Dfhreastail Pádraig Mac Éamoinn ar chomhdháil shuimiúil i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite inar pléadh na himpleachtaí a bhainfidh le hola agus gás an domhain a bheith ídithe ar fad.
San eagrán deireanach de Beo! scríobh mé faoi bhuaic na hola i gcomhthéacs na ngluaisteán hidrigine, agus ba mhaith liom filleadh ar an ábhar sin arís anois. I lár mhí Dheireadh Fómhair, tháinig breis is 60 duine le chéile i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath chun Praghas an Fhuinnimh agus Todhchaí na hÉireann a shamhlú agus a phlé. Nó caoga bliain ón am seo (nó bfhéidir i bhfad roimhe sin) beidh an chuid is mó den ola (agus den ghás) imithe, agus cad é mar a bheidh cúrsaí inár dtír féin nuair a tharlóidh sé sin? Grúpa deonach darb ainm Feasta, nó Foundation for the Economics of Sustainability, a deagraigh an chomhdháil seo.
Deich mbliana ó shin, bhí an smaoineamh go mbeadh ganntanas ola ann go luath an-chonspóideach fós. Níl a leithéid conspóideach níos mó an cheist a chuirtear anois ná *cathain *a thriomóidh na tobair. Tá an caitheamh domhanda breosla ag méadú gach bliain (de bharr, mar shampla, go bhfuil an tSín agus an Ind ag forbairt a ngeilleagar), agus luath nó mall beidh an caitheamh bliantúil seo níos mó ná an méid ola nua a aimseofar i rith na bliana. De réir roinnt de na saineolaithe (go mórmhór na geolaithe), tá an pointe seo (buaic na hola) sroichte cheana féin nó ag teacht roimh 2007, agus de réir dreama eile (go mórmhór na heacnamaithe) beidh sé 15 nó 20 bliain eile sula sroichfear an pointe seo.
Bfhéidir go mbeifear ábalta teicneolaíocht nua a úsáid chun níos mó ola a bhaint amach as na holacheantair atá aimsithe anois ach de bharr chastacht an phróisis beidh praghas na hola seo níos airde. Agus tá níos mó agus níos mó daoine ag teacht ar an tuiscint seo: is gá dóigh eile a fháil go práinneach. Allmhairíonn an tír seo 90% dá cuid fuinnimh. Ní féidir fiú amháin le Gáscheantar na Coiribe (atá sna nuachtáin faoi láthair) ach leath an gháis a bheidh uainn a sholáthar beidh muid fós gan chosaint ó fhadhbanna thar lear.
Labhraíonn an tUasal Richard Douthwaite, eacnamaí agus saineolaí i gcúrsaí inbhuaine, faoi mhéadú na táirgiúlachta daonna trí fhuinneamh saor in aois na tionsclaíochta. Ach tá taobh eile ar an bhonn: nuair a imeoidh an fuinneamh saor, tarlóidh athruithe ollmhóra sa gheilleagar. Éireoidh na modhanna iompair atá againn faoi láthair, mar shampla, i bhfad níos daoire. Mar sin, beidh béim níos mó ar an logántacht mar gheall ar chostais iompair ní bheidh earraí a dhéanfar i monarchana ar an taobh eile den domhan, agus a sheolfar anseo, níos saoire ná a macasamhail a tháirgfear in Éirinn. Chomh maith leis sin, éireoidh an turas laethúil i ngluaisteán ó Phort Laoise nó ón Mhuileann gCearr nó ó Chill Mhantáin go dtí an oifig i mBaile Átha Cliath ródhaor, agus lena chois sin, ní beidh tionscal na heitlíochta (agus Ryanair san áireamh) ábalta feidhmiú mar atá faoi láthair.
Bhí taighde cuimsitheach déanta ag lucht eagraithe na comhdhála ar cheithre thoradh a dfhéadfadh bheith ann sa todhchaí, ag brath ar cathain a tharlóidh buaic na hola agus ar conas a dhéileálfaidh an rialtas léi. Léirigh siad ceithre staid éagsúla le cuidiú bogearra speisialta: dhá cheann le buaic na hola sa bhliain 2007, agus dhá cheann eile má tharlaíonn sí i 2030. I ngach cás, scrúdaigh siad an toradh is fearr ach dfhéadfadh rudaí bheith i bhfad níos measa. Agus chun gach cás a chur i láthair, shamhlaigh siad na ceannlínte a bheadh sna nuachtáin sa bhliain 2015.
Ar dtús, féachfaimid ar dhá chás níos dóchasaí, a bheidh i gceist mura dtarlaíonn buaic na hola go dtí 2030.
Gach rud mar is gnách
Féachfaidh na rialtais leis an fhás geilleagrach a choimeád, agus ní dhéanfaidh siad mórán chun úsáid an fhuinnimh nó ár spleáchas ar an ola a ísliú. Déanfar mórán infheistíochta i bhforbairt olacheantar nua (ach beidh praghas na hola seo ag méadú go seasta, mar go n-éireoidh eastóscadh na hola nua níos deacra agus níos costasaí). Ach timpeall na bliana 2030, ní bheifear ábalta leanúint ar aghaidh leis an ganntanas breosla, agus ní bheifear ábalta tobthitim dhomhanda, iomlán agus buan, a sheachaint.
