CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Ná Déan Olc.
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Beidh slad ar chearta an duine agus ar chóipcheart ar siúl, tharla gur cuma le gach éinne, Google agus YouTube san áireamh, an duine, nó an leabhar, a cheapfar le ceamara feasta. Measann Roseanne Smith gur chailleamar fuinneamh agus díograis na n-éan cuideáin, nó na Outliers.

Íomhá
Walt Mossberg, Steve Chan agus Chad Hurley
Íomhá
Nicholas Carr ag caint ag Comhdháil VINT, Utrecht 2008
Íomhá
Sergey Brin

Bhí íonadh orm nuair a chuala mé an tseachtain seo chaite go raibh YouTube ag comóradh cúig bliana ar an bhfód, fód an idirlín! Bhí ionadh orm toisc nach cuimhin liom, roimh YouTube, cén áit a bhfuair mé físeanna de chait ag canadh is cailíní beaga ag déanamh aithris ar Beyoncé nó ataispeáint de radharc as Return of the Jedi, fráma ar fráma, déanta le Lego. Is fíor dóibhsean a deir go líontar gach folús!

Cheannaigh Google an feidhmchlár gréasáin óg seo mí Dheireadh Fómhair 2006. D’íoc siad $1.65 billiún ar an gcomhlacht. Tá físeán lucht a bhunaithe le feiceáil, Chad Hurley agus Steve Chen, is iad ag fógairt na nuachta seo le comhphobal YouTube. D’fhoilsigh Nicolas Carr ‘The Big Switch’ sa bhliain 2008, leabhair a rinne comórtas idir stair na haibhléise agus fás an idirlín. Mar chuid den phlé ann, déanann sé cur síos ar an bhfíseán seo de Chad is Steve. Tá gangaid i bhfocail Carr nuair a scríobhann sé faoin mbealach a dtugann Chad “kings” ar YouTube is Google. Dar le Carr, ar nós rí ar bith, ba chóir do Chad is do Steve a bheith níos umhaile os rud é gurbh iad a “ndaorchlann” a chur na corónacha ar a gcloigne beannaithe. Murach pobal YouTube, (lena bhfuil siad ag gabháil buíochais sa bhfíseán seo, déanta na fírinne), ní bheadh YouTube ar bith ann. An fhadhb atá ag Carr leis seo ná an easpa tuisceana, dar leis, a léiríonn na ríthe óga ar an gcaidreamh seo idir YouTube is a pobal. Is gráin leis go bhfuil an bheirt seo ag gáire faoi $1.65 billiún a fháil de bharr oibre is cruthaitheachta daoine eile.

B’fhéidir go bhfuil pointe aige. Ní eisean amháin a bhí buartha faoin bpósadh seo agus an spré a chuaigh leis. Bhí úinéirí cearta físe buartha toisc fonn fadseasta Google eolas uile an domhain a chur ar fáil do chách saor in aisce. Conas a chinnteofaí go bhfaigheadh siadsan gur leo cearta an ábhair íocaíocht ar na cearta céanna? Don duine aonair, don bhfógraitheoir nó do mhargaitheoirréalta éirítheach, b’fhéidir gur chuma, ach do na comhlachtaí ceoil, scannáin is teilifíse, ba dheacracht mhór é. Maireann ceist cóipchirt go dtí inniu féin gan aon réiteach ceart, nó i ndáiríre, réiteach sibhialta. Ar ndóigh ní YouTube amháin a chruthaigh nó a bhuanaigh an fhadhb ach leis an tosaíocht a thugann Google do fhíseáin i dtorthaí cuardacha. Is beag brabhsálaí idirlín nár bhain úsáid as YouTube.

Is idh le Cách Stiall den Duine Eile

Ar bealach sin ceann de na fáthanna a cheapaim go bhfuil pointe ag Nicholas Carr. Tá cultúr cruthaithe ag teicneolaíocht atá ag déanamh dochar airgid dúinn ar fad dar liom. Cultúr atá ag súil le gach rud saor in aisce ach a ghlacann le fógraí ar chuile rud faoin spéir. Tháinig an t-idirlíon céim ar chéim as tograí taighde ag gabháil siar go lár an 20ú haois. Bhí paisean, fiosrachas agus mórtas acadúil ag baint leis an obair a ghin an t-idirlíon is teicneolaíochtaí eile. Sa leabhar ‘Outliers’ le Malcolm Gladwell, cíorann sé an nós go caithfear 10,000 uair a chur isteach in aon cheird chun teacht ar an saineolas, bíodh sé sin ar an ngiotar, an piano nó i sampla amháin atá aige, ag clárú ríomhaire. Sa sampla aige, déanann sé cur síos ar an méid ama a chaith Bill Gates óg ag obair ar ríomhaire. Mar chaitheamh aimsire, istoíche, nó tráthnóna Dé hAoine. Ar luaigh mé go bhfuil duais don té a thagann aníos le focal Gaeilge ar “nerd” dom?

