CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Faighneoga Fuaime
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Mura mbíonn an t-am agat le blag a scríobh, meabhraíonn Roseanne Smith duit go mb’fhéidir go dtiocfadh leat a bheith ag taifeadadh i leath an ama le haghaidh podchraoladh.

Íomhá
Micreafón meánmhéide
Íomhá
Is gá cluasáin
Íomhá
Bunáite trealaimh an phodchraolta
Íomhá
Boo

Thosaigh mé ag podchraoladh timpeall bliain ó shin anois. Cinnte, bhí páirt glactha agam i bpodchraoltaí roimhe sin agus bhí clár raidió a léirigh mé is a chur mé i láthair do Raidió na Life curtha ar fáil mar phodchraoladh, ach anuraidh thosaigh mé sraith podchraolta a léiriú ó thús go deireadh mé féin.

Bhí an Mheitheal um Mheáin Sóisialta de chuid an Irish Internet Association ag ullmhú treoirleabhair ag an am do chomhlachtaí Éireannacha faoin bpodchraoladh. Is ball mé den ghrúpa seo. Ghlac mé páirt i gceardlann inar pléadh dréacht den treoirleabhar seo. Is é cuid mhór de mo chúramsa daoine a chur ar an eolas faoi theicneolaíocht agus faoi na féidearachtaí a bhaineann léi i gcomhthéacs gnó agus fiontraíochta. Níor bhraith mé mar sin go bhféadfainn cás a dhéanamh do phodchraoladh go dtí gur thriail mé é ó bhun go barr mé féin.

Craolaim clár de thart fá 45 noiméad nuair a bhíonn deis agam suí síos le mo chomhláithreoir, Rosemary MacCabe. Os rud é gur thriail a bhí ann, ní raibh fonn orm mórán airgid a chaitheamh ar threalamh. Dá bhrí sin, úsáidim Olympus Digital Voice Recorder DS-30 a chosain timpeall €150.00. Ach is é caighdeán an mhicreafóin a chuireann le caighdeán na fuaime agus mhol podcraoltóir eile, Brian Greene, an Sony ECM MS907 dom. Tá mo chuid trealaimh mar atá go hiomlán iniompartha agus is minic a thugam liom i mo mhála láimhe é. Déanaim eagarthóireacht ar an ábhar a thaifeadaim agus úsáidim Audacity, bogearra saor in aisce chun é sin a dhéanamh. Chun an clár féin a chraoladh úsáidim Wordpress blog leis an mbreiseán Podcasting Plugin le TSG. Is féidir liom MP3s a uasluchtú gan stró. Níl mórán éisteoirí againn faoi láthair agus ní chuireann an trácht seo brú ar mo chuntas óstála mar sin. Dá mbeadh an-chuid ag éisteacht, ag íosluchtú, nó ag clárú don phodcraoladh, b’fhéidir go mbeadh fadhb ann. B’fhéidir go mbeidh lá éigin! Cuireann an breiseán seo sruth ar fáil a ligean dom é a chraoladh trí iTunes agus cruthaíonn an breiseán seinnteoir ar an mblag freisin dóibh siúd nach bhfuil speis acu in iTunes.

An Pod chun Tosaigh ar an mBlag

Tar éis bliana is féidir liom an méid seo a rá faoin bpodcraoladh. Ar an taobh diúltach, glacann an eagarthóireacht roinnt mhaith ama, abair 3 oiread na míre taifeadta. Seans dá mbeadh bogearra níos fearr agam, d’fhéadfainn é a dhéanamh níos sciobtha. Nó b’fhéidir gur foirfeoir mé! Seachas sin, níl mórán eile diúltach faoi: tá níos mó tráchtaireacht ar bhlag an phodcraolta ná mar atá ar mo ghnáthblag, luadh an podcraoladh ar 2FM i measc podchraoltaí eile ar chóir éisteacht leo, agus, gan mórán poiblíochta, tá dhá oiread na síntiusóirí againn anois ná mar a bhí anuraidh. (Sin seisear déag in ionad ochtar!)

