TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Gach mí, ceistíonn Beo! duine as eagras nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Máire Uí Shíthigh agus Caitríona Ní Chathail, Oidhreacht Chorca Dhuibhne (Contae Chiarraí).

Íomhá
Íomhá
  1. Cén ról atá agaibh féin san eagraíocht agus cén fhad atá sibh in bhur bpost?

Máire Uí Shíthigh - Oifigeach Forbartha, ag obair le hOidhreacht Chorca Dhuibhne ó 1988 i leith.

Caitríona Ní Chathail - taighdeoir agus múinteoir Gaeilge ag freastal go speisialta ar dhaoine fásta. Ag obair le hOidhreacht Chorca Dhuibhne ó 1999 i leith.

  1. Cathain a bunaíodh Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus cé a bhunaigh é?

Bunaíodh Oidhreacht Chorca Dhuibhne i 1980 mar fhochoiste de Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne. Grúpa ceannródaíochta ón gceantar a bhunaigh é, daoine ar spéis leo oidhreacht teangan, cheoil, litríochta, cheardaíochta, ealaíne agus seandálaíochta Chorca Dhuibhne a chaomhnú agus a threisiú. Bhí an-bhaint ag Donncha Ó Conchúir, staraí áitiúil, údar agus iar-phríomhoide Scoil an Fheirtéaraigh agus fear ar bronnadh Gradam an Oireachtais 2001 air le déanaí as a dhúthracht ar son na hoidhreachta, leis an dtionscadal ó thús.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Bhí an Comharchumann féin ann ó bhí 1967 agus is ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta an cheantair agus ar fhorbairt na gcoláistí samhraidh is mó a bhíodar dírithe. Beartaíodh i 1980 ar Oidhreacht Chorca Dhuibhne a bhunú chun gnéithe d’oidhreacht an cheantair a fhorbairt agus a chur faoi bhráid an phobail áitiúil agus na gcuairteoirí a thagann anseo ag triall ar an nGaeilge.

  1. Cén obair a dhéanann Oidhreacht Chorca Dhuibhne anois?

Seo iad na príomhimeachtaí:

Clár cúrsaí Gaeilge do phobal Chorca Dhuibhne. Dianchúrsaí i labhairt agus i gcruinneas na Gaeilge do dhaoine fásta (san earrach, um Cháisc agus sa samhradh). Cúrsaí Gaeilge sainspéise do mhúinteoirí bunscoile agus do lucht gnó. Músaem agus Caifé Bhaile an Fheirtéaraigh á reáchtáil. Tionscadal béaloidis i mbunscoileanna Chorca Dhuibhne i gcomhar le Roibeárd Ó Cathasaigh (Stiúrthóir), Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh. Foilsiú - Flóra Chorca Dhuibhne (M. Uí Chonchubhair 1995/athchló 1998). Rabhlaí Rabhlaí - Rannta traidisiúnta do leanaí (leabhar agus dlúthdhiosca) i gcomhar le Coláiste Mhuire gan Smál (1998). Scéim Cúntóirí Teangan Ghaeltachtaí na Mumhan - i gcomhar le hEagraíocht na Scoileanna Gaeltachta. Taispeántas Ealaíne na Cásca. Scéimeanna rincí seite agus amhránaíochta sean-nóis i mbunscoileanna agus i meánscoileanna Chorca Dhuibhne. Ceardlanna amhránaíochta ar an sean-nós do dhaoine fásta i gcomhar le Micheál Ó Dúbhshláine. Éigse Chorca Dhuibhne. Comhpháirtíocht le Coiste Cleamhnais Chorca Dhuibhne, Coiste Chasán na Naomh agus Coiste Áitiúil Oireachtais 2001. Bainistíocht ar thochailtí seandálaíochta - go príomha i mBaile na bhFionnúrach (1994 - 1999).

  1. Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas?

Faigheann Oidhreacht Chorca Dhuibhne deontas ón Roinn Ealaíon Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán. Lorgaítear cabhair ó eagrais eile do thionscadail áirithe - mar shampla, Údarás na Gaeltachta, Seirbhísí Oideachais Chiarraí agus An Chomhairle Oidhreachta.

