Gné a thugann sásamh do chách is ea cumas an ghutháin agus deiseanna an ríomhaire le grianghraif a tharraingt, a fheabhsú agus a roinnt le daoine eile. Tá leideanna ag Roseanne Smith duit san alt seo.
Naisc bhreise:
Gan amhras, má tá tú ag léamh an ailt seo, ní miste leat téacs. Ach tá fás as cuimse faoi úsáid grianghraf, íomhánna agus físeanna ar líne. Tá cúpla uirlis iontach ar fáil chun cabhrú leis an ealaíontóir físe agus seo thíos roinnt díobh.
(Cuireann an dea-aimsir spionnadh ceamradóra orainn ar fad agus bhí a leithéid againn in Éirinn cheana féin i mbliana, creid é nó ná creid!)
Úsáidim féin ceamara an ghutháin don chuid is mó ach mar a scríobh tráchtaire amháin ar alt faoi fógairt críoch Flip, ceamara beag físe, “Go minic ní fiú na táillí fánaíochta le fóin nuair atá tú ar saoire. Fágaim sa bhaile é dá bhrí sin. B’fhearr i bhfad ceamara as féin.” Níl aon cheist go bhfuil feabhas na gceamaraí gutháin tar éis an margadh a alpadh. Má tá ceamara uait, breathnaigh ar líon na megapicséal go háirithe (an méid is mó is é fearr é); an bhfuil teannadh optúil (.i. zúmáil) air; an bhfuil lionsa leathanuilleach air agus, ar ndóigh, cén praghas atá air? Tá an suíomh http://www.bestinclass.com an-áisiúil chun do roghanna a thuiscint. Féach freisin ar uirlisí Amazon chun raon na gceamaraí atá ar fáil a thuiscint.
Má tá tú ag úsáid ceamara cliste, tá neart sásanna ar fáil a ligfeas duit do ghriangraif a dheasú is a feabhsú. Ar Android agus ar iOS is fiú go mór an sás Adobe Photoshop Express. Go pearsanta, táim an-tógtha faoi láthair leis an bhfeidhmchláirín Photosynth ó Microsoft atá ar fáil anois do iOS. Ligeann an cláirín seo duit lánléargas a chruthú ar do ghuthán is an toradh a roinnt ar Facebook, Bing Maps, suíomh Photosynth.net nó ar an r-phost. Is breá liom an cláirín Instagram freisin a bhfuil gnéithe líonraithe ann féin a thaitníonn liom thar, mar shampla, CameraPlus atá an-áisiúil leis. Tá neart feidhmcláiríní eile gur scagaire iad bun agus barr agus, don chuid is mó, ligfidh siad don úsáideoir a ghriangraif a roinnt ar líonraí sóisialta.
Roinn go Fial Iad
Tharla an chaint ar líonraí sóisialta, bíonn iomaíocht mhór i réimse roinnt na ngrianghraf freisin. In Éirinn féin, is fiú go mór an suíomh Pix.ie, a chruthaigh Marcus McInnes, duine de chlann McInnes Photography. Is féidir griangraif a roinnt go priobháideach nó go poiblí ar an suíomh seo. Is fiú i gcónaí an seanfhondúir na sráide .i. Flickr.com a bhfuil neart uirlisí spéisiúla acu. Más blogger thú is mór is fiú cuardach a dhéanamh ag úsáid search.creativecommons.org. Cuardaíonn an t-inneall seo meáin atá curtha ar fáil faoi chearta cruthaíocha comónta. Tuilleadh eolais: http://creativecommons.org/
Ar ndóigh is féidir Facebook a úsáid chun griangraif a roinnt ach uaireanta bíonn tú ag iarraidh go bhfeicfeadh níos mó ná do chairde an griangraf aoibhinn a tharraing tú. Ach má tá tú buartha faoi phríobháideachas, is fiú go mór Facebook mar go ligeann sé duit socraithe príobháideachais a shainiú go mion. De réir alt amháin a léigh mé, bhí úsáideoirí Facebook tar éis 750 milliún griangraf a roinnt thar Oíche Chinn Bhliana 2010!
Go pearsanta is breá liom an feidhmclár Picasa ó Google chun mo ghriangraf a eagrú is a roinnt ar líne. Is féidir iad a shábháil go logánta nó sa néal. An rud a chuireann ionadh orm faoi ná nuair a mhúineann tú don bhfeidhmchlár gurb é sin Seán, gurb shin í Máire, gur siúd Liam tar éis tamaill aithníonn an clár aghaidheanna is cuirtear an lipéad ceart le gach duine i ngach griangraf nua. Draíochtúil!
Cé go bhfuil seaneagrán de Photoshop agam, tá cúpla clár is féidhmcláirín gréasáin a ligeann duit an rud céanna a bheag nó a mhór a dhéanamh. Tá méid áirithe le foghlaim chun na cláir seo a thuiscint is a úsáid i gceart ach is fiú go mór é seo a dhéanamh má tá tú ag iarraidh do chuid griangraf a úsáid i múnlaí eile. Caith súil go háirithe ar http://www.gimp.org fá choinne clár don ríomhaire nó féach ar http://www.sumopaint.com nó http://www.splashup.com. Féach freisin, más spéis leat graificí, http://www.aviary.com ina bhfaighfidh tú bosca uirlisí iontach saor in aisce d’éinne a bhfuil mianach ealaíontóra ann atá ar tí briseadh amach!
Ag súil le bhur saothar a fheiceáil go luath!