AR NA SAOLTA SEO
Óige na hÉireann Inniu - Sonas d’Ainneoin na Géarchéime
Lisa Nic an Bhreithimh Lisa Nic an Bhreithimh Lisa Nic an Bhreithimh

meanma agus misneach sa dream óg in Éirinn nach bhfuil le brath sa ghlúin is sine ná iad, dar le Lisa Nic an Bhreithimh. Níl an t-aos óg chomh cloíte is a shamhlófaí, d’ainneoin an ciseach a rinneadh den tír.

Íomhá
Chuig léacht
Íomhá
Ollscoil Chathair Átha Cliath
Íomhá
An tslí chun tosaigh
Íomhá
Céim chun tosaigh

Céard is cúis leis an sonas i saol na n-óg in Éirinn? Lena bhfuil de dhrochscéalta thart faoin tuairteáil gheilleagair, faoin dífhostaíocht agus faoi chaimiléireacht na bpolaiteoirí, is deacair a shamhlú gur as an méid seo a spreagtar aon chineál sonais sa chroí óg. Baineann dearfacht agus sonas le haos óg na hÉireann fós, áfach. Ní bhíonn an ghruaim chéanna orthu faoi chúrsaí agus a bhíonn ar an nglúin os a gcionn. D’fhéadfá a rá nach mbíonn na cúiseanna buartha céanna acu agus atá ag an nglúin rompu. Ar an taobh eile, áfach, d’fhéadfá a rá gurb é an t-aos óg is mó a bhfuil agus a mbeidh orthu imeacht as an tír sa tóir ar fhostaíocht mar gheall ar a bhfuil déanta ag an nglúin os a gcionn de dheasca díomailt airgid. Ní rachainn chomh fada is a rá go bhfuil saol iontach crua ag aos óg na tíre inniu ach d’fhéadfadh cúrsaí a bheith i bhfad níos fearr dóibh as an mborradh a tháinig faoi gheilleagar na tíre sna nóchaidí. Tá an aigne dhearfach go feiceálach fós féin i measc na n-óg agus is rud iontach é sin don tír agus an cruth a fágadh uirthi faoi láthair.

Bhí scéal an chúpla óig Jedward (nó Awkward mar a thug Mary Aggie orthu ar chlár Rónáin, RnaG!) ar cheann de na scéalta ba dhearfaí a bhí le fáil i nuacht na hÉireann le fada. Lena ndearcadh dearfach féin agus leis an ionad ard a bhain siad amach don tír sa chomórtas Eoraifíse 2011, measaim féin gur iontach an rud atá á dhéanamh acu d’Éirinn. Ar an ardán i nDussledorf, spreag siad mórtas agus uchtach in óige na hÉireann dá dtír féin agus is iomaí meangadh gáire a chuireadar ar aghaidh thiar sa bhaile. Ní raibh an sórt seo misnigh nó dóchais feicthe ag an óige le fada agus is cinnte nár mhothaigh siad a leithéid faoina dtír féin le caimiléireacht a bpolaiteoirí agus le ‘tarrtháil’ CAI na tíre. Ba léir an sonas a bhain leis na mothúcháin seo i measc na n-óg agus rud a bhféadfaidís a bheith mórálach as mar óige Éireann faoi dheireadh.

Lucht na Cáinte

Bhí cuid mhaith diúltach le rá ag go leor daoine faoin gcúpla agus faoin ‘náire’ a tharraing siad anuas orainn, ach is éard a mheasas féin nuair a sheas siad suas ar ardán na hEorpa, nach aon chúis náire a bhí iontu ach gur mháthair iontais iad. Dhá bhliain ó shin, ní raibh Simon Cowell sásta go rachadh Jedward ar aghaidh sa chéad bhabhta den chomórtas X Factor, fiú agus anois tá clú agus cáil orthu ar fud an domhain mhóir agus is léir go bhfuil talann iontach ar an ardán acu. Téann siad i bhfeidhm ar lucht féachana. Bhain siad an 8ú áit amach d’Éirinn, áit níos airde ná mar atá bainte amach againn ón mbliain 2000 agus bhreathnaigh níos mó Éireannach ar an gcomórtas ná mar a bhreathnaigh air le 15 mbliana anuas fosta. Ní fhéadfadh duine ar bith a rá gur drochrud an méid sin don tír. A mhalairt a chonaic cuid mhaith daoine óga, gur údar mór sonais iad, abraimis le hais an cailleadh mór measa acu ina gcuid polaiteoirí leis na blianta anuas, as an náire a tharraing siadsan orainn mar thír.

