Níl Brian Ó Broin ag tacú le ‘cogadh’ eile san Iaráic, ná le fad a bhaint as an bhforéigean a thosaigh airm ‘an Iarthair’ sa tír chéasta sin ag deireadh na mílaoise.
Tá ladrainn Mheiriceá armtha san aer os cionn Bagdad faoi láthair, agus is ar éigean a thiocfaidh siad anuas go ceann tamaill, ó is mó is dóichí go mbeidh siad ag teilgean na n-arm sin sar i bhfad muna gcuirfear stop le hionsaí na bhfórsaí Sunnaíocha san Iaráic. Chomh maith leis sin, is beag is féidir le polaiteoirí Mheiriceá a dhéanamh faoi.
Sea, tá na drumaí á mbualadh arís sa Meán-Oirthear. Tá buíon nua ceannairceach (atá chomh hantoisceach sin gur caitheadh amach as Al-Qaeda iad!) ag eagrú in iarthuaisceart na hIaráice agus ag máirseáil ar Bhagdad. Níos measa fós, tá siad ag brúchtadh amach thar theorainneacha agus ag bagairt míle murdar sa tSiria, sa Liobáin agus sa Túirc freisin. Agus ní féidir caint leo, ó caitheadh amach as an bpróiseas cainte iad i bhfad ó shin. Ní féidir iad a stopadh, le díocas Dé ag gleadhradh ina súíle, agus tá arm na hIaráice, a chaith rialtas Mheiriceá na scórtha milliún á n-oiliúint, ag creimeadh rompu.
Na hAirm Ollscriosúla Úd
Tá sé níos mó ná deich mbliana ó rinne arm Mheiriceá, in éindí le saighdiúirí ó chomhghuaillíocht bheag (chuir Tonga 51 saighdiúir ar fáil!) ionsaí ar an Iaráic agus iad ar thóir ‘Arm Ollscriosúil’. Tar éis seilbh a ghlacadh ar an tír go léir agus rialtas Siach a bhunadh a bhí báúil do mhianta na Stát Aontaithe, d’admhaigh siad nach raibh airm ollscriosúla ar bith sa tír. Ach b’fhiú an braon fola, dar leo. Bhí an deachtóir gránna Saddam Hussein caite as oifig agus bhí pairlimint daonlathach ina suí san ardchathair. Agus an rialtas nua breac le Siaigh (an sórt Ioslamachais céanna a chleachtar san Iaráin), maolaíodh go mór an teannas idir an Iaráin agus an Iaráic.
Ach ba shíocháin ghearrthréimhseach é. Nuair a ghlac Meiriceá seilbh ar an Iaráic, scoir siad an t-arm uilig agus chuir iachall ar na saighdiúirí cur isteach ar phostanna ann as an nua. Diúltaíodh poist do mhórchuid na n-oifigeach, siocair iad a bheith ródhílis do réimeas Saddam, agus d’éinne a raibh amhras ar bith faoina dhílseacht don tír nua. I bhfírinne, is éard a tharla ná gur tiontaíodh an t-arm thar oíche ó cheann a bhí Sunnaíoch go príomha go ceann a bhí beagnach 100% Siach. Gan obair, agus gan airgead, chuaigh go leor de na Sunnaígh (cuid mhaith acu iaroifigigh airm) isteach sna ceannaircigh, agus b’shin ba chúis leis an éirí amach a mharaigh na mílte saighdiúirí Meiriceánacha sa tír sin thar thréimhse cúig bliana nó mar sin.
Chiúinigh cúrsaí beagán nuair a thriail na Meiriceánaigh straitéis nua: borradh mór saighdiúirí sa tír go léir, a chinntigh gur beag seans a bheadh ag na ceannaircigh aon rud a eagrú. Go deimhin chiúnaigh cúrsaí ar feadh achair, agus thapaigh Meiriceá an deis seo a dtrúpaí a tharraingt siar. Tar éis an bhorraidh mhóir seo, d’fhógair Meiriceá go raibh éirithe leo sa tír agus faoi fhómhar 2011 bhí a dtrúpaí deireanacha imithe.
Divide et Impera
Má bhí Meiriceá imithe, ní raibh na ceannaircigh. Faoi stiúir Núrí al Malící, príomhaire Siach na hIaráice, cuireadh go tréan le beartais frith-Shunnaíocha sa tír, agus d’fhás an cairdeas idir a rialtas agus an Íaráin. Bhraith Sunnaígh na tíre, a bhformhór acu as an iarthuaisceart, nach raibh an dara rogha acu ach dul leis na ceannaircigh.
Buíon nua is ea an fórsa nua Sunnaíoch seo, agus is cuma leo faoi na teorainneacha treallacha a leag an Bhreatain síos sa cheantar sin beagnach céad bliain ó shin. Tugann siad ‘Stát Ioslamach san Iaráic agus sa Leiveaint’ (SIIL) orthu féin agus tá sé mar aidhm acu seilbh a ghlacadh ar an talamh uilig idir Cósta na Meánmhara agus Bagdad (áit a bhfuil cónaí ar thromlach mór Sunnaíoch). Má éiríonn leo, sciobfar an tSiria agus an Liobáin ar shiúl ar fad agus ruaigfear Siaigh na hIaráice soir ó dheas i dtreo na hÍaráine. Tapóidh Coirdínigh na tíre an deis agus fógróidh siadsan a dtír féin, Coirdistan, sa tuaisceart, idir an Iaráin, an Iaráic, agus an Túirc, rud a chuirfidh go mór le teannas sa cheantar sin, go háirithe agus na Coirdínigh féin ina Sunnaígh. Faoi sin, b’fhéidir nach mbeidh an dara rogha ag an ngeadán-stát Siach a bheidh fágtha ach dul isteach leis an Iaráin.
Tubaist amach is amach ba ea seo, dá dtarlódh sé. Tar éis na billiúin dollar a chur isteach san Iaráic, ní bheidh fiú an phingin rua fágtha ag Meiriceá as. Bheadh ceantar ola an oirdheiscirt i seilbh na hIaráine, bheadh ceantar ola an iarthuaiscirt i seilbh ceannairceach SIIL, agus bheadh sé ina chogadh dearg idir an Túirc agus na Coirdínigh ó thuaidh.
Céard a dhéanfaidh an tUachtarán Obama lena ladrainn? Táthar den tuairim nach bhfuil na ceannaircigh ach caoga míle ó Bhagdad anois, agus gur beag atá ag seasamh idir iad agus an ardchathair. An dtógfar Bagdad? Ní fios. Ach go cinnte dá mbeadh seans ag na Stáit Aontaithe an clog a chasadh ar ais go 2003, ní bheidis a leath chomh tapa Saddam Hussein a chur as oifig agus a bhí.