CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Charades Action
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Molann Roseanne Smith go ndéanfaí roinnt athruithe in oiliúint lucht ríomhaireachta in ollscoileanna na hÉireann go luath. Tá réimse den mhargadh nach bhfuiltear ag díriú aird mar ba chóir fágtha lag lúbach.

Íomhá
A bhronntanas gunna iPhone á fhéachaint aige
Íomhá
Leagan CGA den Snake
(le Thomasjensen.com ar Vicipéid)
Íomhá
Alex Holzhammer agus Christain Nustedt ag an ESBL
(le Fussballesbl.de)

“What is the charades action for video game?” Ceist mhaith a tháinig aníos inár dteach lá Nollag. Is don Nollaig go minic a fhaightear consól cluichí an chéad uair. Is minic anois nach consól ann féin a chruthaíonn “gamer”: i dtuairisc speisialta san Economist an mhí seo chaite luadh gur cluichí atá in 50% de íosluchtú feidhmchláiríní iOS ón AppStór. Ar gach uile chóras oibriúcháin fóin eile, ó Palm go Microsoft, is cluichí iad, ar a laghad, 25% den íosluchtú a tharlaíonn. Gan amhras, beidh léitheoir nó dhó den alt seo ina measc siúd a fuair uirlis shoghluaiste nua don Nollaig: an bhfuil Angry Birds insealbhaithe ar go fóill...?

Tá consól againn féin le bliain anuas ó d’fhág Daidí na Nollag Wii faoin gcrann anuraidh. Is maith linn ar fad roinnt ama a chaitheamh ag imirt cluichí air ach tá na páistí rud beag ró-óg go fóill fá choinne cuid de na dúshláin atá air agus tá na tuismitheoirí rud beag ró-shean! Dá bharr, tá méid áirithe mí-úsáide faighte ag an rialaitheoir cluichí. Dar liom, is é seo an buntáiste mór atá ag leithéid Kinect nach bhfuil rialaitheoir leis: níl aon ní le caitheamh ag an scáileán nuair a théann rudaí an treo mhícheart. Is caitheamh aimsire costasach é: cosnaíonn cluichí ar a laghad €20, nó thart fá’n méid sin ar cíos. Cuir sin i gcomórtas leis an gcluiche is costaísí agam ar an iOS (b’fhéidir €3.99 más fiú, agus an sásamhan tsíocháin!) atá faighte againn ar fad. Tá, mar a deirtear, ór sna cnoic sin: is fiú $58 billiún díolacháin domhanda cluichí agus, ag $28 billún, is ar cluichí consóil a chaitear formhór an airgid. Agus ní cluiche é imirt ar an consól seo do ghrúpa áirithe daoine.

An Iomaíocht

Ó dheireadh na nóchaidí ar aghaidh tosaíodh ag eagrú comórtais mhóra spórt leictreonacha. De ghnáth anois, bíonn an lucht féachana ag faire ar ghníomhaíochtaí na n-imreoirí ar shruth beochraolta ach taistealaíonn sluaite móra chuig na himeachtaí seo freisin. Is féidir leis na himreoirí is fearr ar domhan tuarastal maith a shaothrú ó imirt cluichí ag an léibhéal seo, idir dhuaiseanna agus urraíocht. Is cluichí lámhachóra, straitéise, rásaíochta, spóirt agus iliomaitheora ar líne iad na cluichí a imrítear sna comórtais seo. Is forbairt nádúrtha é seo ó ligeadh d’imreoirí cianimirt thar líonra. Le borradh faoin leathanbanda agus faoi fhorbairt consól cumhachta, tá rochtain ag na mílte duine ar an ábhar chun ligint dóibh gabháil in iomaíocht leis na himreoirí is fearr ar domhan. Déantar beochraoladh agus taifeadadh ar na cluichí is fearr agus is féidir leis an lucht leanúna dílis foghlaim ó na sárimreoirí. Díreach cosúil le gnáthspórt ach go ndéantar ón tolg é. (Tá ceann díobh, Alex Holzhammer in aghaidh Christain Nustedt ag Imeacht Tosaigh an ESBL, le feiceáil sna grianghraif.)

Athrú mór atá tagtha ar an earnáil seo ná nach iad na “gamers” traidisiúnta atá taobh thiar den bhorradh mhór atá faoi lán seoil ann. Is iad na himreoirí fánacha atá ag athrú an chluiche ina iomlán. Ina measc, tá aon duine a d’imir FarmVille is a leithéid ar Facebook, aon duine (cosúil liomsa) atá tógtha le cluichí iOS nó Android nó aon duine a chaitheann am ag imirt cluiche i mbrabhsálaí idirlín. Is féidir cluichí a imirt ar bheagnach gach uile “ríomhaire” anois. Níl mórán firinne in íomhá thraidisiúnta den imreoir cluichí ríomhaire: déagóir fireann le cluasáin air, gan mhórán cairde taobh amuigh de shaol an chluiche. Ach de réir taighde ó Entertainment Software Association an Mheiriceá, is é 37 meánaois imreoirí cluichí agus tá 42% díobh baineann. Bhí 29% d’imreoirí físcluichí níos mó ná 50 bliain d’aois arú anuraidh, 2010. Is cluichí cláir, cártaí, dúcheisteanna nó cluichí bunaithe ar chlár teilifíse 42% de na cluichí seo agus imríonn 55% de lucht a n-imeartha iad ar uirlis shoghluaiste. I measc a chuid bronntanas faoi Nollaig an mhí seo caite, fuair m’fhear chéile gunna don iPhone, a ligeann duit shoot-em-up a imirt cosúil leo siúd a fhaightear de ghnáth ar consól. Níl ann ach gimic ach tugann sé le fios cé chomh cumhachtach is chomh réadúil is atá na cluichí atá le fáil ar uirlisí soghluaiste anois. Is fada inár ndiaidh anois Snake an Nokia!

An Tairgiúlacht

Baineann comhlachtaí a bhfuil a gceanncheathrú Eorpacha in Éirinn leis an scéal mór seo. Dhíol Popcap Games 50m leagan dá gcluiche ar thart fá €10 an ceann arú anuraidh. Tá oifigí acu ar Shráid an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath. Lonnaigh Zynga a cheannacheathrú Eorpach in Éirinn anuraidh, 2011, freisin. De réir tuairiscí (Féach nasc Zynga), tá luach idir €20 agus €25 billiún ar Zynga a chruthaíonn cluiche le híosluchtú in aisce nó ar beagán costais. Ní hionann clú Words with Friends agus Hanging with Friends, dhá chluiche uathu, agus Angry Birds cruthaithe ag an gcomhlacht Fionlannach Rovio a bhfuil luach sna billiúin curtha air freisin.

Ach mar is gnách sna tionscadail dhigiteacha in Éirinn, tá fadhb ann: ní hionann na scileanna atá acu siúd a bhíonn ag céimniú amach as na forais tríú leibhéal is na scileanna atá de dhíth ar na fostóirí san earnáil seo. Tá ghá le níos mó cúrsaí a dhíríonn ar na scileanna ríomhaireachta agus cruthaitheachta seo agus is gá go múinfí roinnt acu trí Mandarin!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.