Aoibhinn beatha an scoláire
Bhíos ag déanamh a léighinn;
Is follas daoibh, a dhaoine,
Gurab dó is aoibhne in Éirinn.

Is dócha gur rud mór eile a chuireann sonas i gcroí an aosa óig inniu ná saol na hollscoile. Táthar ag rá le fada an lá gur fearr na laethanta scoile ná aon tréimhse eile i saol an duine agus is dócha gurbh fhearr fós na laethanta ollscoile dóibh siúd a mbíonn an deis acu freastal uirthi. Níl aon amhras nach ionann cúrsaí do chách ach sa mhéid atá feicthe agamsa leis na blianta in ollscoileanna, is mór an sonas atá le baint as saol na hollscolaíochta ag an duine óg. Baineann idir thaobh oideachais agus thaobh sóisialta le saol an choláiste tríú leibhéal. Áit é inar féidir leis an duine óg cuid mhaith a fhoghlaim faoin saol mór agus faoi féin mar dhuine chomh maith leis an méid a fhoghlaimeoidh sé nó sí dá rogha earnáil oibre. Tá neart cumann ann inar féidir leis taitneamh agus tairbhe a bhaint as an ollscoil tríd na rudaí a gcuireann sé spéis ann, ón spórt go cúrsaí Gaeilge. Chomh maith leis an méid sin, is deis mhór foghlamtha ó thaobh an oideachais é, ar ndóigh, inar féidir leis an duine óg neart a fhoghlaim faoin tslí bheatha ar mhaith leis a bhaint amach ar ball.

Tapaigh do Dheis

Is mór an trua nach mbeidh an deis ag chuile duine óg dul ag an ollscoil anois agus an tóin tite as an saol. Más féidir in aon chor é mholfainn do dhaltaí meánscoile an deis a thapú dul ar aghaidh chuig an ollscoil. Is fearr an sonas ná an saibhreas agus beidh neart ama ann don obair i rith an tsaoil fhada – ‘enjoyment deferment’ a thugann lucht na socheolaíochta air. Tiocfaidh an saibhreas agus an ‘enjoyment’ a bhaineann leis ina am féin. Thairis sin, mholfainn don rialtas machnamh go géar ar chinntí maidir le táillí ollscoile a thabhairt isteach agus ar an méid iomlán atá á bhaint acu ón gcóras oideachais, ó na bunscoileanna ar aghaidh. Tuigimid uilig go bhfuil an tír ina ciseach le fiacha ach ní mór cuimhneamh ar thábhacht na hóige agus a mbaineann leis an sonas is an dearfacht sa mhéid a tharlóidh amach anseo. Muna mbíonn daoine óga sásta in Éirinn agus leis na deiseanna atá acu sa tír, crapfaidh siad leo agus cén sórt tíre a fágfar gan aos óg oilte chun oibre?

Deirtear go ‘maireann croí éadrom i bhfad’. Bheinn ag súil mar sin go leanfaidh Jedward agus a leithéid ar aghaidh leis an sonas a spreagann siad san óige agus go dtiocfaimis uilig ar an aigne dhearfach le meanma na ndaoine a spreagadh, chun go mairfidh croí na hÉireann i bhfad.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

As Baile Átha Cliath ó dhúchas, tá Lisa Nic an Bhreithimh i mbun Máistreachta ar an gcúrsa Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge i gCol. na hOllscoile BÁC. Bhain sí a bunchéim amach i gColáiste na Tríonóide.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.