CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Tráth Comhdhála
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Tá Roseanne Smith ag moladh na gcomhdhálacha agus molann sí do lucht comhdhála amháin aird a dhíriú ar ghné ar leith ina gcur chuige an bhliain seo chugainn.

Íomhá
'Ag guí go dúthrachtach', an Dublin Web Summit
Josh Holmes ar Flickr
Íomhá
Caint 2010
Des Traynor ar Twitter
Íomhá
Alvar Lopez ar Picasaweb

Tá deireadh seasúir linn, a chairde agus ní mór dúinn breathnú siar go bhfeicimid céard a churamar. Nílim ag caint faoin earrach go beacht ach faoi shéasúr na gcomhdhálacha. Idir Aibreán is Bealtaine, nó ón gCáisc go dtí briseadh an tsamhraidh, bíonn neart comhdhálacha idirlín ar siúl anseo is thar lear.

Bíonn na cinn mhóra mhillteanacha cosúil le WWDC Apple ag seoladh an iPad nó an iPhone nó cibé bréagán nua is lonraí nua atá ar fáil uathu i mbliana. Bhí Internet World ar siúl i gCúirt na nIarlaí i Londain ag tús mí Bealtaine. Déarfainn, má tá aidhm ar leith agat, gur fiú go mór duit freastal ar a leitheid chun an aidhm sin a bhaint amach.

Bhí comhdháil bhliantúil m’eagraíochta féin, an IIA, ar siúl ag tús mí Bealtaine ar ndóigh. Thugamar ‘Open for Business’ uirthi is dhírigh sí ar ‘Eolas Oscailte, Foinse Oscailte is Rialtas Oscailte’ agus na buntáistí atá ann do ghnó a dhéanamh leo siúd. Ní fhéadfainn aon ní eile a rá faoi, ó táim go hiomlán claonta, ach b’fhiú léirmheas John Kennedy i SiliconRepublic a léamh (http://www.siliconrepublic.com/strategy/item/21784-the-opendata-movement-will/) má tá eolas breise uait ina leith. Ó bhí mé mar eagraí uirthi freisin níor éirigh liom ach an seisiún deireanach a chloisteáil!

A luaithe is a bhí an chomhdháil sin thart, bhí mé féin níos saoire san obair chun freastal ar chomhdháil nó dhó mé féin. Tá comhdháil an IIA fadbhunaithe anois ach tá cúpla comhdháil nua ar an bhféilire anois gur fiú go mór freastal orthu freisin.

Ag tús mí Mheithimh bhí dotconf (&tá a lán de taifeadta anseo http://www.thedotconf.wordpress.com/). Seo chomhdháil atá eagraithe ag Coláiste Náisiúnta na hÉireann (http://www.ncirl.ie) i mBaile Átha Cliath le dhá bhliain anois. Tá sé go hiomlán saor in aisce ach bíonn ráchairt mhillteanach ar na ticéid. ‘Imíonn’ siad an-mhear. Mar sin, más spéis leat an méid a scríobhaim thíos, b’fhiú go mór dotconf a leanúint ar Twitter, FacebookLinkedIn, cibé gréasán is fhearr leatsa.

Cainteoirí agus Ábhar Thar Cinn

Mar a luaigh mé tá dotconf saor in aisce. Is lá iomlán atá ann agus déarfainn go bhfuil na toscairí sásta, de bharr an easpa táille, cur suas le roinnt nach glacfaí leis ag comhdháil a mbeadh táille ann. Mar shampla ag a leithéid de chomhdháil, bíonn líonrú an-tábhachtach ach ní chuireann dotconf airgead nó am amú ar shuaitheantais ainmneacha do na toscairí. Déanfaidh greamáin is peann mór dubh cúis dóibh! Níor chóir mar sin do gheansaí cashmere a chaitheamh!