Cad a bheidh le léamh sna nuachtáin sa bhliain 2015?
Praghas an leictreachais: ardú 40% ó 2005 Seirbhís eitleáin nua ó Phort Láirge go dtí an Iaráic Ba thithe aonair faoin tuath 50% de na foirgnimh nua a tógadh anuraidh Is gá do níos mó daoine bheith ag obair in dhá nó i dtrí phost chun bheith in ann maireachtáil
Idirthréimhse Eagnaí
Léireoidh na rialtais ceannasaíocht agus cuirfidh siad béim ar úsáid fuinnimh a ísliú agus foinsí nua fuinnimh a fhorbairt. Mar sin, roimh an bhliain 2015, beidh táillí plódaithe tráchta i bhfeidhm sna cathracha, agus cuirfear stop le mórscéimeanna tógála bóithre agus aerfort.
Bfhéidir go mbeidh ceannlínte mar seo le feiceáil sna nuachtáin sa bhliain 2015:
Ardú 80% i bpraghas an pheitril agus an leictreachais ó 2005 Iarnróid nua á dtógáil i lárlánaí na mótarbhealach Tá dul chun cinn á dhéanamh againn: anuraidh, tháinig 30% den fhuinneamh in Éirinn ó fhoinsí inbhuanaithe Aire Fuinnimh Inbhuanaithe ceaptha ag an Taoiseach Aerlonga ar ais mar mhodhanna iompair i spéartha na hÉireann
Ach cad a tharlóidh má tá an ceart ag na geolaithe, agus má tá buaic na hola ann cheana féin nó i ngar dúinn, agus má tá am an phlé thart?
Seo mar a bheidh cúrsaí má tharlaíonn an bhuaic in 2007:
Logánú gan Rogha
Samhlaítear anseo go dtarlóidh géarchéim nua ola in 2007 agus go méadóidh na praghasanna tuilleadh. Tiocfaidh scaoll ar rialtais na hEorpa agus méadóidh siad na rátaí úis chun smacht a choinneáil ar an bhoilsciú. An meathlú a bheas mar thoradh ar an pholasaí seo, agus tarlóidh tobthitim iomlán sa gheilleagar domhanda roimh 2015. Beidh ar an chuid is mó de na gnólachtaí a ndoirse a dhúnadh (beidh seans ag gnólachtaí áitiúla teacht slán), agus éireoidh an saol i bhfad níos logánta.
Beidh ceannlínte mar seo le feiceáil sna nuachtáin i 2015:
Méadú mór sa líon daoine atá ag táirgeadh a gcuid bia féin Teaghlaigh in easnamh cothromais tar éis thitim na bpraghsanna Capaill oibre níos daoire ná tarracóirí anois
Ach dá mbeadh freagairt éirimiúil agus thapa ó na rialtais Eorpacha tar éis na géarchéime in 2007? Bhuel, sin an cás deireanach: Roinnt Chothrom. Cuirfear i bhfeidhm scéim chiondála domhanda do na gáis cheaptha teasa
ach le fírinne is é an breosla iontaise a bheas á chiondáil. Agus de réir mar a éireoidh an breosla níos gainne, ísleofar na cuótaí ciondála, agus beagán ar bheagán, éireoidh an geilleagar níos lú.
Sa chas seo, léifimid scéalta mar a leanas:
Longa seoil tráchtála ar ais Pacáistiú plaisteach: ródhaor anois Suirbhé nua: bia áitiúil nó fiú ón ghairdín is mó a ithimid anois Laghdú mór sa líon gluaisteán ar na bóithre
Ag an chomhdháil, labhraíodh faoin tábhacht a bhain le fuinneamh a chaomhnú agus é a úsáid ar shlí níos éifeachtaí. Bhí caint faoi scéim nua Eorpach chun lipéad éifeachtachta fuinnimh a chur ar thithe nua, mar atá á chur ar chuisneoirí le 10 mbliana anuas anois (agus ní úsáideann an gnáthchuisneoir anois ach 10% den leictreachas a bhí uaidh 10 mbliana ó shin nuair a cuireadh an scéim sin i bhfeidhm). Labhraíodh faoi na buntáistí móra atá ag Éirinn mar shuíomh don fhuinneamh gaoithe. Agus labhraíodh go háirithe faoin easpa polasaí fuinnimh náisiúnta sa tír seo, agus go bhfuil a leithéid de dhíth orainn chun go mbeidh seans éigin ann gur tuirlingt bhog, seachas titim fhoréigneach, a bheas againn nuair a thosóidh an breosla ag éirí gann.
Mar a dúirt an tUasal Douthwaite: Tá muid anois ag cor cinniúnach stairiúil i gcúrsaí daonna. Is cinnte nach bhfuil an méid sin tugtha faoi deara ag mórán de na polaiteoirí fós.
Oibríonn Pádraig Mac Éamoinn in earnáil na heitilíochta. Tá sé ar ais ina chónaí i mBaile Átha Cliath anois tar éis tréimhsí fada a chaitheamh ag obair sa Fhrainc agus i Sasana.