CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Na Suíomhanna is Ansa agus is Áisiúla
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Áiríonn Roseanne Smith liosta fad do sciatháin de shuíomhanna áisiúla san alt seo, suíomhanna a mheallann ar ais chuig an scáileán í go minic, bíodh an ghrian ag briseadh na gcloch amuigh nó ná bíodh.

Íomhá
Cúpla cianóg eile do Paypal.ie as seo
Íomhá
Cuid de fhoireann Startrek agus an chéad Enterprise
Vicipéid
Íomhá
'Neam neam', gabhdóga seacláide agus biatais ar oideas RiverCottage.net

Tá an samhradh linn agus leis an bhfírinne a rá, tá an aimsir bhreá ag gabháil i bhfeidhm orm agus níl sí ag réiteach le mo shíorúsáid teicneolaíochta. Murach m’iPhone, ní dóigh liom go mbeinn tar éis oiread is nóiméad amháin a chaitheamh ar an idirlíon le déanaí. Ní féidir mórán a fheiceáil ar scáileán ríomhaire glúine nó iPhone amuigh faoin ngrian, an iPad san áireamh. Sin dúshlán anois do theicneolaí éigin! Tá eInk ann ar ndóigh, an teicneolaíocht scáileáin a úsáideann Amazon sa Kindle, an léitheoir leictreonach s’acu. Ach táim ag gabháil ar fán … Ba mhaith liom a roinnt libh mar sin, na suíomhanna a tharraingíonn ar ais ar líne mé arís is arís eile. Seachas na cinn a mbeifeá ag súil leo (Gmail, Twitter, Facebook srl.) agus mo shuíomhanna pearsanta is oibre, seo iad inár ndiaidh, gan ord gan eagar, caite plinc pleainc ar an leathanach:

  • Google Reader Muna bhfuil tú ag úsáid léitheoir RSS cheana chun na suíomhanna is mó is spéis leat a tharraingt le chéile in aon áit amháin, is fiú breathnú ar Google Reader atá simplí ach atá iontach feidhmiúil. Ar ndóigh má leanann tú leathanaigh na suíomhanna is ansa leat ar Facebook nó ar Twitter go bhfaightear an tseirbhís chéanna go minic. Domsa is minic gurb é seo túspointe m’aistir ar line. É seo, Digg.com, Twitter nó Delicious.com. Má tá blas Éireannach uait ar do thúspointe féin, b’fhiú breathnú ar IrishBlogs.

  • Ó thaobh suíomhanna nuachta de, úsáidim na gnáthsheirbhísí nuachta Irish Times is Guardian srl., ach tá an gréasán go hiontach má bhíonn nuacht ar leith de dhíth. Ar ReadWriteWeb.com tá an-eolas le fáil faoi na comhlachtaí teicneolaíochta is faoi sheirbhísí nua atá le fáil ar an ngreasán. Ar Mashable.com bíonn na scéalta is nuaí, idir mhagadh is dháiríre, faoi na meáin sóisialta. Iomaitheoir do na suíomhanna seo a tosnaíodh in Éireann le déanaí is ea Bloggertone a bhfuil claonadh gnó, ach go háirithe, leis.

  • Ó thaobh dearadh de, is breá liom cur i láthair simplí ach domhain an tsuímh SmashingMagazine.com lena gcuid ceachtanna agus líostaí spreagúla. Cé nach dearthóir nó foirbreoir mé, is maith liom a bheith ar an eolas faoi na féidireachtaí is nualaí. Sin ráite, is breá liom Colourlovers nuair a bhíonn spreagadh uaim. Is breá liom íomhánna a chur le mo bhlag freisin agus munar féidir liom grianghraif a tharraingt mé féin le gabháil leis an mblagmhír, ceannaím íomhá ó iStockphoto (féach an Dollar Bin s’acu fá choinne margaidh!) nó úsáidim Jazz Biscuit a chuardaíonn íomhánna ar Flicker a bhfuil saintréith ar leith ar an gcóipcheart s’acu. Is féidir na íomhánna seo a úsáid ar líne a fhad is a choinníonn tú an teideal agus an t-údar nasctha leo.

