TEANGA AGUS CULTÚR
Léirscrios á dhéanamh ar an gcomhshaol agus ar an oidhreacht (Cuid 1)
Muireann Ní Bhrolcháin Muireann Ní Bhrolcháin Muireann Ní Bhrolcháin

Tá baint lárnach ag an Dr Muireann Ní Bhrolcháin leis an bhfeachtas atá ar siúl le tamall anuas chun stop a chur leis an mótarbhealach atá le tógáil in aice le Cnoc na Teamhrach i gContae na Mí. Sa chéad alt seo de dhá cheann, míníonn sí cén fáth a bhfuil sí glan i gcoinne an phlean agus cáineann sí rialtas, atá, dar léi, ar nós cuma liom faoin gcomhshaol agus faoin oidhreacht.

Íomhá
An tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, Martin Cullen
Íomhá
Teach Chormaic, Teamhair
Grianghraf le caoinchead Mythical Ireland
Íomhá
Draoithe ar Chnoc na Teamhrach
Grianghraf le caoinchead Mythical Ireland

I mí Lúnasa na bliana 2003 thug an Bord Pleanála cead don Údarás um Bhóithre Náisiúnta mótarbhealach 50 ciliméadar a thógáil ó Bhaile Bhlainséar go Ceanannas. Rachaidh an bóthar seo glan tríd an ngleann idir Cnoc na Teamhrach ar thaobh amháin agus Scrín ar an taobh eile; ina dhiaidh sin rachaidh sé go Tailtiu agus as sin go mainistir ársa Cheanannais. Ní fios cén sceanach a dhéanfaidh sé ina chúrsa.

Cuireadh coiste le chéile ar an bpointe - an Save Tara/Skryne Valley Campaign - le feachtas a chur chun cinn ag féachaint le stop a chur leis agus táim féin mar urlabhraí ar a son. Tugadh a laghad poiblíochta don tionscadal nach raibh a fhios agamsa faoi go pearsanta go dtí Meán Fómhair 2003.

Caithfear féachaint ar an gcomhthéacs inar tógadh an cinneadh seo agus an cúlra as a dtagann sé go náisiúnta, mar tá ceist níos scéiniúla agus níos leithne ná an mótarbhealach féin le freagairt anseo: Cén fáth go bhfuil an rialtas seo, agus Martin Cullen go háirithe, meáite ar oidhreacht chultúrtha na tíre agus Chontae na Mí a scrios? Ó tháinig sé i gceannas ar an roinn nua atá freagrach anois as an gcomhshaol, an oidhreacht agus rialtas áitiúil, tá borradh as cuimse tagtha ar fhorbairt na mbóithre, ach tá praghas nach féidir glacadh léi á íoc againne mar náisiún. Ní hamháin sin ach tá na fíricí á gceilt ar mhuintir na hÉireann agus níl an phoiblíocht chaoi á fáil ag lucht agóide.

Chuir an rialtas seo deireadh leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, roinn a chruthaigh Mícheál D. Ó hUiginn agus a bhí chomh héifeachtach sin, agus scaipeadh na cúraimí ar thrí roinn eile. Sa roinn nua, faoi stiúir Martin Cullen, tá cúram an chomhshaoil (bóithre) agus na hoidhreachta ar an bhfear céanna agus an chumhacht aige na hiarsmaí seandálachta atá faoina chúram a léirscrios ionas gur féidir bóithre, loisceoirí agus óstáin a thógáil.

Leis sin a dhéanamh níos éasca, cuireadh deireadh le Dúchas, a raibh sé mar chúram air gearáin a dhéanamh i gcásanna mar seo. Ní raibh Dúchas riamh neamhspleách ach ar laghad bhí glór amháin Stáit ag seasamh an fhóid ar son na hoidhreachta. Anois tá sé fágtha faoi ghrúpaí agóide amháin an cás a dhéanamh agus táthar ag leanúint leis an scrios, beag beann ar mhian an phobail agus go minic i ngan fhios don phobal.

