AR NA SAOLTA SEO
Bord oiliúna sléibhe na Breataine - ag cur daoine amú agus i mbaol
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Tá eolas míchruinn a d’fhéadfadh daoine a chur i mbaol le fáil ar fhístéip a d’fhoilsigh dhá eagraíocht shléibhteoireachta sa Bhreatain. Chuir Tony Birtill seo ar a shúile do cheann de na heagraíochtaí ach bhí siad ar nós cuma liom faoin fhadhb, dar leis.

Íomhá
Íomhá
Ceantar na Lochanna i gCumbria, áit a ndeachaigh Warrick McNeill agus Jaj Kang ag siúl

Tá siúl sléibhe contúirteach - maraítear daoine agus gortaítear daoine i dtaismí gach bliain sna sléibhte. Leis seo a sheachaint, bunaíodh an Mountain Leader Training Board (MLTB) i 1964. Tá an eagraíocht seo faoi smacht an British Mountaineering Council (BMC) (www.thebmc.co.uk) agus eagraíonn sí cúrsaí oiliúna i loingseoireacht, dreapadóireacht agus mar sin de. Tá ceangal idir an MLTB agus Comhairle Sléibhteoireachta na hÉireann (www.mountaineering.ie).

Tá baint agam féin le heachtraíocht faoin spéir sa choláiste ina bhfuil mé ag múineadh anseo i Sasana agus cheannaigh mé leabhar agus fístéip a d’fhoilsigh an BMC/MLTB dar teideal “Safety on Mountains” i mbliana le haghaidh mo chuid ranganna. Tá sé dochreidte, ach tá meancóg mhór ar an fhístéip a dtiocfadh léi daoine a chur i mbaol ar na sléibhte agus bhí an BMC ar nós cuma liom nuair a chuir mé sin in iúl dóibh.

Ar an fhístéip téann teagascóir, Phil Booth, amach sa Peak District le ceathrar nach bhfuil mórán taithí acu. Ag deireadh an tseisiúin molann sé don ghrúpa cúrsa oiliúna a dhéanamh in ionad de chuid an MLTB/BMC darb ainm Plas Y Brenin sa Bhreatain Bheag. Déanann beirt acu, Jaj Kang agus Warrick McNeill, freastal ar an chúrsa agus is é Tim Neill an teagascóir atá acu. Déanann siad ábhair éagsúla sa seomra rang, mar shampla uainiú, ag siúl le coiscéim thomhaiste agus imlínte comh-airde. Ansin, téann siad amach agus deir Warrick McNeill: “There is definitely a lot to learn. Putting our new skills into practice we took a route up Cnicht, pointing out the contours to estimate the amount of time it would take to reach the top. Tim reckons about half a minute between each 10 metre contour is a good estimate.”

Is meancóg é seo - úsáideann siúlóirí Naismith’s Rule: 5 chiliméadar san uair móide leathuair do gach 300 méadar ag dul suas. De réir Eric Langmuir, ar leathanach 39 dá leabhar Mountaincraft and Leadership (an Bíobla do shiúlóirí sléibhe): “It is sometimes more convenient to express this formula in terms of the extra time required to climb a given number of contour lines. For example, it takes an additional minute to climb one 10 metre contour line or an additional 5 minutes for each thick contour line.” Molann an MLTB an leabhar seo.

4 chiliméadar san uair

Is léir go gcaithfidh tú dul an-ghasta suas chun imlíne 10 méadar a dhéanamh i 30 soicind. Ach labhraíonn Tim Neill faoi luas 4 chiliméadar san uair don ghrúpa agus mar sin thógfadh sé níos mó ná Naismith’s bomaite amháin do gach imlíne 10 méadar, chan níos lú.

Níl mórán iomrá ar imlínte sa leabhar atá leis an fhístéip.

Cé go molann Phil Booth an cúrsa oiliúna “as a way to improve skills” is léir go raibh mearbhall ar Warrick McNeill agus Jaj Kang tar éis an chúrsa ag Plas Y Brenin le Tim Neill, agus tá sin le feiceáil sa chéad seicheamh eile ar an fhístéip nuair a théann siad go Coniston i gCeantar na Lochanna i gCumbria leis an chuid eile den ghrúpa. Téann siad go dtí cnoc darb ainm ‘The Old Man’ chun campáil in aice le ceann de na lochanna atá faoina bharr, ach níl siad ábalta an loch a aimsiú. Deir Warrick McNeill: “We found we got our contours wrong anyway. We were expecting the lake to be below us but in fact it is actually some way further up hill.”

Ar ndóigh, bheadh sé mar sin - i bhfad níos ísle ná mar a shíl siad - mar go bhfuil siad ag leanúint na droch-chomhairle ó Tim Neill ag Plas Y Brenin.

Deir Sarah Blackwell ón ghrúpa: “We were expecting to find the lake below us, but it did not quite work out that way.”

Is meancóg chontúirteach agus thábhachtach é seo - má cheannaíonn daoine an fhístéip agus má bhaineann siad úsáid as an chomhairle mhícheart faoi imlínte thiocfadh leo bás a fháil. Mar sin, ba cheart don BMC/MLTB an fhístéip a tharraingt siar chomh luath agus is féidir.

Chuir mé an t-eolas seo i dteachtaireacht ríomhphoist chuig Andy MacNay ag an BMC - é féin a rinne an fhístéip, ach ní raibh mórán suime aige ann nuair a labhair mé leis ar an fón fá dtaobh de. “I glanced through it,” arsa seisean agus dúirt sé fosta faoin leabhar le Langmuir: “That’s rather conservative”.

Níor chuala mé rud a bith eile ón BMC fá dtaobh de agus mar sin rachaidh mé i dteagmháil leis an Health and Safety Commission anois. Gan amhras, ní bheidh siadsan ar nós cuma liom.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.