá bharr tá tábhacht ar leith ag baint le mo ghréasáin ar LinkedIn - is é rogha gréasáin earcóirí na cruinne é. Le seachtain anuas tuigim cén fáth. Tá daoine ann nach mbreathnódh ar Twitter fiú, gan caint ar chuntas a oscailt, a bhfuil gréasán cruthaithe acu ar LinkedIn. Is féidir seasamh le gréasán ar LinkedIn a bhuanú is a fhorbairt mar obair fhorbartha ghnó is cuma cén earnáil ina bhfuil tú. In earnálacha ar leith, nó i rólanna ar leith, is luach breise ar leith fostaí le gréasán mór, dea-forbartha. Is ionann a leithéid i saol an fhaisin do mhainiciní le leathanaigh Facebook.

Deiseanna Úra LinkedIn

Beidh tábhacht ar leith (agus buairt ar leith ar earcóirí!) le seoladh cnaipe nua LinkedIn le déanaí. Sheol siad a chnaipe “Apply with LinkedIn” do fhostóirí a ligfidh do lucht LinkedIn cur isteach ar phostanna atá fógartha ag comhlachtaí ar an suíomh acu féin. Breathnaigh ar an bhfiseán seo chun é seo a thuiscint níos fearr. http://youtu.be/icche0kMP00

Chomh maith leis sin, tuigeann LinkedIn go maith go mbeidh tábhacht ar leith le hearcóirí agus le saineolaithe acmhainní daonna go ceann tamaill eile. Tá API LinkedIn oscailte agus mar sin, le cuntas corporáideach, is féidir le hearcóirí tabhairt faoi chuardach domhain a dhéanamh ar an ngréasán agus, dá bharr, teacht orthu siúd leis na scileanna is oiriúnaí don phost atá idir láimhe acu.

De réir Jobvite, comhlacht a bhfuil saineolas ar leith acu ar earcú sóisialta, tá fás as cuimse faoin earcú sóisialta (iontas na n-iontas!). De réir an mheastacháin is déanaí uathu http://recruiting.jobvite.com/resources/social-recruiting-survey.php dúirt 89% dá bhfreagróirí go ndéanfaidh siad earcú ar líonraí sóisialta i mbliana. Agus dar leis an dream céanna, beidh deacracht ar leith na hiarrthóirí is fearr a aimsiú is a mhealladh. In Éirinn is léir go bhfuil na deacrachtaí sin ag gabháil i bhfeidhm ar an earnáil ghnó cheana. D’fhoilsigh an Irish Internet Association tuairisc le déanaí http://iia.ie/news/item/1794/critical-skills-retention-and-development-programme/ faoi easpa scileanna digiteacha sa tír seo ina chuireann siad brú ar lucht déanta beartas féachaint chuige beartais a dhéanamh a mheallfaidh níos mó oibrithe leis na scileanna seo go hÉirinn. Nó ar ndóigh, a bhfuil anseo a choinneáil in Éirinn sa chéad áit!

Tuigim freisin go bhfuil slua mhór daoine amuigh ansin ag cuartú post agus mar sin tá mé chun cúpla nod a roinnt libh faoi conas do phróifíl LinkedIn a úsáid chun deiseanna fostaíochta a fhorbairt ar an ngréasán seo.

Nodanna

  1. Líon isteach gach réimse i do phróifíl: gach seans nach gá dom é seo a lua - níor chóir go mbeadh orm é seo a lua - ach a mhéid atá comhlánaithe agat a reic in eocharfhocal nó in eocharnathanna. Bí cinnte go gcuireann tú curriculum vitae reatha le do phróifíl freisin.

  2. Coinnigh an phróifíl seo cothrom le dáta: aon uair a fhaigheann tú ardú céime nó a n-athraíonn tú do phost bí cinnte é seo a chur in iúl láithreach sa phróifíl agus líon isteach gach réimse arís le haon eolas nua. Agus ná déan dearmad ar an CV!

  3. Glac páirt i ngrúpaí nó bunaigh do ghrúpa féin: tá tábhacht ar leith ag baint le tionchar, go háirithe ar Twitter. Is trí ghrúpaí gur féidir an tionchar sin a fhás agus teagmálacha a fhorbairt leo siúd gur spéis leo an t-ábhar céanna nó a d’fhéadfá gnó a dhéanamh leo. Nuair atá taithí agat ar roinnt grúpaí smaoinigh ar do ghrúpa féin a bhunú. Más rud é go bhfuil tú ag díol folúsghlantóirí ná bhunaigh grúpa faoi fholúsghlantóirí, ach bunaigh ceann faoi bhainistí a ligfidh duit do shaineolas faoi chúrsaí sláinte timpeallachta agus bainistí a roinnt leis an ngrúpa.

  4. Nasc gach rud: de réir an tsaineolaí Richard Nelson Bolles a scríobh “What colour is your parachute” is trí do ghréasán féin go minic (do mhuintir, do chairde, d’iarchomhghleacaithe) a gheobhaidh tú post. Bain úsáid mar sin as uirlisí LinkedIn chun do ghréasáin ar fad a tharraingt le chéile. Mar atá luaite thuas go minic, músclóidh do ghréasáin féin spéis fostóra .

  5. Bain úsáid as an stádas: Is féidir d’ainm a choinneáil ar bharr aigne má roinneann tú ábhar spéisiúil agus dírithe ar an earnáil gur spéis leat. Dála an scéil, má tá tú ag cuartú post luaigh é sin in éineacht le heolas faoin gcineál poist atá uait.

Má tá post nua uait, tá neart uirlisí ar líne chun cabhrú leat an post sin a aimsiú. Gabh ina mbun!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.