Tá Roseanne Smith ag coinneáil súil ar threochtaí nuatheicneolaíochta. Beidh corr-rud saor ag teacht an bealach chugainn.
D’fhógair Google an tseachtain seo i gcomhtharlúint (mar dhea) go bhfuil Google+ anois ar oscailt do chách; go dtí an tseachtain seo, bhí gá le cuireadh ó úsáideoir eile de chuid Google+. Deirim “mar dhea” faoin gcomhtharlúint seo mar fógraíodh seo roimh f8, comhdháil bhliantúil Facebook. Táthar ag rá faoi láthair go bhfuil timpeall 20 milliún úsáideoirí ar Google+; beag bídeach le hais an bhreis is 600m atá ag Facebook.
Ar eagla go gceapfaí nach smaoiním nó nach scríobhaim ach faoi Facebook is Google, tabhair san áireamh go bhfuil sé deacair iad a sheachaint ar líne. Bhí an lámh in uachtair ag Facebook ó chianaibh leis an gcnaipe "Like" atá le feiceåil fud fad an idirlín ach anois is féidir aon ní a “plus-one”-áil. Mar thaobh nóta ag Refresh Dublin an tseachtain seo chaite inar pléadh cúrsaí ábhair, labhair Des Traynor ón gcomhlacht Intercom.io faoin gcnaipe “Like” agus faoi na deacrachtaí a bhaineann leis: n’fheadar an féidir nuacht cosúil le bás Amy Winehouse a “like-áil”? Tá +1 i bhfad níos neodraí. Ar an ábhar sin, luaigh cainteoir eile go ndeirtear anois *liké” sa Fhrainc!
Ach an méid sin ráite, táim ag éirí rud beag braon de ghréasáin sóisialta. Tuigim na buntáistí a bhaineann leo agus leanfaidh mé liom á n-úsáid chun eolas a bhailiú is a chraoladh, chun plé a dhéanamh is a thuiscint, ach bhraithim uaireanta go bhfuil rud ar leith ag tarraingt mo spéise ar ais arís is arís eile. Is é an rud céanna a tharraingíonn an-chuid daoine eile dar liom: táimid uilig ag fanacht leis an gcéad rud mór eile. Níl aon ceist gur athrú mór saoil a bhí i Web 2.0: d’athraigh na teicneolachtaí seo an modh ina bpléitear le saoránaigh agus le tomhaltóirí; d’athraigh Web 2.0 an tslí ina n-oibríonn muid agus táthar ann a chreideann gur thug na meáin sóisialta (cuid de Web 2.0) daonlathas go Libya is go Syria. N’fheadar ...
Cúig Rud Mhóra na Todhchaí
Ach braitheann an chéad rud mór eile ar do léargas agus ar do chomhthéacs féin: dóibh siúd gur spéis leo cúrsaí polaitíochta, ba é an bealach gur bhain Obama feidhm as Web 2.0 an t-athrú is mó a tharla sa réimse sin. Dóibh siúd gur spéis leo teilifís, rinneadh rud éigin spéisiúil le “The Million Pound Drop”, fágaim. Dóibh siúd gur spéis leo cúrsaí leighis is cinnte gur rud i bhfad níos tábhachtaí a bheadh i gceist.
Ach is spéis liomsa teicneolaíocht idirlín agus uirlisí agus seo chugaibh mar sin, na chúig rud mhóra, dar liom, don todhchaí:
1. Cumarsáid gar-réimse
Feicfear cumarsáid gar-réimse chomh luath le 2012 agus is dócha go n-athróidh sé cúrsaí íocaíochta, go háirithe, agus b’fhéidir go bhfaighfear réidh le cártaí creidmheasa san iomlán. Séard atá i gceist ná slis in uirlis soghluaiste a ligfeas don uirlis sin cumarsáid slán a dhéanamh le huirlis eile i ngar dó. De réir alt in NFC Times beidh idir 40 is 50 milliún de na gutháin seo ar fáil i mbliana - bunaíodh an uimhir sin ar an líon sliseanna atá ordaithe go dtí seo. Bhí rud amháin ceart acu sa chlár uafásach sin “Defying Gravity” mar sin http://www.imdb.com/title/tt1319690/ - beimid in ann airgead a aistriú ó dhuine go duine gan stró go luath.
