Nuair nach mbeidh súil againn leis, b’fhéidir go n-imreofar an íde chéanna ar thomhaltóirí na hÉireann is imríodh ar thomhaltóirí na hEorpa le linn dúluachair na bliana seo 2008-09: an sruth gáis i bpíplínte anoir a stad. Tá an scéal ag Tomás Ó hAodha san alt seo, ‘Taoscadh an Tobair’.
Chuir an Rúis bac iomlán ag tús Mí Eanáir leis an sruth gáis a ritheann anoir tríd an Úcráin go tomhaltóirí na hEorpa. Achrann áitiúil a bhí ann idir an dá thír sin, ach mothaíodh a thionchar sách géar fada go leor ó bhaile. Faigheann an Eoraip a ceathrú dá chuid gáis amach as an Rúis agus is tríd na píplínte conspóideacha sin a ritheann a formhór mór. Tá tíortha áirithe in oirthear na hEorpa atá i dtuilleamaí an gháis sin go huile is go hiomlán agus le linn an choisc bhí na céadta míle duine fágtha gan teas i lár gheimhreadh fuar na hilchríche. Titeann an teocht an-domhain faoin reophointe in oirthear na Polainne, fagaim, go fiú i rith an lae.
Tá Éire beag beann ar an gconspóid sin. Tagann mórchuid an gháis a n-ídítear in Éirinn as an Muir Thuaidh. Cé nach bhfuil an tír ag brath ar ghás na Rúise, tá sí fós gafa ag breoslaí iontaise go ginearálta. Bíonn ar an tír 90% dá fuinneamh a allmhairiú ina bhreosla iontaise agus ní haon ribín réidh é a bheith ag brath, ní hamháin ar sholáthar na mbreoslaí féin, ach a bheith ag brath, chomh maith leis sin, ar na praghsanna atá socraithe ag an margadh míthrócaireach idirnáisiúnta.
Éiginnteacht na hÉireann
Tagann 80% de ghás na tíre as an mBreatain, ach tá fadhbanna fuinnimh ag an tír sin chomh maith. Dúirt príomhfheidhmeannach an mháthairchomhlachta, British Gas, i mí Eanáir na bliana seo, go mbeidh ísliú fuinnimh sa Bhreatain mura ndéanfar infheistíocht chuí i bhfoinsí in-athnuaite. Fágann sé sin go bhfuil Éire ag deireadh píblíne gháis as tír a bhfuil géarchéim fuinnimh inti féin nach mór, agus gan amhras, is guagach a bheith amhlaidh.
De réir Bhord Gáis na hÉireann, dá laghdódh an soláthar gáis ar údar amháin nó eile, d’fhéadfadh an córas an lagar a cheartú é féin go huathoibríoch. Is é an teoiric sin ná go n-ardófaí praghas an gháis de thoradh ar a ghanntanas, agus go n-athródh tomhaltóirí ansin go foinsí fuinnimh eile dá bharr. Má chliseann sruth an gháis as an mBreatain, go sealadach féin, fiú amháin, an dtitfidh cúrsaí amach mar a bhfuil á dtuar ag an mBord Gáis? Tá seans ann nach dtitfidh, mar d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh (GIF) tuarascáil, ag deireadh na bliana seo caite, ina bhfuil rabhadh tromchúiseach dúinn go léir ann.
Sa tuarascáil sin, ‘Tuar Fuinnimh an Domhain’, dúirt Fatih Birol, arb é an príomheacnamaí leis an GIF é, gur féidir le ‘buaic na hola’ teacht chugainn chomh luath le 2020 mura ndéanfar infheistíocht ollmhór i mbonneagar thionscal na hola. Ó tháinig laghdú mór ar phraghas na hola le déanaí, tá an chuma ar an scéal nach mbeadh fonn ar chomhlachtaí ola na huasghráduithe sin a dhéanamh.
An Díoscadh Feasta
Tá an coincheap taobh thiar den bhuaicphointe simplí go leor – cruthaíodh na breoslaí iontaise na milliúin bliain ó shin, agus níl ach méid áirithe ar fáil anois. Tá na taiscí sin á slogadh ag an gcine daonna chomh gasta agus is féidir leo, agus mar sin caithfidh go mbeidh deireadh leo tráth éigin, bíodh sé luath nó mall. Ní bheidh deireadh tobann leis na taiscí, meastar, ach ina áit sin, tiocfaidh meathlú de réir a chéile, agus as sin amach beidh tíortha ar fud an domhain in iomaíocht lena chéile, iad ar tóir acmhainne a bheidh ag éirí níos gainne in aghaidh na bliana. ‘Buaic na hola’ a thugtar ar an bpointe a dtosóidh an meathlú sin.
Comhairlíonn an GIF 28 ballstát, Éire ina measc, maidir lena bpolasaithe fuinnimh. Cé gur tugadh an chluas bhodhar do rabhaidh ó eagraíochtaí eile go dtí seo, anois tá an scéal ag teacht ó fhoras coimeádach atá maoinithe ag na rialtais iad féin. Tá seans níos mó mar sin agus, b’fhéidir, go nglacfar leis an gcomhairle an babhta seo.
An bhfuil Éire réidh do na hathruithe sin? Sa pháipéar bán ‘Ag Seachadadh Todhchaí Fuinnimh Inbhuanaithe d’Éirinn’, leag an rialtas amach dúnghaois fuinnimh na tíre go dtí 2020, cé nár tugadh aghaidh go díreach ar fhadhb an bhuaicphointe. Dearbhaíodh ann go mbeadh aon trian d’aibhléis na tíre á ghineadh as fuinneamh in-athnuaite agus cé gur méadú mór é ar an seacht faoin gcéad d’aibhléis na tíre atá ginte as na foinsí sin faoi láthair, fós féin tá an páipéar cáinte ag saineolaithe áirithe mar nach bhfuil sé uaillmhianach go leor.
D’fhoilsigh an rialtas staidéar eile i mí Feabhra na bliana seo, ina scrúdaítear slándáil sholáthar na hola féin. Arís ní dearnathas aon tagairt do bhuaicphointe na hola, cé gur aithníodh go bhfuil bearna mhór i gcóras fuinnimh na tíre. Is mór an t-údar díomá é, áfach, go bhfuil an dara páipéar seo ag teacht salach ar an gcéad cheann, mar maíonn na húdair ann nach bhfuil na spriocanna fuinnimh in-athnuaite atá leagtha amach ag an rialtas réalaíoch ar chor ar bith!
Tá an rialtas ar tí na billiúin Euro a chaitheamh ar bhonneagar fuinnimh na tíre, agus más mall is mithid. Is féidir a bheith cinnte faoi rud amháin ar aon nós – má bhionn na fadhbanna chugainn chomh dona lena bhfuil á dtuar dúinn ag an GIF, beidh níos mó ar ár n-aire ar ball ná rud beag dá ngairtear ‘cúlú i ngeilleagar an domhain’.
Is Ciarraíoch é Tomás Ó hAodha atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Nuair nach i mbun siúl sléibhe in iargúl na tíre ar thóir séadchomharthaí caillte a bhíonn sé, is ag obair ina innealtóir bogearraí sa chathair a bhíonn.