Bhí na cainteoirí agus an t-ábhar thar barr ag dotconf i mbliana. Cur i láthair amháin ar maidin a sheas amach domsa ná an ceann a thug Sabrina Dent inar úsáid sí scéal My Little Pony (Reboot) chun taispeáint cén fáth gur chóir do bhrandaí éisteacht lena n-úsáideoirí. Ghlac mé páirt i gceann de na seisiúin freisin mar chuid de fhoireann i dtráth na gceist. Tá náire orm a rá nár bhaineamar é.

Cur i láthair eile a bhí ar fheabhas ná ceann ó John Collison inar thóg sé sás (nó app) beag ar Ruby on Rails a fhad is a bhí sé ag caint linn. An bunphointe a bhí aige ná nach bhfuil daoine ag cur stop le tiomsú na meán; an rud is mó atá ag athrú ná an bealach atá siad ag teacht ar na meáin chéanna agus cad a dhéanann siad leo thar éis iad a thiomsú.

Mar sin tabharfainn 9 as 10 do dotconf ar praghas, ábhar, líonrú, bia, beoir agus “goody bags”. Mholfainn duit gach iarracht a dhéanamh a bheith i láthair an bhliain seo chugainn. Táim ag glacadh pointe de mar, cé nach gcosnaíonn sé aon ní ach am, tá sé deacair ar an duine gnó, ar a bhfuil brú ama, cinneadh a dhéanamh faoi leas a leithéid nuair nach bhfuil téama ar leith nó cinnte ag baint leis an lá ina iomlán. Tuigim nach raibh siad ag iarraidh srian a chur le samhlaíocht na gcainteoirí ach tá baint mhór ag na toscairí le rath comhdhála freisin.

Cruinniú Mullaigh an Lín

Bhí an Dublin Web SUmmit ar siúl san RDS seachtain ina dhiaidh sin. Chosain na ticéid don chomhdháil seo idir €50 is €100 ag brath ar chathain ar ceannaíodh iad. Admhaím go bhfuair mé ticéad saor in aisce toisc mo phost ach d’oibrigh mé go dian ann ag giolcadh faoin méid a bhí ar siúl ann!

Sheas triúr cainteoirí amach dom. Thug Jennifer O Connell léargas mná ar chomhlacht úr a thosú nó b’fhéidir gur chóir léargas tuismitheora a rá. Thug Eamon Leonard caint bharúil faoi na cosúlachtaí idir ghnólachtaí nuathionscanta agus bhannaí rac-cheoil. Ach, ar an lá a d’fhógair Zynga lonnú a ceannfort Eorpach i mBaile Átha Cliath, is dócha gurb é Marcus Segal an cainteoir is fearr ar an lá. Labhair sé faoi bhainisitiú foirne agus ba í an abairt a d’fhan liom ó shin ná (agus seo mar a ghiolc mé é):

"@marcussegal says don’t manage people from the money place cos you’ll never be pleasantly surprised"

An reic ardaitheora a sheas amach dom ar an lá freisin ná Siún Ní Raghallaigh ag cur (http://www.tunepresto.com/) i láthair. (Agus is Gaeilgeoir í san áireamh!)

Don tráthnóna seo, táim ag tabhairt 6 as 10 tharla nach raibh ann ach tráthnóna ar phraghas an ticéid. Pointe eile do na “goody bags” - b’fhearr gan iad a scaipeadh agus an blúire den chomhshaol a shábháil. Táim ag baint cúpla pointe freisin ó bhí atmaisféar rud beag bathlúil ann idir íomhánna agus físeanna frithmhná agus bobanna ó eagraí na comhdhála faoi chleamhnas a dhéanamh idir duine de na cainteoirí atá an-saibhir agus a dheirfiúr féin. Is cuma faoi shaibhreas mo dhuine, a bhuachaill, má bhíonn a aitheasc lá na bainise chomh leadránach is a bhí a chur i láthair chomhdhála. Ní miste meabhrú don eagraí súil ghéar a choinneáil ar an gclaonadh seo i measc a chainteoirí: ní fir amháin a freastalaíonn ar Dublin Web Summit.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.