2. 3D Printers
Táim beagnach cinnte go bhfuil scaranna ag The Economist ann ach má tá siadsan le creidiúint, beimid go léir ag cló rudaí i 3D go luath. Tá, le bliain go leath anuas, ar a laghad dhá alt léite agam san irisleabhar sin faoi ghnóthaí chlódóireacht 3D. http://www.economist.com/node/18114221 Tá an teicneolaíocht seo ar obair le blianta cheana féin ar bhealach an-fheidhmiúil fá choinne fréamhshamhlú, rud a ligeann do cruthaitheoirí uirlisí nua tabhairt faoin bpróiséas le níos lú dramhaíl agus le costas níos lú. Ach leis an bhfeabhas atá ag teacht ar na innill seo creidtear go mbeidh ceann i ngach teach go luath. Samhlaigh amach anseo go n-ordófaidh tú gúna ar an idirlíon agus le brú cnaipe, clóifidh tú amach láithreach é!
3. Teicneolaíochtaí taispeántais
Seo réimse ar a bhfuil an-chuid súl dírithe (leis na focail a imirt). Tá feabhas as cuimse tagtha ar ár gcuid scáileán is uirlisí craolta ó tháinig na céad teilifíseáin go dtín’ár seomraí suí thiar sa chaogadaí. Tá uirlisí taispeántais oll-ardghléine ar an saol anois ach níl a dhóthain leathanbanda ann chun ábhar de chaighdeán ard go leor a chraoladh dóibh ach ag ócáidí ar leith. Ach ní hamháin go mbeidh feabhas caighdéain ann: tá meitheal eolaithe in Ollscoil Keiko tar éis comhéadán tadhlach a chruthú a ligfeas duit (mar a thuigimse) cartúin a chigilt... http://www.engadget.com/2011/09/16/repro3d-is-a-touchable-3d-interface-that-lets-you-poke-pixies/ Níl aon amhras go bhfuil feidhmeanna don teicneolaíocht seo: fan go gcloisfidh na porn kings faoi! In Ollscoil Berkeley, san idirlinn, d’éirigh leo fís a athchruthú ó thonn inchinne a bhí cosúil go leor leis an bhfís a bhí feicthe ag an duine a chruthaigh an tonn inchinne! Fágfaidh mé fút féin a dhéanamh amach arbh ionann iad http://www.youtube.com/watch?v=nsjDnYxJ0bo&feature=player_embedded. Bhí siad níos giorra le aghaidheanna is le huimhreacha ná le haon ní eile dar liom. Is dócha go bhfuil an-chuid féidearachtaí ansin freisin!
4. Gnóthaí cóipchirt agus bainistiú cearta digiteacha
Ach is dócha chun fáiltiú roimh an saol úr cróga seo, beidh gá le reachtaíocht nua cóipchirt. Faoi láthair, is iomaí tír i sochaí an iarthair atá ag iarraidh reachtaíocht cóipchirt ón 19ú aois a úsáid fós lenár linn féin. Níorbh ionann an t-am úd is an lá atá inniu nuair is féidir le duine téacs, fuaim agus fís a chóipeáil is a roinnt gan stró. Is ealaíontóirí is ceoltóirí iad mo dheartháireacha is mo dheirféaracha agus mar sin creidim go láidir gur chóir dóibh íocaíocht a fháil as a gcuid oibre chomh maith céanna le cách. Ach faoi láthair tá siad faoi ionsaí acu siúd a roinneann ceol is teilifís is íomhá agus ní cath é atá uathu ar chor ar bith.
Tá obair idir láimhe ar an gceist seo, sa tír seo go háirithe. B’shin cuid mhór den togra a bhuaigh Your Country, Your Call. Tá Neil Leyden ag iarraidh Lárionad Idirnáisiúnta Seirbhísí Digiteacha a bhunú anseo agus tá athnuachan reachtaíocht cóipchirt mar chuid de sin. Beidh mé ag coinneáil mo shúile ar sin!
5. Córas níocháin éadaí
Níl aon liosta de mhianta teicneolaíochta iomlán, dar liomsa, gan cúrsaí níocháin éadaí a lua. Muirthéacht cheart a bhí ann, do mhná go háirithe agus don tionscal éadaí leis nuair a rinneadh an chéad inneall níocháin uathoibritheach. Anois dá bhféadfaí córas a chruthú a d’fholmhódh an ciseán níocháin, a líonfadh an t-inneall, a chrochfadh amach agus a thabharfadh isteach na héadaí nuair is gá, bheadh saol a mhadaidh bháin againn. B’fhéidir go mbeadh síocháin an domhain sa dara ionad tosaíochta agamsa!