Ba thogra ollscoile Google a chruthaigh Larry Page is Sergey Brin mar chuid de chéim dhochtúireachta. Ní dóigh liom go raibh siad ag smaoineamh ar ghnéithe cosúil le ‘paid search’ nuair a chaith siad snab an choinnill airneáin i Stanford. Bhí an bheirt acu paiseanta faoina n-ábhar ach ní raibh siad ag súil go nginfeadh a gcuid oibre ceann de na comhlachtaí is tábhachtaí sa 20ú haois. Éascaíonn na teicneolaíochtaí seo scaipeadh an ábhair ach níl sé soiléir go gcruthaíonn siad saol níos cóire ina bhfuil an saibhreas a thuilltear roinnte ar chách a chruthaigh an saibhreas céanna.

Mheath an Phríobháideachais

Tharraing YouTube solas ar ceisteanna i leith príobháideachais freisin mar, cosúil le teicneolaíocht uile Greasán 2.0, tá gnéithe sóisialta ag baint le YouTube. Is féidir líonra a chruthú air, trácht a scríobh faoi fhíseáin agus síntiús a ghlacadh le húsáideoirí ar leith. Bí cinnte go bhfuil Google ag bailiú an eolais seo ar fad. An buntáiste ná go bhfeicfidh tú físeáin nua atá cosúil leis an ábhar a thaitin leat cheana. An míbhuntáiste ná ní fios duit an bhfanfaidh na téarmaí is na coinníollacha mar a gcéanna i gcónaí. Ach do na dúchasaigh digiteacha, is réidh a roinnfidh siad mianta agus sainroghanna pearsanta leo chun greim a fháil ar an tairiscint is nuálaí.

Ach le físeáin, tá priobháideachas de shaghas eile i gceist. Nuair a tharraingítear fís cé leis an fhíseán sin? An leis an té atá ann nó an leis an té a tharraing é an físeán? Cás amháin atá an-cháiliúil ar YouTube agus a luaigh an t-údar Daniel J Solove ina leabhar ‘The Future of Reputation: gossip,rumor & privacy on the internet’ (ar fáil ar líne) ná cás an ‘Star Wars Kid’. Rinne déagóir fís de féin ag troid le “light saber” mar dhea. Ní raibh sé róscafánta ar a chosa, bhí sé ramhar, rinne sé gleo aisteach. Tháinig gasúir eile sa scoil ar an téip is chuir siad ar líne é. Is é ceann de na físeanna is mó spléachadh ar YouTube é, ach níor chuardaigh sé an clú seo. D’fhág sé scoil de dheasca na maistíneachta a tharla chuile lá ann agus tá sé faoi chúram síciatrach. Shocraigh a thuismitheoirí cás dlí a troid le tuismitheoirí na ndéagóirí a chur an físeán ar líne. Cé go raibh mé ábalta teacht ar an uafás ábhair ina leith, ní raibh mé ábalta teacht ar oiread is focal amháin ó Google féin i leith an scéil seo. Bhí siad sásta an t-ardán a thabhairt dóibh siúd a bhí ag magadh faoin gceatán bocht seo, ach an dóigh leat go gcreideann seisean, nó a mhuintir atá ag tacú leis, mana Google, “Do no evil.” Naisc:A Message From Chad and Steve http://www.youtube.com/watch?v=QCVxQ3EjkgThe Big Switch le Nicholas Carr http://www.nicholasgcarr.com/bigswitch/ Malcolm Gladwell http://www.youtube.com/watch?v=Hz4hPbHIZ6Y An chéad fhís riamh ar YouTube: http://www.youtube.com/watch?v=jNQXAC9IVRwDaniel J Solove “The Future of Reputation: gossip,rumor & privacy on the internet”http://docs.law.gwu.edu/facweb/dsolove/Future-of-Reputation/text.htm Caint fhada leis http://www.youtube.com/watch?v=ABlO6oq3lk Star Wars Kid http://www.youtube.com/watch?v=HPPj6viIBmU

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.