THALL IS ABHUS
Deireadh Ré nó Tús Ré?
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Chruthaigh Uachtarán úr Mheiriceá thar cinníomhá, dó féin is dá thír ó thosaigh sé deireadh na míosa seo caite lena aitheasc do Theach na Comhdhála. Tá an-ghealadh faoi de réir Bhriain Uí Bhroin san alt seo.

Íomhá
Deireadh Ré, Tús Ré
Íomhá
An tSín tír a dhéantar
Íomhá
San Iaráic
Íomhá
San Afganastáin
Íomhá
Bobby Jindal, Rialtóir Louisiana

Ní raibh amhras ar bith ann níos mó go raibh an t-uachtarán deireanach as oifig nuair a thug an t-Uachtarán nua óráid poiblí don chomhdháil ar an 24ú Feabhra agus gur fhéach formhór pobail Mheiriceá air. Ba ghnách don uachtarán Bush go dtí seo, gan aitheasc ar bith a thabhairt. Nuair a thugadh sé ceann, rud a tharla go fíorannamh, thiteadh a chuid figiúirí faofa láithreach. Ba dheacair don éisteoir gan gháire nó caoineadh le huafás a neamhbhua óráidíochta.

cuairt tugtha ag an Uachtarán Obama ar Cheanada cheana féin, agus tá a thaidhleoirí imithe thar lear roimhe ag taisteal ar fud an oirthir agus an mheánoirthir. Más ea, ámh, níor mhórán a fhacthas de sa mbaile, áit a raibh sé féin agus a chomh-aireacht ag obair go dian ar beartas tarrthála do ghnóthaí Mheiriceá. Chuir sé an scéal amach go raibh sé ag súil le comhoibriú ón bpáirtí Poblachtánach, ach má bhí i ndáiríré, ní bhfuair sé é. Agus an pacáiste spreagtha seo (ar fiú $787 Billiún é) os comhair tithe na comhdhála i lár mí Feabhra, ní bhfuair sé oiread agus vóta amháin ó na Poblachtaigh.

Má chuir seo díomá ar Obama, níor léir é agus é i mbun a aithisc ar an 24ú Feabhra. Is cosúil go deimhin, gur thit na Poblachtaigh isteach ina ghaiste, ó deir na pobalbhreitheanna is déanaí go bhfuil pobal Mheiriceá míshásta leis an gcaoi ina bhfuil an páirtí ag seasamh in aghaidh athstructúrú ghéilleagair na tíre, de réir cosúlachta. Agus daoine ag cailleadh postanna ar fud na tíre, a gcuid pinsin ar neamhní, agus tithe á gcoigistiú i ngach cearn, is beag fonn atá ar dhaoine éisteacht anois le daoine a déarfas leo nach bhfuil sa chúlú seo ach eatramh, agus gur cheart dóibh brath ar an saormhargadh. I ndomhnach, tá sé ag teacht chun solais anois gur goideadh nó gur scriosadh go leor den airgead a chuir gnáthinfheisteoirí faoi choimirce na mbancanna agus na gcomhlachtaí airgeadais.

Ina fhianaise sin, is léir cén fáth gur sheas feisirí agus seanadóirí na comhdhála go léir (nach mór) ag bualadh bos agus ag tabhairt na ngártha molta ar feadh beagnach trí nóiméad sular fhéad an t-Uachtarán caint. Tá ceannaire láidir de dhíth go mór ar Mheiriceá anois i ndiaidh ocht mbliana den lagcheannaireacht a chuaigh roimhe, agus tuigeann an té beag ar mealladh a mhorgáiste agus a mhaoin uaidh go bhfuil sé in am rialú a thabhairt ar ais. Más déanach féin a fuarthas amach é, tá a fhios ag an ngnáthdhuine gur chreach lucht an airgid é, gur seoladh a phost thar lear, agus nár fágadh aige ach bréagáin déanta sa tSín.

An Tíosúlacht in áit na Caifeachta

Má b’é teachtaireacht an Uachtaráin deiridh gur cheart don phobal dul ag siopadóireacht, bhí teachtaireacht eile ag Obama agus é faoi shúile na milliún: basta! Dar leis, díoladh an iomarca tithe do dhaoine nach raibh in acmhainn íoc astu, ceannaíodh an iomarca earraí le hairgead nach raibh ann, agus ní dhearnadh rialú ar aon rud. Má bhí milleán le cur ar pholaiteoirí, bhí an milleán céanna le cur ar thomhaltóirí nár chuir ceisteanna agus iad ag ceannach rudaí nach raibh de dhíth orthu. Caitheadh airgead craiceáilte ar chogadh san Iaráic gur cheart a chaitheamh ar an gcogadh san Afganastáin, agus bhí scrios déanta ar an timpeallacht le breosla nár cheart a bheith ag dó in aon chor.

