AR NA SAOLTA SEO
Staidéar lochtach na Comhairle Contae
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

Rinneadh Staidéar Tionchair Teanga le déanaí chun an éifeacht a bheadh ag tógáil eastáit nua tithíochta ar an gCeathrú Rua i gConamara ar an nGaeilge a mheas. Tá Uinsionn Mac Dubhghaill den tuairim, áfach, go bhfuil laigí móra ag baint leis an staidéar seo.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

Beidh a fhios ag muintir an Choileáin ar an gCeathrú Rua go luath an mhí seo an bhfuil cead pleanála ag Comhairle Chontae na Gaillimhe chun eastát tithíochta poiblí a thógáil san áit. Ar ndóigh, is iad oifigigh phleanála na comhairle féin a ghlacfas an cinneadh, bliain go leith i ndiaidh don Ardchúirt a rialú go raibh an chéad iarratas pleanála neamhbhailí ar an ábhar nach raibh Staidéar Tionchair Teanga mar chuid de.

Tá a leithéid de staidéar mar chuid den iarratas an babhta seo. Go bhfios dom is é seo an chéad uair ar cuireadh a leithéid de cháipéis isteach le haon iarratas pleanála in Éirinn. Is fiú breathnú go géar air dá réir.

Cead chun ceithre theach déag a thógáil in eastát uirbeach leis féin atá ón gcomhairle. Ar na hargóintí a bhí ag Coiste Choileáin, agus iad ag cur i gcoinne an chéad iarratas, bhí argóintí faoin gcóras séarachais agus uisce, agus ceisteanna faoi cé chomh hoiriúnach is a bheadh a leithéid d’fhorbairt i sráidbhaile tuaithe. Bhí ceisteanna ann faoin tionchar a d’fhéadfadh sé a imirt ar labhairt na Gaeilge san áit, agus an t-eastát poiblí eile atá ar an mbaile mar fhasach acu - eastát ina bhfuil an Béarla in uachtar.

Ba í an sochtheangeolaí an Dr Mary O’Malley-Madec a rinne an staidéar don chomhairle chontae. Tá MA aici ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Ph.D ó Ollscoil Pennsylvania. Chaith sí dhá bhliain ag obair le hInstitiúid Teangeolaíochta Éireann sna nóchaidí. Is é an teideal atá ar a tráchtas don Ph.D, nár foilsíodh, ná *From the Centre to the Edge: The Social Contours and Linguistic Outcomes of Contact with English in an Irish Core and Peripheral Community *(Ollscoil Pennsylvania, 2002).

Tá cumas áirithe ag an Dr O’Malley-Madec i labhairt na teanga, ach is i mBéarla a scríobhadh an Staidéar Tionchair Teanga. Rinneadh é a aistriú go Gaeilge, a d’inis sí dom nuair a labhair mé léi ag deireadh na míosa seo caite. Ní thógfainn uirthi é. Bíonn sé le maíomh agam féin go bhfuil tuiscint áirithe agam ar an teanga, ach theip orm brí cheart a bhaint as an leagan Gaeilge den staidéar go dtí gur léigh mé an bunleagan Béarla. Seo sampla den rud atá i gceist agam:

“Cuireann gnáthúsáid an réaltacht theangeolaíoch in iúl chomh maith leis an réaltacht shóisialta. Cuimsíonn an Ghaeilge sa phobal teanga atá mar ábhar staidéir leicséimí Béarla mar chuid de chumas cainteora, úsáid a chomharthaíonn ballraíocht sa phobal seo ón taobh sóisialta de. Ní comhartha aistrithe iad na leicséimí seo.” Seo é an bunleagan Béarla: “Habitual use can also reflect the linguistic reality as well as the social one. Irish in the speech community under study includes the use of English lexemes as part of speaker competence, a use, which, from a social point of view, marks membership of this community. These lexemes are not evidence of shift.”

Tá go maith agus níl go holc. Céard atá sa staidéar tionchair teanga seo, mar sin, agus cén tátal atá leis?

Agallamh

Chuir sí agallamh ar 90 duine ar liosta tithíochta na comhairle contae do cheantar Chonamara - go príomha, daoine i limistéar na Ceathrún Rua - Ros Muc - Carna. I gcás 25 duine díobh, níorbh as Conamara ó dhúchas iad. Ach ba chainteoirí Gaeilge sa mbaile iad triúr den 25 duine sin, rud a fhágann go raibh 22 cainteoir Béarla agus 68 cainteoir Gaeilge ar an liosta tithíochta, nó 24% den iomlán. Deir sí: “Tá líon na n-iarratasóirí nach labhraíonn Gaeilge réasúnta ard ag 22, cé go gcaithfear a rá má tá tionchar á imirt acu, go bhfuil sé seo á dhéanamh acu ar feadh roinnt ama de bhrí gur mhair a bhformhór sa cheantar le blianta fada, go mór mór i ngeall ar cheangal teaghlaigh.”

