82
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Chuaigh Breandán de Gallaí chun na hOstaire le gairid le triail a bhaint as an sciáil agus as na traidisiúin uilig a bhaineann léi – an [i]après-ski[/i], na sabhnaí agus na buataisí sciála ar geall le gléasanna céasta iad!
»»»Féachann Carmen Rodríguez ar an tslí a ndearna páirtí an rialtais sa Spáinn, an Partido Popular, iarracht dallamullóg a chur ar mhuintir na Spáinne i ndiaidh bhuamáil Mhaidrid.
»»»Tá fonn mór ar Phríomh-Aire na hAstráile, John Howard, tacú leis na Stáit Aontaithe má dhéantar ionsaí ar an Iaráic, ach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin, níl an pobal chomh díocasach céanna.
»»»‘Chuile líne ag dul i míne’ nó i mbrúidiúlacht? B’fhéidir gur i gclisteacht agus i mbrúidiúlacht atá an duine ag dul dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Measann Breandán Delap go bhfuil an rófhorbairt ag scrios áilleacht na tíre.
»»»Bhí Lisa Nic an Bhreithimh ag caitheamh súile ar an ngalar úd a chuimlíonn de shaol an Éireannaigh níos minice ná d’aon dream eile ar domhan, an F.C. – an Fhiobróis Chisteach.
»»»Tá Colm Ó Snódaigh splanctha i ndiaidh Nina Simone i ndiaidh dá chuid suime a bheith múscailte inti in athuair le déanaí.
»»»Tugann na meáin in Éirinn neamhaird ar leabhair nua Ghaeilge de ghnáth ach tá an comhlacht Gaelchultúr chun tús a chur le comórtas ar a shuíomh nua, ClubLeabhar.com, chun dul i ngleic leis an fhadhb seo. Míníonn Stiúrthóir Oideachais an chomhlachta, Éamonn Ó Dónaill, cén dóigh ar féidir le daoine páirt a ghlacadh sa chomórtas.
»»»An féidir na mairbh a chéasadh? Ar mhaith leat go ndéanfadh dream daoine eile i gcomhlacht a dtairbhe saibhris as do chorp a léiriú i dtaispeántas ar neamhchead do thola féin? Ar éigean é. Is ‘diabhalta’, le gach brí an fhocail sin, an taispeántas a chonaic Ciara Nic Gabhann in Amharclann an Ambassador. Seachain nach ‘am bàsadair’ (i nGaeilg na hAlban) a bhí ann.
»»»Creideann Donncha Ó hÉallaithe go mba é leas na Gaeltachta, dá gcuirfí deireadh leis an Aireacht Gnóthaí Pobail, Tuaithe is Gaeltachta, mar go bhfuil teipithe ar Éamonn Ó Cuív agus ar an Aireacht sin, dul i ngleic leis an gceist achrannach: cá bhfuil an Ghaeltacht?
»»»Spreag tuairimí as Scoil Sláinte Poiblí Harvard agus suíomh idirlín, handprinter.org Aoife-Marie Ní Bhuachalla chun méarchláir faoi ghnóthaí timpeallachta.
»»»Bhí tráth ann sna seachtóidí nuair a bhí turasóirí Meiriceánacha (gléasta ar nós leipreacháin a déarfadh daoine míchineálta) go feiceálach ar fud na tíre. Anois is Tíogar mór Meiriceánach atá inár measc. Labhraíonn muid ar an Tíogar Ceilteach ach is é fírinne an scéil go bhfuil an Tíogar seo leath-Mheiriceánach. Tá geilleagar na tíre seo ag brath i bhfad níos mó ar mhargaí idirnáisiúnta ná mar atá geilleagar tíortha eile. Déanaimid 78% d’olltáirgeacht náisiúnta (GDP) na tíre a easpórtáil, agus 13% go Meiriceá féin - figiúr atá cúig huaire chomh mór leis an meánchéatadán don Aontas Eorpach. Agus thairis sin, tá 50% d’easpórtálaithe na tíre ag teacht ó chomhlachtaí Meiriceánacha. Ní thógann sé mórán ama cuid acu a ainmniú: Intel, Dell, Microsoft, Apple, Hewlett Packard, atá ag plé le cúrsaí ríomhaireachta.
»»»Chuir an taispeántas ‘Absolut Classics’ a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath le déanaí Ciara Nic Gabhann ag machnamh faoin cheangal idir an ealaín agus an fhógraíocht.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.