Ba bhreá liom podchraoladh rialta a dhéanamh don IIA nó fiú do Bheo! Tá neart ábhair ann gan amhras. Le mo thaithí go dtí seo, bheadh sé deacair, cinnte, an cás a dhéanamh ó thaobh líon na n-éisteoirí ach tá cás ann, dar liom, ó thaobh rannpháirtíochta agus ó thaobh dhoimhneacht na rannpháirtíochta sin ónár n-éisteoirí. Ní dhéanaim mórán poiblíochta ar “The Rosie View” ach fós tá éisteoirí dílse againn nach gcailleann clár riamh agus a fhágann tráchtaire nó a chuireann giolc chugam nó chuig Rosemary chun chur in iúl dúinn gur éist siad agus gur éist siad go géar. Seoladh taighde ag tús na bliana ag an Association of Downloadable Media a luíonn leis seo. Dhírigh an taighde seo ar dhearcadh éisteoirí i leith podchraoltaí urraithe nó le fógraí. De réir a gcuid taighde dúirt 31% d’éisteoirí gur bhain siad taitneamh as fógraí i bpodchraoltaí. Toisc gur roghnaigh na héisteoirí an podcraoladh, toisc go bhfuil muinín acu sa láithreoir agus toisc go luíonn ábhar na bhfógraí go teann le hábhar na bpodchraoltaí, bíonn rath ar aon urraitheoir atá sásta tacú leo. Tugtar an iarmhairt fháinneach ar seo.

Tá dhá comhlacht ag tairiscint seirbhísí fuaime anois atá a bhfuil spéis agam ann. Ligeann an péire acu don úsáideoir podchraoladh a chruthú gan mórán stró ná trealamh. Is beag costas a bhaineann leo. Le iPadio déantar fónchraoladh nó “phonecasting” (nó ‘guthchraoladh’ b’fhéidir) ina bhfágfaidh tú teachtaireacht fuaime nó “phlog” (nó ‘guflag’, guth+bhlag!) mar a thugann siadsan air. Bíonn an comhad fuaime ansin ar fáil duitse agus dod’ éisteoirí agus is féidir é a roinnt nó a leabú cosúil le haon comhad eile.

Abubúna

An dara comhlacht ná Audioboo a bhfuil cláirín cruthaithe acu don iPhone agus HTC a ligean duit fuaim a thaifeadadh, pictiúr a chur leis agus an dá rud a uasluchtú. Feicim go bhfuil garradóir Éireannach, Peter Donegan, ag baint an-fheidhm as faoi láthair. Tá sraith “boos” aige le nodanna garraídóireachta (féach nasc thíos). Is sampla an-mhaith é Donegan don bhealach gur féidir nodanna beaga nó eolas a roinnt l’ábhar custaiméara chun cur in iúl go bhfuil fios do ghnó agat agus chun caidreamh a bhunú is a bhuanú leo.

An rud is maith liomsa faoi Audioboo thar iPadio ná go bhfuil caighdeán na fuaime iontach agus gur féidir síntiús a ghlacadh in iTunes ar chlib ar leith in ionad a bheith ar chraoltóir amháin. Abair mar sin go bhfuil an clib “garden” ag Donegan thuasluaite ar a phodcraoladh. Is féidir brú ar an gclib sin agus sruth RSS nó nasc chuig iTunes don chlib sin a fháil.

Is léir go bhfuil spéis ar leith sa chomhlacht seo mar d’fhógair siad ag tús Mí Meitheamh go raibh infheistíocht faighte acu agus go raibh forbairtí nua le teacht a bheadh an-spéisiúil do chomhlachtaí. Is mé ag léamh faoin tseirbhís seo, chonaic mé an cur síos “Twitter for Audio” is ”YouTube for Audio” tugtha air.

Má tá do ghnó féin agat is fiú go mór breathnú ar a leithéid de fheidhmchlár, go háirithe má bhraitheann tú nach bhfuil a dhóthain ama agat blag a scríobh go rialta. D’fhéadfá taifeadadh a dhéanamh in aon áit, aon uair a spreagfaí thú!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.