I gcás Chontae na Mí, mar shampla, tá an mótarbhealach thart ar Theamhair, loisceoir níos lú ná cúig mhíle ó Bhrú na Bóinne agus óstán ceithre stór ceadaithe i bhfoisceacht 50 troigh de Chaisleán Bhaile Átha Troim. I gcás an óstáin seo, atá á thógáil chomh cóngarach sin do phríomhchaisleán Normannach na tíre, níor thug an tAire cead dá oifigigh cás a dhéanamh ina choinne, cé go raibh sé ráite ag an tSeirbhís Oidhreachta go raibh sé “adverse and unacceptable” agus “inappropriate in this highly-sensitive location”.

Laigí an Aire

In alt san *Irish Times *ar an 27 Nollaig 2003, chuir Frank McDonald na laigí a leanas i leith an Aire: “From Lissadell to Slane Castle, from Carrickmines to the Hill of Tara, major elements of our heritage are under threat of destruction or, at least, of having their context seriously compromised.”

Is Láithreán Oidhreachta Domhanda é Brú na Bóinne agus an ceantar máguaird. Ghoill an cinneadh faoin loisceoir chomh mór sin ar UNESCO gur scríobh siad chuig an rialtas anuraidh ag lorg eolais agus tugadh neamhaird orthu ar feadh sé mhí. I mí Feabhra na bliana seo, d’fhógair UNESCO go rabhadar ag teacht go hÉirinn agus iarradh ar an Roinn Oidhreachta cruinnithe éagsúla a eagrú le deis a thabhairt do ghrúpaí castáil leis na toscairí Fumiko Ohinata ó UNESCO agus Tom Hassalls ar son ICOMOS. Bhí cruinnithe acu leis an rialtas, Indevar atá leis an loisceoir a thógáil agus le hionadaithe ó ICOMOS (International Council on Monuments and Sites) na hÉireann.

Mar chuid den phróiseas fiosrúcháin, tugadh cuireadh do ghrúpaí deonacha a gcás a dhéanamh leo. Tugadh éisteacht dóibh uile agus ina measc bhí Julitta Clancy ón Meath Archaeological and Historical Society in éineacht liom féin agus Vincent Salafia a bhí ansin ar son an Save the Tara/Skryne Valley Campaign. Bhí tuairim is 10 ngrúpa agus suas le 25 duine sa seomra leis na toscairí agus iad uile ag tabhairt na teachtaireachta céanna dóibh: go bhfuil ár n-oidhreacht á scrios ar mhaithe le forbairt ainrianta agus go bhfuil an rialtas agus an tAire beag beann ar thuairim an phobail.

Tháinig aontachtaithe ón tuaisceart, Billy Armstrong MLA ina measc, lena gcás siúd a dhéanamh faoi ghiorracht an loisceora do shuíomh Chath na Bóinne agus chun tacú leis an méid a bhí á rá ag na toscairí eile - gur chóir an Gleann iomlán a ainmniú mar Láithreán Oidhreachta Domhanda. Rinne gach duine cás i gcoinne an mhótarbhealaigh freisin. I measc na ngrúpaí eile a bhí i láthair bhí Brian Hanratty ar son Battle for the Boyne agus An Taisce.

Is tromchúisí fós cás an chaisleáin i gCarraig Mhaighin, a tháinig sa mbealach ar na M50. Champáil na Carrickminders ar an láthair ar feadh sé mhí agus cuireadh moill agus costas ollmhór ar na tógálaithe mar go bhfuil siad meáite ar an mbóthar a thógáil caol díreach tríd an gcaisleán in ionad é a thógáil timpeall air. Chuir an Chúirt Uachtarach stop leis an tógáil arís tar éis na Nollag, ag rá nach féidir leis an Aire bóthar a fhógairt trí Shéadchomhartha Náisiúnta a bhfuil a aireacht féin freagrach as.

Ar ndóigh tá na binsí fiosraithe ag ceistiú úinéaracht na talún faoi láthair.