  • Nuair atá mé ag suí siar ar an dtolg chun breathnú ar an dteilifís, is é IMDB mo rogha suímh. Is é seo an Internet Movie Database. Is bailiúcháin eolais é seo, ní hamháin d’eolas faoi beagnach gach scannán, a oireann d’aisteoirí is do chriú, ach bíonn eolas iontu freisin faoi shraitheanna teilifíse chomh maith. Tá seo thar a bheith feidhmiúil nuair a bhíonn tú ag breathnú ar chlár agus go n-aithníonn tú aisteoir ann. Is é mo thaithí féin go dtiteann sé amach de ghnáth go raibh mionpháirt acu i Star Trek: The Next Generation. Aha!

  • Bíonn spreagadh uaim do mo shaol réadúil féin freisin. Is breá liom ASOS faoi choinne éadaí. Leid amháin a fuair mé ó bhlagadóir faisin: ceannaigh do chuid faisin ón suíomh seo i sterling; tá an ráta ó do chárta creidmheasa i bhfad níos iomaíche ná ráta an tsuímh féin. Tá éadaí ceannaithe agam uathu nár thaitin liom agus d’éirigh liom iad a chur ar ais gan aon stró. Rud eile gur mór liom faoin suíomh seo: má cheannaíonn tú suaitheantas mar bhronntanas, ní bhaintear an t-airgead as do chárta go dtí go gcaitear an suaitheantas. Go seoigh! Má bhíonn spreagadh uait is fiú breathnú ar www.whatshewears.ie, blag faisin le míreanna ann faoi céard tá á chaitheamh ag na réalta is ag an Taidhgín sa mhargadh. Ba bhreá liom dá bhféadfainn ábhar a cheannach ó Etsy freisin, ach b’fhéidir go mb’fhearr don chárta creidmheasa nach féidir!

  • Ar an ábhar céanna, is BREÁ liom Cloggs nuair a bhíonn brógaí nua uaim. Tá raon leathan acu agus bíonn sladmharagadh ar siúl acu go rialta. Ní raibh orm péire bróg a chur ar ais chucu riamh. Húra!

  • Is breá liom a bheith ag saibhseáil ar YouTube ar ndóigh, ach is fiú súil a chaitheamh ar Vimeo anois is arís. Is féidir na físeanna ann a roinnt is a leabú díreach cosúil leo siúd ar YouTube. Dar liom féin, bíonn comhéadán i bhfad níos úra agus níos glaine ag Vimeo ná mar atá ag YouTube. Más maith leat fís, b’fhéidir go dtaitneodh VideoJug.com leat. Is é “Get Good at Life” an mana atá acu agus is físeanna teagaisc atá ann. Sa tslí chéanna, is féidir seó sleamhnáin a fháil is a roinnt ag Slideshare. Is breá liom an ceann seo faoin mbealach is fearr Powerpoint a úsáid Slideshare Más mian leat d’fhíseanna féin a dhéanamh is a roinnt ar an spota, b’fhiú go mór breathnú ar Qik.com, áit a mbíonn físeanna beo á sruthú ag daoine nó “citizen journalists” fud fad na cruinne. Oibríonn an córas seo ar na céadta fóin chliste.

  • Lego tar éis leath uaire faoisimh a thabhairt dom anois is arís ó thosnaigh na laethanta saoire scoile.

  • Luaigh mé cheana go dtaitníonn an chróise liom agus mar sin is breá liom Craftzine is an blag s’acu, ach go háirithe. Sa tslí chéanna is breá liom Makezine a léamh freisin anois is arís cé go mbíonn na tograí ann rud beag níos aidhmeannaí.

  • Is minic go mbíonn ocras orm tar éis na brabhsála seo ar fad agus braithim ar leitheid Epicurious.com fá choinne oidis nó, ar a laghad, spreagadh. Tá suíomh bia an BBC, bbc.co.uk/food, an-mhaith leis. Is fiú chomh maith breathnú ar shuíomhanna cócairí ar leith: tá suíomh Jamie Oliver go híontach is fuair mé oideas álainn do brownies seacláide agus biatais le déanaí ó RiverCottage.net. Táimid ag cur thar maoil sa tír seo le blagadóirí bia agus is fiú breathnú orthu siúd a ainmníodh sa mhír bia sna Gradaim Bhlaig

Tá feidhmcláirín iPhone iontach ag Qik, Epicurious agus IMDB agus tá suíomh soghluaiste ag an-chuid de na suíomhanna thuasluaite. Má tá fón cliste agat, is fiú breathnú ar a suíomhanna féachaint an bhfuil feidhmchláirín oiriúnach cruthaithe do na seirbhísí gréasáin is ansa leatsa.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.