CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
An Comharcheannach
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Tá leidí ag Roseanne Smith le thú a chur ag ceannach, nó ag díol, fút is tharat, ach ar leath an chostais a íocadh roimhe seo. Tá an comharcheannach ag déanamh dul chun cinn mar a bheadh loscadh sléibhe tríd an idirlíon.

Deirtear nach bhfuil neart go chur le chéile agus ní raibh an seanfhocal sin riamh chomh fíor ar líne is atá le timpeall bliain anuas. Is le linn an ama sin a bhí modh úr siopadóireachta ag cur an idirlín trí thine. Comharcheannach a thugtar ar an nós seo. Ní coincheap ró-nua-aimseartha atá ann: baineann sé le praghas níos saoire a fháil nuair a cheannaítear i gcomhar, nó mar mheitheal. An fáth go bhfuil sé tagtha chun cinn, go háirithe le bliain anuas, ná cumhacht na líonraí sóisialta. Bíonn conradh ar leith le fáil ar na suíomhanna seo a fhad is go socraíonn líon áirithe ceannaitheoirí an margadh a ghlacadh.

Abraimis go gcosnaíonn suathaireacht i sciamhlann €100 de ghnáth, cuirim i gcás. Tairgítear an tsuathaireacht chéanna ar €50 a fhad is go bhfuil céad duine sásta an margadh seo a cheannach. Caithfidh tú do chuid sonraí creidmheasa nó PayPal a chur leis agus a luaithe is atá an líon ceannaitheoirí sroichte, cuirfear an t-idirbheart i gcrích ar do chuntas. An chéad rud eile ná go bhfaigheann tú dearbhán r-phoist agus tugann tú leat é chuig an sciamhlann.

Ní bhíonn na margaí iontach seo ar fáil ach ar feadh am teoranta de ghnáth. Bíonn an brú mar sin ar an té a cheannaigh an margadh a g(h)réasán féin a mhealladh chuige. Bíonn sé an-éasca go deo mar sin, de ghnáth, na margaí a roinnt le do chairde ar Twitter, Facebook, trí r-phost srl. Ar roinnt de na suíomhanna comharcheannaigh, tugtar luaíocht don té a mheallann líon áirithe ceannaitheoirí eile chuig an suíomh.

An Bearradh Gruaige sin agus an Jeannie Johnston

Is suíomhanna logánta iad seo de ghnáth agus roinnfear eolas leat faoi mhargaí i do chathair nó i do bhaile féin amháin. Táthar ann nach ligeann duit breathnú ar an suíomh féin go dtí go nglacfaidh tú síntiús r-phoist. Cé go bhfuil seo saor in aisce de ghnáth beidh do bhosca r-phoist plódaithe le r-phostanna faoi ghruagairí, ranganna yoga, agus faoi sheisiúin suathaireachta gan mhoill.

B’fhéidir gur tháinig tú ar leithéid Groupon, CityDeals nó LivingSocial cheana. Chomh maith leis na mílte margaí sciamhlainne bíonn dearbháin bhialainne agus ionaid turasóireachta. Chuir sé ionadh orm margadh a fheiceáil cúpla lá roimh Lá Fhéile Pádraig fá choinne an Jeannie Johnston. Chuir seo ionadh orm mar go raibh mé ag déanamh nach mbeadh aon easpa cuairteoirí ag an mbád seo an tseachtain sin leis an líon turasóirí a bheadh ag crochadh thart. Bhí sábháil 50% á tairiscint ag an suíomh ar leith seo.

Dá mbuailfeadh gach cuairteoir suas le dearbhán ina láimh aige bheadh cailliúint 50% fán gcead acu le linn tréimhse an margadh! (Bíonn spriocdháta úsáidte ar na dearbháin). Bheadh cailliúint níos mó i ndáiríre mar go dtógann na suíomhanna céatadán áirithe de gach idirbheart ar a suíomh. Tuigim go bhfuil an céatadán sin intráchta ach tá léite agam go nglactar 50% de ghnáth.

Tá an fiontraí a shocraíonn a leitheid de shuíomh á dhéanamh ar an dtuiscint:

  1. Go ceannóidh líon áirithe daoine dearbháin agus nach n-úsáidfear go brách iad, go háirithe na cinn úd a cheannaítear mar bhronntanas.

  2. Gur saghas fógraíochta atá ann tharla go bhfuil réim stocaireachta i bhfad níos leithne ag an suíomh

  3. Gur bealach éasca é chun custaiméirí nua a mhealladh is seanchustaiméirí a shásamh

  4. Go bhfuil teorainneacha ama agus méid ag baint leis an margadh

Is Fiú a Bheith Cúramach

Tá scéal rabhaidh ag úinéir bialainne amháin áfach. Chuir an scéim brú millteanach ar a ghnó toisc gur cuireadh moill air ionas gur tharla sé an deireadh seachtaine céanna is a d’oscail iarsmalann nua i ngar dá bhialann. Dá bharr sin agus mar gheall ar líon na ndearbhán a díoladh, cuireadh brú ar a fhoireann is ar bhrabús an chomhlachta. Dá réir féin, chaill sé $8,000 as margadh a chur ar fáil gan a dhóthain comhairle ó lucht díolacháin an tsuímh.

Tharla sin i 2010 agus is dócha go bhfuil comhshaol an chomharcheannaithe athraithe go mór ó shin. Tá níos mó iomaíochta ann do na suíomhanna iad féin. Tá an méid sin díobh ann gur thug scríbhneoir amháin “Attack of the Clones” ar an scéal! Tá uirlisí curtha ar fáil mar sin, ag an gceannaire margaidh a ligean don úinéir comhlachta an toradh ar infheistíocht a mheas nó a oibriú amach. Tá úinéirí comhlachta níos eolaí faoi chúrsaí anois freisin.

Chomh maith leis sin tá bogearraí is feidhmchlár idirlín ag cur seirbhís lipéad bán ar fáil a ligean don té a bhfuil spéis aige i suíomh comharcheannaithe a chruthú. Tá cúpla nasc agam thíos, ní hamháin do na suíomhanna is mó ach do roinnt suíomhanna Éireannacha agus dóibh siúd a ligfeas duit do cheann féin a chruthú. Ar íocaíocht ar ndóigh!

An ceann a thugaimse féin cuairt ar chuile lá beo ná GruUpy. Tá iPad, Wii, mála ríomhaire agus neart eile ceannaithe agam air. Mothaím meallta fós féin nár thapaigh mé an deis ar theilgeoir DVD do pháistí. http://amzn.to/teilgeoir Ar an drochuair, níor dom féin a bhí an iPad.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.