AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Ionradh mídhleathach, mímhorálta
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Tá go leor de phobal na hAstráile i gcoinne an chogaidh san Iaráic ach tá formhór na nuachtán ag tacú le polasaí an rialtais, a deir Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
Príomh-Aire na hAstráile John Howard agus an tUachtarán George Bush, Washington, 10 Meán Fómhair, 2001

Tar éis an mhéid geáitsíochta a bhí ar siúl ag an rialtas faoi cheist na hIaráice, rinneadar cinneadh faoi dheireadh. Ar an Luan sular thosaigh an t-ionradh ar an Iaráic, chuir George Bush glaoch ar John Howard ag iarraidh cúnaimh ó fhórsaí na hAstráile. Bhí cruinniú ag an rialtas agus shocraíodar go mbeadh an Astráil páirteach sa bhfiontar. Uair an chloig a mhair an cruinniú. Ní fios céard a bhí ag cur as dóibh don 50 nóiméad deireanach. Bhí sé ráite ag an rialtas le sé mhí nach raibh aon chinneadh déanta agus nach raibh aon iarratas tagtha ó na Meiriceánaigh. Agus is cosúil go raibh duine nó beirt san Astráil a chreid an méid sin. Nuair a fógraíodh an cinneadh, d’fhoilsigh an rialtas an tuairim a bhí faighte acu go raibh an t-ionradh dleathach. Ó oifigigh an rialtais a tháinig na tuairimí sin, aisteach go leor. Níor tugadh aon suntas do na tuairimí ó na céadta dlíodóir san Astráil agus i gcéin a bhfuil taithí acu ar dhlí idirnáisiúnta a dúirt a mhalairt ar fad - go mbeadh an t-ionsaí mídhleathach mura mbeadh vóta i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (NA) ag tacú leis. Ní raibh mórán tacaíochta ag an rialtas ón bpobal ach bhí tacaíocht acu ó na páipéir nuachta. D’aontaigh gach páipéar san Astráil ach amháin trí cinn le polasaí an rialtais. Tá an Canberra Times *agus an *Sydney Morning Herald *ina choinne agus tá an *West Australian *ag fanacht le toradh an chogaidh go bhfeicfidh siad an raibh an cinneadh ceart nó mícheart! Dúirt an freasúra sa bparlaimint go bhfuil na heagarthóirí agus tráchtairí i chuile cheann de pháipéir Rupert Murdoch ar fud an domhain, 174 acu, ag tacú leis an ionradh. Tá neart ráite ag an rialtas anseo faoin sárú atá déanta ar chearta daonna ag réimeas Saddam Hussein agus tá cuid mhaith den cheart acu. Ach ní raibh focal faoin sárú sin go dtí gur thosaigh feachtas bolscaireachta na Meiriceánach anuraidh. Ní raibh focal ach an oiread faoin 600,000 páiste san Iaráic faoi bhun cúig bliana d’aois atá básaithe ansin ó 1991 de bharr na smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm. Ní léiríonn an rialtas mórán suime i gcearta na nIarácach atá san Astráil a d’fhág an Iaráic le teann faitís roimh réimeas Saddam. Tá 152 acu sin faoi ghlas sna campaí géibhinn (ionaid choinneála a thugann an rialtas orthu). Tá 4,000 eile acu a bhfuil glactha ag an leis rialtas gur teifigh iad, ach diúltaítear cearta bunúsacha dóibh. Níl aon mhíniú tugtha ag an rialtas ar cén fáth a raibh fórsaí as 32 tír páirteach sa bhfeachtas a dhíbir an Iaráic as Cuáit i 1991 ach nach bhfuil páirteach an iarraidh seo ach na Stáit Aontaithe, an Bhreatain agus an Astráil. Agus pé argóint faoi mhoráltacht atá ag na rialtais sin, beidh deireadh leis nuair a fheicfear an sléacht a bheas déanta ag na sceimhlitheoirí agus na dúnmharfóirí atá fostaithe acu lena gcuid aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach. *Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.