Tá fonn mór ar Phríomh-Aire na hAstráile, John Howard, tacú leis na Stáit Aontaithe má dhéantar ionsaí ar an Iaráic, ach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin, níl an pobal chomh díocasach céanna.
D’fhág long de chabhlach na hAstráile Sydney an tseachtain seo caite ar a bealach go dtí Murascaill na Peirse. Ba é seo an chéad dream d’fhórsaí na hAstráile a bheas páirteach má ionsaítear an Iaráic. Ceaptar gur 2,000 ar fad as an Astráil a bheas ann má bhíonn sé ina chogadh. Ní mórán é le hais an 200,000 as na Stáit Aontaithe agus as an mBreatain atá á réiteach chun cogaidh, ach tá fáilte mhór ag na Meiriceánaigh rompu de bharr comhghuaillithe a bheith chomh gann sin.
Tá deighilt mhór i bpobal na hAstráile faoin gcogadh seo atá á bhagairt. Níl ach 6% den phobal a aontaíonn le hionsaí ar an Iaráic mura mbíonn tacaíocht na Náisiún Aontaithe leis. Dúirt Simon Crean, ceannaire an fhreasúra, leis na fórsaí gur cheap sé nár chóir dóibh a bheith ag imeacht. Dúirt an Príomh-Aire John Howard nach bhfuil aon chinneadh déanta fós ag an rialtas faoi ionsaí ar an Iaráic agus ní fhreagraíonn sé aon cheist faoi chogadh mura bhfuil údarás na Náisiún Aontaithe leis.
Tá daoine míshásta freisin go bhfuil an iomarca airde ag an rialtas ar an Iaráic, tír nach bhfuil ag bagairt ar an Astráil. Tá daoine ag rá nach bhfuil aon ghnoithe ag an Astráil a bheith ag caitheamh $1 billiún (€550 milliún) ar an gcogaíocht nuair nach bhfuil dóthain áiseanna ar fáil leis an bpríomhchathair a choinneáil slán ó thinte mar a tharla coicís ó shin. Maraíodh ceathrar sna tinte i gCanberra agus scriosadh os cionn 500 teach. Ach ní raibh ar fáil ach 12 inneall dóiteáin nuair a thosaigh na tinte.
An rud is mó atá ag cur as don phobal ná nach bhfuil sé mínithe fós ag an rialtas cén fáth gurb é leas na hAstráile dul ag troid. Tá an rialtas ag rá go bhfuil airm ollscriosta ag an Iaráic agus, dá bhrí sin, gur chóir deireadh a chur leo. Ach tá airm ollscriosta ag roinnt mhaith tíortha. Cén fáth nach bhfuiltear ag díriú ach ar cheann acu? Deir an rialtas gur deachtóir é Saddam Hussein agus nach bhfuil aon mheas ar chearta daonna san Iaráic. Níl aon amhras gur cladhaire amach is amach é Saddam. Ach tá deachtóirí eile ann freisin. Tá an rialtas ag rá gur ionsaigh Saddam muintir na hIaráice. Ach nuair a rinneadh ionsaí ceimice ar na Curdaigh i Halabja i 1988 inar maraíodh tuairim is 4,000, bhí Howard ina thost. Thug tuairisceoir amháin an choir ba mheasa ó d’ionsaigh na Stáit Aontaithe Hiroshima agus Nagasaki ar an ionsaí i Halabja. Is macalla an méid atá á rá ag an rialtas den chaint chogaíochta atá le cloisteáil as Washington.
Tá macalla eile ann freisin. I 1939 d’fhógair Robert Menzies, a bhí ina Phríomh-Aire, go raibh cogadh fógartha ag an mBreatain ar an nGearmáin. “As a result, Australia is also at war,” a dúirt sé. Níor dhúirt sé cé leis. *Non sequitur *den scoth. Ba é siúd an Menzies céanna a rinne traenáil mhíleata le linn an Chéad Chogadh Domhanda. Cuireadh ceist air an mbeadh sé ag liostáil san arm mar a bhí coitianta go maith i gcás fear óg a raibh traenáil déanta acu. Dúirt sé nach mbeadh - go raibh a bheatha róthábhachtach lena úsáid mar bhia do na gunnaí móra. Ba é siúd an Menzies céanna a d’fhógair go bréagach sa bparlaimint sna seascaidí go raibh iarratas tagtha ó na Meiriceánaigh fórsaí ón Astráil a chur go Vítneam. Ní raibh aon leisce chun cogaíochta ar Mhenzies, a fhad is a bheadh duine éicint eile ag troid. Ach an oiread le Menzies, is *non sequitur *scéal an rialtais inniu.
Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.