3232
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá an bhliain úr ag teannadh linn, am a dhéantar buaiteoirí na gcraobhchomórtas peile agus iomána a thuar. Ach níl aon cheist faoi, dar le Colm Mac Sealaigh, ach go bhfuil bliain mhaith i ndán do Chiarraí agus Chill Chainnigh arís.
»»»Úr te bruite! Tá éacht déanta ag [i]Beo![/i] agus ag a scríbhneoir céimiúil Balor. Seo chugaibh, a chairde, agallamh eisiach – as Gaeilge – le hIan Mór.
»»»Éireannaigh ina saighdiúirí tuarastail ag marú daoine i dtíortha thar lear faoin ainm ‘Irish Guards’ agus a bheith á marú ag daoine thar lear chomh maith mar a mhíníonn Tony Birtill. An cuma le cách an méid sin?
»»»Is í Muireann Nic Amhlaoibh, bean óg as Dún Chaoin, atá mar phríomhamhránaí leis an ngrúpa ceoil Danú. Cé gurb iad na hamhráin is mó a choinníonn gnóthach í leis an ngrúpa seo, seinneann sí ar an bhfeadóg mhór chomh maith. Labhair Antaine Ó Faracháin léi faoi shaol an cheoil.
»»»Bhí Roseanne Smith ag gearradh bealaigh siar go deisceart Mhaigh Eo nuair a bhí an t-alt seo nach mór foilsithe, chuig comhdháil spéisiúil, saothrach, an Congregation, a eagraíodh go cliste.
»»»Tá baint lárnach ag an Dr Muireann Ní Bhrolcháin leis an bhfeachtas atá ar siúl le tamall anuas chun stop a chur leis an mótarbhealach atá le tógáil in aice le Cnoc na Teamhrach i gContae na Mí. Sa chéad alt seo de dhá cheann, míníonn sí cén fáth a bhfuil sí glan i gcoinne an phlean agus cáineann sí rialtas, atá, dar léi, ar nós cuma liom faoin gcomhshaol agus faoin oidhreacht.
»»»D’fhoghlaim Tony Birtill an ceacht is tábhachtaí le linn cúrsa athfhoghlama. Is ceart a bheith ullamh, ach is fearr a bheith ullamh agus amhrasach más amuigh ar an sliabh atá tú.
»»»Dfhreastail Pádraig Mac Éamoinn ar chomhdháil shuimiúil i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite inar pléadh na himpleachtaí a bhainfidh le hola agus gás an domhain a bheith ídithe ar fad.
»»»Chuir Príomhaire na hAstráile, John Howard, agus a pháirtí dallamullóg ar phobal na tíre roimh an olltoghchán deireanach maidir le ceist na dteifeach, dar le Paula Kehoe.
»»»Bhí Colm Ó Snodaigh an-tógtha le cuid ceoil The Boomtown Rats agus é ag éirí aníos agus bhí áthas nuair a fuair sé deis bualadh le Bob Geldof agus le ball eile den ghrúpa i mbliana.
»»»Caitheann John Walsh súil ar an dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus aimsíonn idir bhuanna agus laigí inti.
»»»Is beag duine nach bhfaigheann ar a laghad cúpla teachtaireacht ríomhphoist sa lá ó chomhlachtaí a bhíonn ag iarraidh earraí nó seirbhísí a dhíol leo. Tá dóchas ann go dtiocfaidh feabhas ar an scéal sa todhchaí, áfach, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Thug Barra Mac Giolla Iasachta cuairt ar an tSín i mbliana agus chuir na hathruithe atá ag teacht ar an tír alltacht air.
»»»Tamall gairid ó shin, bhí an chuma ar an scéal go raibh an nuachtán [i]Lá Nua[/i] ar an dé deiridh. San alt seo, agus sa cheann ina dhiaidh, pléitear an ghéarchéim a ndeachaigh an nuachtán tríthi agus caitear súil ar an mhargadh deacair ina bhfuil sé ag feidhmiú. Sa chéad alt seo, pléann Máirtín Ó Muilleoir, foilsitheoir an nuachtáin, an plean ar thángthas air leis an fhoilseachán a tharrtháil.
»»»Chaith Ruth Nic Giolla Iasachta seal i mBeirlín na Gearmáine i mí Feabhra i mbliana le linn don fhéile idirnáisiúnta scannán bheith ar siúl.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.