Shílfeá nach nglacfaí chomh réidh sin le sciolladh chomh neamhbhalbh, ach ba léir ó phobalbhreitheanna an lá dár gcionn go raibh pobal Mheiriceá thar a bheith sásta lena leagan amach. In aitheasc a mhair 52 nóiméad agus ar fhéach 60 milliún duine air, leag an t-Uachtarán Obama clár oibre amach ina raibh sé soiléir go mbeadh teannadh creasa i gceist.

Drochscéala na Dréachtcháinaisnéise

Bhí a fhios ag an Uachtarán Obama go raibh tábhacht faoi leith leis an aitheasc seo, agus nárbh fholáir an tír a thabhairt leis, mar dhá lá dár gcionn, bheadh sé ag foilsiú na cáinaisnéise ba thábhachtaí i stair Mheiriceá ó 1930 i leith. Agus níor bhain sé mealladh asainn ach oiread: ar an 26ú Feabhra, coicís i ndiaidh pacáiste spreagtha $787 Billiún a sheoladh, d’fhoilsigh sé cáinaisnéis gurbh fhiú $3.5 Trilliún é, an cháinaisnéis ba mhó ó aimsir an dara chogaidh domhanda amach.

Níl sa cháinaisnéis go dtí seo ach dréachtcháipéis, ach cheana féin tá na polaiteoirí ina gcíor thuathail faoi. Má d’fhás George Bush an t-easnamh náisiúnta, a deir cuid mhaith de na Poblachtaigh, ní cheart don Uachtaran Daonlathach seo níos mó a chur leis, agus is amhlaidh gur mar sin atá. Beidh $48 Billiún á chaitheamh sa cháinaisnéis seo ar oideachas, cloch mhór ar pháidrín an Uachtaráin, agus bealach trína gceapann sé go mbeidh Meiriceánaigh in ann dul in iomaíocht le tíortha eile amach anseo. Beidh $27 Billiún á chaitheamh ar fhuinneamh, go háirithe ar roghantaí eile do bhreosla seachas ola. D’ísligh an t-Uachtarán Bush na cánacha ar dhaoine saibhre, agus beidh Obama ag cur na gcánacha sin ar ais, agus ag súil le teacht isteach maith uaidh. Gheall sé na trúpaí a tharraingt amach as an Iaráic faoi cheann 18 mí, rud a shábhalfadh na billiúin agus a d’fhéadfadh faoiseamh a thabhairt do na trúpaí san Afganastáin. Gheall sé cáin a chur ar dhé-ocsaíd charbóin agus gásanna millteacha eile, agus is cinnte go dtabharfadh sé sin airgead mór don rialtas, maille le feabhas a chur ar an timpeallacht láithreach.

Chríochnaigh aitheasc Obama ar an 24ú Feabhra le freagra ó Ghobharnóir Louisiana, Bobby Jindal, a chuir alltacht ar go leor. Tá Jindal, mac inimircigh as an Ind, ceaptha le bheith ina iarrthóir d’ainmniúchán uachtaránachta an Pháirtí Phoblachtaigh in 2012, ach más ea, rinne sé praiseach dá dheis. Le scéin ina shúil, mhungail sé a bhealach trí óráid chiotach a thug le fios go ndearna an Páirtí Poblachtach botúin, ach gur cheart do Mheiriceá cloí le fealsúnacht an tsaormhargaidh. Bhí fearg ar go leor dá pháirtí féin, a thuigeann nach bhfuil muinín ag Meiriceánaigh i lucht gnó na tíre níos mó. Ach a mhalairt poirt níor aimsigh siad go fóill. Go ceann ceithre bliana, beidh orthu bealaigh nua a thriall agus súil a bheith acu go dteipfidh ar phleananna ollmhóra an Uachtaráin seo.

An cheist is mó ar bhéalaibh gach éinne anois ná “an fiú seo in aon chor, nó an bhfuil sé ródhéanach?” Má tá sé ródhéanach, beidh an t-Uachtarán Obama ag rómhar poill nach dtiocfaidh Meiriceá as go ceann breis agus deich mbliana. Má éiríonn leis, b’fhéidir (agus is b’fhéidir mór é) go dtarrthálfaidh sé an tír, ach is beag eile a thiocfaidh amach as go ceann i bhfad. “Má theipeann orm,” a dúirt sé féin, “beidh mé amach agus beidh uachtarán nua agaibh.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.