Bhain sí úsáid as modheolaíocht áirithe (a chum sí féin dá tráchtas) chun eolas a fháil ar ghréasáin nó líonraí teagmhála an 90 duine sa mbunghrúpa, trí cheisteanna a chur ar na daoine sin. Cairde agus gaolta is mó a bhí i gceist ansin. Ar an gcaoi sin mheas sí go raibh sí in ann eolas éigin a fháil ar phatrúin labhartha teanga 439 duine eile - is é sin, daoine nár chuir sí agallamh orthu ach a chuir sí san áireamh sa staidéar.

Den 439 duine sa líonra sin déanann sí amach gurb é an Béarla a úsáidtear mar theanga chumarsáide i 152 gaol nó cás ar leith. Sin 35 faoin gcéad, rud a chiallaíonn go mbíonn tionchar an Bhéarla ar an bpobal níos airde ná an 24% atá ina gcainteoirí Béarla. Seo mar a chuireann sí féin é: “Seasann 22 cainteoir as 90 d’úsáid de 24%; mar sin féin, i dtéarmaí fíorúsáide agus gnáthúsáide Béarla sa líonra ar dearnadh staidéar air, is beagnach 35% úsáide atá i gceist agus imríonn sé tionchar mór i bpobal teanga atá chomh beag sin. Mar shampla, mura mbeadh againn ach 5 cainteoir breise Béarla sa líonra, de réir na treochta seo, bheadh breis is 186 gaol sa líonra (42%) á gcur in iúl i mBéarla.”

Leanann sí uirthi: “Ní furasta a rá ag cén pointe a thosaíonn tnáitheadh mar sin féin. Chuir na teilgin a thug mé in iúl, trí líon na gcainteoirí Béarla sa líonra a chur i gcoimheas le húsáid teanga sa líonra, gur féidir le líon beag cainteoirí Béarla an-tionchar a imirt. Chuirfeadh sé in iúl freisin go bhfuil an ceantar Gaeilge seo ag glacadh leis an oiread cainteoirí Béarla agus is féidir leis gan cuid mhaith teanga a chailleadh.” [Liomsa an cló Iodálach.]

Agus an méid sin ráite aici faoi chúrsaí teanga sa bpobal Gaeltachta seo, tagann sí ar chonclúid atá contráilte, shílfeá, leis an méid sin thuas. Ag deireadh a tuarascála deir sí: “Léiríonn an staidéar seo an tionchar atá á imirt ag cainteoirí Béarla ar an nGaeilge sa phobal seo: sé sin, go méadaíonn láithreacht cainteoirí Béarla líon na líonraí ina labhraítear Béarla. Ach is gá béim a leagan air go léiríonn an tionchar seo ar an iomlán status quo *na teanga ós rud é go bhfuil na hiarmhairtí seo i láthair ar feadh i bhfad. *Ní dhéanfaidh na forbairtí mar atá siad pleanáilte, i.e. soláthar 16 aonad deonach don aosach agus 14 aonad tithíochta sóisialta sa Cheathrú Rua, 16 aonad deonach agus 6 aonad tithíochta i Leitir Mealláin cur isteach [dochrach] ar úsáid teanga i ngeall ar fhad ama na teagmhála atá i gceist. [Liomsa an cló Iodálach.] Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid ag labhairt ag an bpointe seo ar phatrún buanseasmhach in ionad patrúin a bhféadfadh athrú a theacht air.”

Níos faide anonn deir sí: “Ach níl aon ábhar bogásachta ann. Tugann an staidéar seo le tuiscint go bhféadfaí cothromaíocht leochaileach an dátheangachais a chur i gcontúirt sa gharthodhchaí muna nglactar céimeanna sa réiteach seo chun aghaidh a thabhairt ar na castachtaí a bhaineann le teanga agus cultúr na Gaeilge a chosaint laistigh de theorainneacha na Gaeltachta.”

Ar na laigí a mheasaim féin atá sa staidéar seo - agus sílim go bhfuil cuid mhaith laigí ann - tá an bhuncheist seo, nár freagraíodh: céard a tharlaíonn nuair a chuireann tú grúpa, ina bhfuil an ceathrú cuid ina gcainteoirí Béarla, ina gcónaí le chéile ar eastát tithíochta leis féin? An gcruthaíonn tú “oileán an Bhéarla” i gceartlár na Gaeltachta, oileán a imríonn tionchar ar an bpobal thart timpeall air? Sin a tharla, deirtear, i gcás an eastáit eile ar an gCeathrú Rua.

Nuair a labhair mé leis an Dr O’Malley-Madec d’fhiafraigh mé di an ndearna sí aon fhiosrú faoi chúrsaí teanga ar an eastát eile atá ar an gCeathrú Rua, nuair a bhí an staidéar tionchair teanga ar bun aici. Dúirt sí nach ndearna.

Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4. Chaith sé seal freisin ag obair mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.