AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Agallamh eisiach le hIan Mór
Balor Balor Balor

Úr te bruite! Tá éacht déanta ag [i]Beo![/i] agus ag a scríbhneoir céimiúil Balor. Seo chugaibh, a chairde, agallamh eisiach – as Gaeilge – le hIan Mór.

Íomhá
Íomhá
D'fhreastail Ian Mór ar scoil de chuid na mBráithre Críostaí
Íomhá
D'fhoghlaim Ian Mór a chuid Gaeilge ó Cruise Missile O'Brien

agallamh eisiach againn daoibh an mhí seo, a léitheoirí, mar atá agallamh idir Ian an Bhéil Mhór agus Balor na Súile Nimhe; nó mar a déarfadh Ian féin: idir Ian an Bhéil Bhinn agus Balor an Bhéil Mhóir; nó mar déarfadh Balor féin: idir Ian an Bhéil Nimhe agus... ceart go leor, a eagarthóir, seo é:

Balor: Míle buíochas leat, a Ian, siocair gur roghnaigh tú mise as measc iriseoirí uile na Gaeilge agus an Bhéarla agus na Polainnise, le cúpla ceist a chur ort agus tú anois ag teacht chuig deireadh do réime.

Ian: Cén bligeard a dúirt go raibh mise ag teacht chuig deireadh mo réime?

Balor: Áááá! Tú féin a dúirt é sin, a Ian.

Ian: An mé? Bhuel, ar aghaidh leat mar sin. Cuir do chúpla ceist.

Balor: Ba mhaith le léitheoirí Beo Ar Éigean! léargas inteacht a fháil ar thús do shaoil agus ar d’óige, mura miste leat.

Ian: Bhuel, go hiondúil nuair a shaolaítear páiste, amharcann daoine le fáil amach cé acu an gasúr nó girseach atá i ndiaidh teacht isteach sa saol seo, ach i mo chás féin, ba chuma le mo mhuintir faoi sin. Ní raibh m’athair ag gabháil a bheith sásta go dtí go bhfuair sé amach gur Prod a bhí ionam.

Balor: Agus caidé mar a bhí a fhios aige é sin? An bhfuil lorg nó ball broinne ar do chraiceann a léiríonn gur Prod atá ionat? Níor chuala mé riamh trácht ar a leithéid.

Ian: Amharc ar mo ghnúis, a dhallaráin! Ní gá duit ach amharc orm, a dhúramáin. An dtiocfadh leat gnúis mar seo a shamhlú ar phápaire, a bhómáin? Bhuel, an dtiocfadh leat?

Balor: Le do chead, a Ian, ní thiocfadh liom gnúis mar sin a shamhlú ar dhuine ar bith, seachas ort féin. An dtig leat tuilleadh eolais a thabhairt dúinn faoi d’óige, le do thoil?

Ian: Bhuel, níl a fhios ag mórán daoine é seo, ach chuaigh mé ar scoil chuig na Bráithre Críostaí. Mar bhuarthóir agus mar thógálaí trioblóide agus raice a raibh sé de rún agam an pobal a chur trína chéile ní ba mhoille i mo shaol, bhí sé de dhualgas orm tosú amach i gceart. Anois, níor theastaigh uaim trioblóid a chur ar mhúinteoirí bochta Protastúnacha, agus mar sin, chinn mé ar na Bráithre Críostaí mar íospartaigh. Bhí mise tuillte go maith acu. Ba ghnách liom iad a chur le báiní nuair a scairtinn in ard mo chinn: “Breast an Pápa! Níl ann ach peacach patuar péacógach.Ach chaillidís an bloc ar fad nuair a dhiúltaínn an tuiseal ginideach a úsáid san uimhir iolra. Chuireadh sin iad ar na craobhacha ar fad. Ba mhór an spórt a bhí agam.

Balor: Is dócha gurbh iad na Bráithre a mhúin do chuid Gaeilge duit, a Ian?

