152
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Thug an Dr. Séamas Ó Direáin, cainteoir Liotuáinise, aghaidh ar an nGaeilge san Afraic agus é i mbun taighde ar an teanga KiSwahili sa Chéinia beagnach dhá scór bliain ó shin. Lonnaigh an Gael-Mheiriceánach sin in Éirinn dhá bhliain déag ó shin agus chuaigh Seosamh Mac Muirí chun cainte leis i nGaillimh le déanaí.
»»»Chuaigh Balor na Súile Nimhe i mbun agallaimh an Taoisigh Smaoisigh Iarghaoisigh an mhí seo. Beidh cúram úr ar an Mharascal Mhachaire Willie O’Dious roimh i bhfad eile. Is gairid go mbeidh sé ina Mharascal ar na Greenbeats. Ní hea! Na Greensheets. (Stolpfaimid, .. Stopfaimid ansin.)
»»»Bhí aithne ag Antaine Ó Faracháin le fada ar an amhránaí Frank Harte as Séipéal Iosóid i mBaile Átha Cliath a fuair bás ag deireadh na míosa seo caite.
»»»Tá cosc curtha ag feirmeoirí i go leor áiteanna in Éirinn ar shiúlóirí agus tá sé an déanamh an-dochair don turasóireacht sna ceantair sin, mar a mhíníonn Breandán Delap.
»»»Cothrom an ama seo dhá bhliain déag ó shin a seoladh an nuachtán seachtainiúil [i]Foinse[/i] agus Breandán Delap mar chéad eagarthóir air. Déanann sé anailís anois ar na hathruithe suntasacha atá beartaithe ag Foras na Gaeilge do na meáin chlóite Ghaeilge.
»»»Tagann ceoltóirí mór le rá ó gach cearn den domhan le chéile gach bliain le bheith páirteach in Celtic Connections, féile a dhéanann ceol Ceilteach – agus ceol eile nach é – a cheiliúradh. Labhair Robert McMillen le stiúrthóir na féile, Donald Shaw, le gairid.
»»»Bhí Pat Butler ar dualgas i ndáilcheantar Dhún Laoghaire le linn chomhaireamh na vótaí ansin in olltoghchán mhí na Bealtaine. San alt seo, tugann sé cur síos ar an atmaisféar a bhí i gceist le linn an chomhairimh sin.
»»»Tá Brian Ó Broin den tuairim nach gcaillfidh Barack Obama an chumhacht i dtoghchán na hUachtaránachta i mí an Mheithimh.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Cormac Ó hAodha, Oisín Seirbhísí Comhairle Teanga Teoranta, Cúil Aodha, Contae Chorcaí.
»»»Tchítear do Robert McMillen go léiríonn cúlú an Chamshrónaigh ó nochtadh na fírinne go rialaíonn bunaíocht Shasana an tír thall.
»»»Dfhoghlaim Liz Curtis go leor faoi shaol na manach fadó le linn di cuairt a thabhairt ar an áit a raibh mainistir Bheannachair suite fadó.
»»»Tá glúin nua scríbhneoirí próis ag cur brí agus beatha sa litríocht ghaelach in Albain, agus tá an scríbhneoireacht Ghàidhlig ag dul ó neart go neart ó bunaíodh an fiontar foilsitheoireachta Ùr-sgeul. Tá na foilsitheoirí Éireannacha Cois Life i ndiaidh dul i bpáirt leo chun Hurlamaboc le hEilís Ní Dhuibhne a chur ar fáil i nGàidhlig agus cnuasach gearrscéalta le Màrtainn Mac an t-Saoir agus Donnchadh Mac GiollaIosa a chur ar fáil i nGaeilge. Is é ainm an chnuasaigh ná Malairt Scéil - Nuascéalaíocht as Albain, arna aistriú ag Antain Mac Lochlainn. Seo thíos scéal le Màrtainn Mac an t-Saoir.
»»»Tá Robert McMillen den bharúil gur saoithiúil an dóigh a athraíonn saol na polaitíochta i bhfaiteadh na súl.
»»»Deirfiúr don mhéarnáil bhán is ea an béal bán. Tá Maidhc Ó Cathail ag léamh ar an dream is mó a bhíos ag síneadh na méire ar cheap milleáin eile roimh cogaidh.
»»»Le linn dó a bheith sa Rómáin, thug na daoine bronntanas do Dhiarmuid Johnson a chuir iontas agus áthas air.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.