CÚINNE NA nEALAÍON
The Boomtown Rats – cúigear buachaillí dána
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Bhí Colm Ó Snodaigh an-tógtha le cuid ceoil The Boomtown Rats agus é ag éirí aníos agus bhí áthas nuair a fuair sé deis bualadh le Bob Geldof agus le ball eile den ghrúpa i mbliana.

Íomhá
Drumadóir The Boomtown Rats, Simon Crowe: fear mór iascaireachta
Íomhá
Íomhá
Bob Geldof i mBaile Átha Cliath

Níor chreid mé é. Darragh, cara liom, tar éis a rá liom go raibh cónaí ar dhrumadóir na Boomtown Rats, Simon Crowe, suas an bóthar uainn. Ní hamháin sin ach go raibh coinne eagraithe aige le hathair Simon agus go rabhamar chun bualadh isteach chuig Simon maidin Dé Sathairn!

Níor chreid mé é go dtí gur chnagamar ar an doras agus cé a d’oscail é ach Crowe féin!

Bhí mé dhá bhliain déag, lán de cheol nua, rock ’n’ roll, stáisiúin bhradacha raidió Bhaile Átha Cliath – Radio Dublin Two-Five-Three, Big-D Radio, Radio 257 – punk, na Sex Pistols, Johnny Rotten agus ár mbanna Éireannach, Bhleá Cliathach féin, na Boomtown Rats – cúigear buachaillí a bhí dána, réabhlóideach, torannach. Bob Geldof (an príomhamhránaí) sásta a rá le Gay Byrne ar an “Late Late Show” gurbh é ba mhian leis ina shaol ná “to get rich, laid and famous”.

Bhí Simon gealgháireach agus fáilteach ach, le bheith fírinneach, bhí muidne beagáinín díomách mar nach raibh aon chuid den rock ’n’ roll ag baint leis – bhí sé róbhéasach! Cinnte labhair sé faoin gceol, shínigh sé mo leabhar síniúchán – “Do The Rat, Simon Crowe”– thaispeáin sé clúdaigh na n-albam dúinn ach níor theastaigh uaidh ach labhairt faoin iascaireacht!

D’fhágamar, sásta lenár síniúchán (mo cheann féin suite in aice le cinn Eamonn Coughlan, Pelé agus Chearbhaill Uí Dálaigh) ach beagáinín díomách.

Níor chuir sin deireadh le mo ghrá don ghrúpa, áfach. Cheannaigh mé gach singil agus gach albam ar feadh cúpla bliain. Rinne ceiliúradh nuair a shroicheadar uimhir a haon i gcairteacha Shasana le “Rat Trap” agus arís le “I Don’t Like Mondays”. Agus bhreathnaíos gach seachtain ar “Top of the Pops” ag guí i gcónaí go mbeadh singil úr eisithe acu, go mbeadh sé go hiontach agus go mbeadh sé ag rásaíocht suas na cairteacha.

Coicís ó shin cheannaigh mé Someone’s Looking at You, DVD de chuid na Boomtown Rats a eisíodh le déanaí. Is bailiúchán é de na físeáin a chuireadar amach leis na singlí, cúpla amhrán as ceolchoirm agus scéal amháin nuachta faoin gceolchoirm a chuir Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath ar ceal – gan aon fáth.

Bhí an-oíche agam leis an DVD – ag breathnú ar conas a d’athraigh an ceol, na haghaidheanna agus an meon. D’athraigh baill an bhanna ó fhir óga fhuinniúla fhiáine, go fir thuirseacha thraochta, bréan den ghnó agus den cheol.

Ach nach iad a bhí lán fuinnimh tráth. “Looking After Number One” – an tús ag pléascadh le drumaí Crowe agus Geldof ag screadaíl, “If I want something, I get it, And then I’m going to ask for more”. Gerry Cottt agus Gary Roberts lán cleasanna ar an ngiotár. Leaid ó Bhaile Shéamais Dhuibh, mar a thug Pete Briquette air féin, ar an dord. Johnny Fingers ar an bpianó agus é gléasta ina éadaí oíche. Bhí scéal ann gur fhreastail sé ar scoil, Coláiste na Carraige Duibhe, sna héadaí céanna, gur cuireadh abhaile é lena éadaí a athrú ach nuair a d’fhill sé go raibh culaith oíche eile á caitheamh aige!

Teip ar an sprid

Tháinig deireadh leis an ngrúpa ag Live Aid ach tá sé soiléir ón DVD agus ó leabhar Geldof, Is That It?, go raibh sprid an ghrúpa ag teip ar feadh roinnt blianta sula stopadar. I mBaile Átha Cliath a sheinneadar a ngig deireanach, san RDS ag Self Aid, ceolchoirm a eagraíodh le haird a tharraingt ar chruachás lucht dífhostaíochta na tíre. Ní raibh aon mhórcheiliúradh ná brón ann. Ghabh Geldof buíochas leis an slua as ucht na ndeich mbliana roimhe sin agus d’fhág an stáitse. B’in é.

Níor lean mé saol ceoil Geldof tar éis a chéad albam aonair, Deep in the Heart of Nowhere, a cheannach. Bhí an ceol i bhfad róbhog. Is dócha, chomh maith, go raibh U2 aimsithe agam faoin tráth sin. Ach, bhí agus tá ardmheas agam ar an obair atá déanta aige ar son na hAfraice; ar an gcaoi ar éirigh leis a dhínit a choinneáil nuair a d’fhág a bhean, Paula Yates, é le bheith le hamhránaí INXS, Michael Hutchence, agus nuair a chuir sí lámh ina bás féin; ar an gcaoi nár chaill sé a bhlas riamh.

I mí an Mhárta i mbliana, bronnadh Saoránacht Chathair Bhaile Átha Cliath air féin agus ar Ronnie Delaney. Lá fuar fliuch. Tugadh an jab dúinne, Kíla, an slua a “théamh” sular thosaigh an óráidíocht ar fad. Labhair Geldof mar a labhair sé riamh – bhí sé soiléir, greannmhar agus lán fuckanna!

Níos déanaí, i dTeach an Ard-Mhéara, labhraíos leis ar feadh scaithimh ach bhí an iomarca daoine timpeall air, ag lorg grianghraf agus cúpla focal leis, le haon chomhrá fada a bheith againn. Thaitin ár gceol leis – thugas cúpla dlúthdhiosca dó.

Theastaigh uaim a rá leis gur shábháil sé mé ó Barry Manilow tráth. Nollaig amháin bhuail m’aintín Deirdre agus m’uncail Bobby anall chugainn le bronntanas a thabhairt don chlann – albam úr na Boomtown Rats, Tonic For The Troops. D’éistíomar leis de shíor, d’fhoghlaimíos gach amhrán ar an ngiotár agus fiú chuir leagan gan tionlacan de “Rat Trap” le chéile.

Níos luaithe, an lá céanna sin, bhí an bheirt tar éis bualadh isteach chuig mo chol ceathracha chun albam de chuid Barry Manilow a thabhairt dóibh. Mhaígh mo chol ceathracha go raibh botún déanta acu agus go raibh albam Manilow le dul chugainne agus albam na Rats le dul chucu siúd! Ní dhearnamar iad a bhabhtáil riamh agus níor baineadh albam Manilow bocht as an bpaicéad riamh! Agus ní raibh oraibhse léamh faoi mo ghrá do cheol Barry Manilow inniu!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.