  1. Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne?

Tá an t-airgead seo tuillte ag an Oidhreacht toisc an obair cheannródaíochta atá ar siúl againn le blianta beaga anuas a chinntíonn go bhfuil aitheantas an phobail áitiúil agus náisiúnta againn. Is obair forbartha pobail mórán den obair a spreagann féinmhuinín agus neamhspleáchas pobail Ghaeltachta.

  1. Seachas airgead stáit, an bhfuil aon fhoinse eile airgid agaibh?

Tá cabhair fachta againn ón American Ireland Fund do thionscadail áirithe.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Tá agus níl. Tá fás agus forbairt ag teacht i gcónaí ar chlár oideachais na hOidhreachta. Ach maidir leis an dteanga féin tá sí leochaileach ar mhórán cúiseanna. Tá limistéir na Gaeltachta ag maolú in aghaidh an lae. Mar atá sna Gaeltachtaí eile, tá mórán inimirceach ag cur fúthu san áit. Tá roinnt teaghlach Gaeltachta ag casadh ar an mBéarla. An-chabhair is ea Scéim na gCúntóirí Teangan ach tá mórán eile le déanamh le dul i ngleic leis an bpobal ilteangach atá anois i gCorca Dhuibhne.

Beidh i gcónaí le heagraíochtaí ar nós Oidhreacht Chorca Dhuibhne - tá deireadh leis an seanashaol. Ní féidir le scoileanna an béaloideas, na scéalta, na hamhráin sean-nóis, an tseandálaíocht, na rincí seite - agus a thuilleadh - a thabhairt don nglúin óg - tá an iomad brú orthu. Is chuige san a bheidh Oidhreacht Chorca Dhuibhne mar thacaíocht agus uaireanta mar threoraí.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht?

Láidreachtaí

Triúr fostaithe i dtionscadail éagsúla. Taithí fhada ar an obair seo. Mic léinn ag filleadh ar chúrsaí agus á moladh dá gcairde - sa bhaile agus i gcéin. 60-70 duine fásta ag foghlaim na Gaeilge i mbliana. Rannpháirtíocht an phobail áitiúil in imeachtaí bliantúla.

Laigí

Easpa foirne don obair seo a leanas:

Múineadh na Gaeilge Forbairt áiseanna teagaisc, teanglainne agus seomraí ranga. Daoine óga a mhealladh i dtreo na teangan. Cúrsaí/áiseanna aistriúcháin.

Pleanáil fhadtéarmach - Is deacair seo a dhéanamh gan deontas cinnte leanúnach. Bíonn mórán tionscadal ar na bioráin - uaireanta is deacair freastal orthu go léir. Ag an am gcéanna is mar seo a fheidhmíonn eagraíochtaí beaga mar Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

  1. Ainmigh na trí rud is tábhachtaí, dar libhse, ba cheart a bheith bainte amach ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne faoi cheann cúig bliana.

Áiseanna foghlama Gaeilge d’fhoghlaimeoirí - gach caighdeán líofachta - a bheith ar fáil i gCorca Dhuibhne. Pacáiste - leabhair, ábhar éisteachta agus ábhar físe - do ghlantosnaitheoirí. Músaem den gcaighdeán is airde a bheith lonnaithe i mBaile an Fheirtéaraigh. Amhráin, scéalta, béaloideas, seandálaíocht agus rincí traidisiúnta an cheantair a bheith ar a dtoil ag óige Chorca Dhuibhne.

  1. Cén fhís atá agaibh beirt don Ghaeilge?

Pobal láidir Gaeilge i gcónaí i gCorca Dhuibhne. Mórán le déanamh chun gur mar sin a bheidh ach is ró-fhuirist bheith éadóchasach toisc brú an Bhéarla a bheith chomh láidir sin.

Tá eolas breise le fáil faoi Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag: http://www.corca-dhuibhne.com/.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.