AR NA SAOLTA SEO
An tSláinte gan na Táinte
Lisa Nic an Bhreithimh Lisa Nic an Bhreithimh Lisa Nic an Bhreithimh

Bhí Lisa Nic an Bhreithimh ag fiosrú scéal na n-eagraíochtaí deonacha Aware agus na Samaritans, dhá dhream a bhfuil a leordhóthain oibre ag teacht ina dtreo le deireanas.

Íomhá
Feathal na heagraíochta Aware
Íomhá
Taispeántas d'obair na Samaritans in Éirinn
Íomhá
Arm an tSlánaithe i mBÁC
Íomhá
Grianghraf ó Aware.ie

‘Is fearr an tsláinte ná na táinte’. Is fada ón gcuid is mó de mhuintir na hÉireann na táinte, mo léan. Is fíor don seanfhocal, ar ndóigh, ach is minic a bhíonn an tsláinte agus na táinte nasctha ina chéile. Cé déarfas mar sin nach bhfuil dochar déanta do shláinte cuid mhaith daoine fosta. De réir eolais ón eagraíocht um fheasacht dúlagair ‘Aware’, bíonn ardú mór ar leibhéil struis is buairimh in aimsir cúlú geilleagair. Déantar dochar do ghaolta agus do chaighdeáin mhaireachtála freisin. Bíonn airgead níos lú le caitheamh ag daoine ar an saol sóisialta, ar chaithimh aimsire agus ar chothú na sláinte. Is annamh mar sin a fhaigheann cuid mhór Éireannach sos intinne ón obair agus tugann siad níos lú aire dá sláinte féin. Cuireann sé seo le fadhbanna meabhairshláinte agus athmhúsclaíonn sé seanfhadhbanna sa duine. Deir ionadaithe de chuid Aware go bhfuil éileamh i bhfad níos mó ar a gcuid seirbhísí le blianta beaga anuas. Bhí méadú 173% sa bhliain 2011 ar an líon amas a rinneadh ar a suíomh gréasáin le beagnach 300,000 duine ag breathnú ar an suíomh i rith na bliana.

Deir na Samaritans go gcuirtear glaoch orthu gach 5 soicind ó áit éigin in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe ar lorg cabhrach agus faightear glaoch gach 57 soicind ó dhuine atá ag smaoineamh ar lámh a chur ina bhás féin. Léiríonn sé seo méid na faidhbe agus a thábhachtaí is atá na heagraíochtaí um fheasacht meabhairshláinte. De réir tuarascáil na bliana 2011 de chuid na Samaritans in Éirinn, cuireadh 40,000 glaoch sa bhreis orthu i 2011 le hais líon glaonna na bliana 2010. Is léir dóibhsean go bhfuil fadhbanna dúlagair is féinmharaithe ag dul i méid i gcónaí sa tír anois agus áirítear go mbaineann glaoch amháin as gach deich nglaoch orthu le deacrachtaí airgeadais.

Neart an Chur Le Chéile

Tá na Samaritans ag tosú ar chomhoibriú le heagraíochtaí eile anois toisc éileamh níos mó ná riamh ar a gcuid seirbhísí agus níos lú airgead acu chun an chabhair a thabhairt. Le drochscéalta nuachta maidir le geilleagar na tíre, níl amhras ach go bhfuil buairt ar dhaoine faoin todhchaí is faoi thodhchaí a bpáistí agus cuireann sé seo go mór le fadhbanna meabhairshláinte. Deir ionadaithe ó Samaritans na hÉireann go mbíonn cineál eile duine ag fulaingt leis an dúlagar anois agus go mbaineann tréithe éagsúla leis an gcineál dúlagair atá orthu. Ciallaíonn sé seo go mbíonn sé deacair cabhrú leis na daoine sin agus nach mbíonn siad féin ar an eolas faoin gcúnamh ar féidir leo a fháil, nó faoin ngalar féin.

Tá daoine áirithe ag déanamh níos mó obair anois ná riamh, le héalú ó dhéacrachtaí airgid. Glacann tuismitheoirí poist bhreise ar íosphá nó sealanna ragoibre le cinntiú go mbeidh a dhóthain airgid dóibh féin is dá gclann. Oibríonn cuid díobhsan a bhfuil poist mhaithe acu níos déine ná mar a d’oibrigh siad riamh toisc go bhfuil eagla orthu go gcaillfidh siad a bpost. Tá daoine ag tógáil níos lú sosanna agus ag fulaingt leis an neamhchodladh de dheasca na n-athruithe seo sa saol. De réir staidéir a rinne an Rannóg Sláinte Poiblí, tá thart ar 100,000 oideas sa bhreis á dtabhairt anois do dhrugaí don easuan ná mar a bhí deich mbliana ó shin. Baineann an t-easuan le daoine dífhostaithe freisin agus cuireann sé le fadhbanna meabhairsláinte an duine. Nuair atá an corp lag is éasca ionfhabhtuithe a tholgadh fosta. De réir taighde san Irish Medical Times, deir 85% de dhochtúirí na tíre go bhfuil méadú ard othar acu leis na blianta beaga anuas agus iad ag fulaingt le tinnis a bhaineann leis an gcúlú. Dar ndóigh cuireann sé seo tuilleadh brú ar sheirbhísí sláinte sa tír atá ar an ngannchuid ó chiorruithe buiséid cheana féin. Nach mór an fáinne fí ina bhfuilimid mar thír agus ár gcuid fadhbanna geilleagair ag cruthú deacrachtaí úra achan lá?

Seirbhísí Saor in Aisce

Is dócha gur gá dúinn cuimhneamh ar an seanfhocal thuas, faoin tsláinte is na táinte, i gcónaí, cé nach furasta do chuid mhór daoine an méid sin féin. Ní cheart dúinn ár sláinte a chur i mbaol más féidir linn in aon chor é. Ba cheart dúinn sosanna a thabhairt dár gcolainn agus aire a thabhairt dár meabhairshláinte. Má bhímid faoi strus agus brú agus dúlagar a bheith orainn, ba cheart dúinn cabhair a lorg. Tá cuid mhór seirbhísí saor in aisce ar fáil do dhaoine agus deir ionadaithe ón eagraíocht Samaritans gurb í an fhadhb is mó a bhaineann leis an dream nua a bhfuil an dúlagar orthu ná nach bhfuil siad eolach ar na seirbhísí atá ar fáil. Cuir tú féin nó do chairde ar an eolas más gá. Ní tinneas gan leigheas é an dúlagar. Ní ceart go mbeadh éinne ag fulaingt leis gan chabhair. Chomh maith linne, beidh ar an rialtas i bhfad níos mó machnamh a dhéanamh ar chiorruithe ar an Roinn Sláinte anois nuair atá seirbhísí sláinte maithe de dhíth níos mó ná riamh in Éirinn. Ná déanaimis dearmad gur fearr agus gur tábhachtaí an tsláinte ná na táinte. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi sheirbhísí de chuid Aware nó na Samaritans agus faoin meabhairshláinte téigh chuig AWARESAMARITANS.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

As Baile Átha Cliath ó dhúchas, tá Lisa Nic an Bhreithimh i mbun Máistreachta ar an gcúrsa Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge i gCol. na hOllscoile BÁC. Bhain sí a bunchéim amach i gColáiste na Tríonóide.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.