Ian: Níorbh iad! Uathu siúd a fuair mé an tuiseal ginideach, gan dabht, agus píosa den mhodh foshuiteach láithreach – na mallachtaí, tá a fhios agat – ach ó Conor Cruise Missile Ó Briain a fuair mé gach tuiseal eile, an tsárchéim den aidiacht agus go háirithe an modh ordaitheach. Ba ghnách linn teacht le chéile i Halla na nOráisteach i mBinn Éadair uair sa tseachtain, nuair a bhíodh a chéile ag freastal ar chruinnithe Aos Dána.

Balor: Ón am a chuala muid caint fút ar dtús bhí tú i gcónaí diongbháilte in éadan rud ar bith a raibh rian den Chaitliceachas nó den náisiúnachas nó den phoblachtachas ag baint leis. Nach fíor sin?

Ian: Ní fíor! In ainneoin gach a bhfuil cluinte nó léite agat, níl deacracht dá laghad agam le Caitliceachas, ná leis an Eaglais Chaitliceach, ná leis an phápacht ná le rud ar bith eile a bhaineann leis an Eaglais sin – is leis na Caitlicigh iad féin atá deacracht agam. Ní admhóinn é seo le mórán daoine, ach is mó an trua atá agam dóibh ná an fuath atá agam orthu, nó tá siad ar fad damnaithe. Tinte Ifrinn atá i ndán dóibh ar fad.

Balor: Agus caidé faoin phoblachtachas? Níl tú ina éadan sin?

Ian: Tá dul amú ort ar fad, a Bhaloir, agus inseoidh mé duit cad tuige. Tá an poblachtachas go hiomlán i gcodarsnacht leis an ríogachas. Tá mise go mór in éad an ríogachais, agus mar sin tá mé go mór ar son an phoblachtachais. Anois, sula gcuireann tú ceist amaideach ar bith eile orm, éist leis seo. Ní thiocfadh liomsa riamh a bheith i mo rí, ach d’fhéadfainn a bheith i m’uachtarán. An dtuigeann tú anois, a Bhaloir?

Balor: Tá sé sin ar fad iontach spéisiúil, a Ian, ach cuireann mórán daoine biogóideacht agus seicteachas i do leith. Caidé atá le rá agat fá dtaobh de sin?

Ian: A dhath ar bith!

Balor: A dhath ar bith? Ní thig leat a dhath ar bith a rá faoi líomhaintí tromchúiseacha mar sin? Ní miste duit rud inteacht a rá.

Ian: Thig liomsa mo rogha ruda a rá nó gan é a rá le pápaire dochraí damanta droch-araíonach. Ní chuirfidh duine ar bith biogóideacht nó seicteachas i mo leith, go háirithe crúbachán cúngaigeantach colach cunúil de chunús, mar atá ionat, mar is léir ó do ghnúis ghráiciúil ghránna... Níl mé seicteach agus níl mé biogóideach. Cuir ceist ar dhuine ar bith.

Balor: Bhuel, a Ian, tá deacracht mhór agam leis sin.

Ian: Le ceist a chur ar dhaoine fúmsa?

Balor: Ní hea, ach le cuid de na focail a d’úsáid tú ar ball.

Ian: Tá mé buartha má bhí mé ródhian ort, a Bhaloir, ach tagann tocht orm ó am go chéile. Is duine iontach séimh mé, i ndáiríre ...

Balor: Ní hé sin é ar chor ar bith! Ach, beidh mise i dtrioblóid le heagarthóir Beo Ar Éigean! siocair cuid de na focail sin a d’úsáid tú ar ball. Ní hé go bhfuil siad ró-gharbh, ach ní bheidh sí ábalta teacht orthu in Gaelspell agus beidh sí ag déanamh go bhfuil mise ag cumadh liom, seachas a bheith ag tuairisciú focal a d’úsáid bragaire bruíonach bradach brúiteach ...

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.