Coinbhinsiúin

na coinbhinsiúin chuí uile sínithe againn, Coinbhinsiún Valetta agus Coinbhinsiún Fhlórans san áireamh, ach tá an rialtas ag tabhairt neamhairde orthu uile. Léiríonn na pointí thuasluaite é seo agus anois tá plean acu “landscaping” a dhéanamh ar bharr Chnoc na Teamrach, rud a thagann salach ar Choinbhinsiún Fhlórans, agus an mótarbhealach a thógáil atá i gcoinne Choinbhinsiún Valetta.

Chuir Coimisiún na hEorpa tuarascáil ar fáil ar Charraig Mhaighin a léiríonn go sóiléir go raibh an Ráiteas faoin Tionchar ar an gComhshaol lochtach. Dá mbeadh inúchadh ceart seandálaíochta déanta, ní tharlódh sé seo - bheadh a fhios acu chomh mór is a bhí an láthair. Dúirt tuarascáil an Choimisiúin: " … and yet this happened in a country with a mature archaeological profession, a Government and road authority fully aware of the needs of archaeology and committed to proper treatment of sites.”

Dúradh freisin go raibh Dúchas “more concerned with the road construction programme than its archaeology” agus go raibh an Ráiteas lochtach ar “points of vital importance” agus nár deineadh aon iarracht dul timpeall ar an gcaisleán.

Seans go mbeidh an bóthar seo ar an gceann is costasaí sa tír go dtí seo mar go raibh costas na talún chomh hard, ach tá an NRA ag cur an mhilleáin ar na Carrickminders agus an lucht agóide. Níl Coimisiún na hEorpa sásta idirghabháil a dhéanamh ach oiread.

An dtarlóidh an rud céanna i gcás na Teamhrach, lárionad sacrach, ríoga agus seandálaíochta na hÉireann? Tugadh fógra do lucht tógála go raibh an caisleán ar an mbealach ach níor tuigeadh i dtosach chomh fairsing is a bhí an láthair. I gcás na Teamhrach, tá foláireamh tugtha go soiléir ag na seandálaithe, lucht acadúil agus ag muintir na háite sna haighneachtaí a rinne siad chuig an mBord Pleanála. Níl leithscéal ar bith ag an NRA sa chás seo. Tá an teachtaireacht soiléir: ná tosaigh ar an mbóthar seo. Beidh sé deich míle uair níos measa agus níos costasaí na Caisleán Mhaighin.

Ar leanúint an mhí seo chugainn

Tá siompóisiam á reáchtáil ag an lucht agóide in Dalgan Park, Contae na Mí ar an Satharn, 13 Márta agus beidh an tOllamh Alfred Smyth, Canterbury, ar de bhunadh na Teamhrach é, i láthair, mar aon leis an Dochtúir Edel Bhreathnach, an Dochtúir Conor Newman agus an Dochtúir Joseph Fenwick a rinne an taighde uile ar an ionad don Chlár Discovery. Beidh an seandálaí don NRA i láthair freisin. Má tá suim ag daoine a bheith i láthair, is féidir leo dul i dteagmháil le Mrs. Anne O’Reilly, Hon. Teasurer, Meath Archaeological and Historical Society, Ráth Faiche (Rathfeigh), Teamhair, Contae na Mí. Tosóidh na seisiúin ag 2.00 p.m. agus mairfidh siad go dtí thart ar 5.30 p.m. Beidh seans ag daoine an cnoc a dhreapadh ar maidin.

Is léachtóir le Sean-Ghaeilge í an Dr. Muireann Ní Bhrolcháin (Muireann.NiBhrolchain@may.ie) in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad agus is í urlabhraí an Save the Tara/Skryne Valley Campaign. Tá tuilleadh eolais le fáil faoin bhfeachtas sin, mar aon le hachainí is féidir a shíniú, ag: www.taraskryne.org

Grianghraf le caoinchead Mythical Ireland (www.mythicalireland.com)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.