Chas Seosamh Mac Muirí leis an Seanadóir Rónán Mullen i gceantar dúchais a máthar lena cheistiú faoi Sheanad Éireann, faoi cheist an ghinmhillte agus faoi roinnt ábhar eile ar spéis leis.
»»»Ceapann Donncha Ó hÉallaithe nach bhfuil sa Bhille, a cheadaíonn ginmhilleadh sa Phoblacht ach sceach sáite sa bhearna. Creideann sé go bhfuil sé thar am Airteagail 40.3.3 sa Bhunreacht, a chosnaíonn an bheatha sa bhroinn, a chur ar ceal.
»»»Tá sé in am ag an stát rialú níos fearr a dhéanamh ar thionscal na bhfeirmeacha gaoithe, dar le Breandán Delap.
»»»Tharla go bhfuil fiche bliain slánaithe ag Alex Hijmans i saol na Gaeilge, mheas sé go mbreathnódh sé siar ar a scéal mar dhuine ón taobh amuigh a tholg galar na Gaeilge.
»»»Ní bhítear mar a shíltear. Is léir faoin am seo nár tháinig an borradh céadtach faoin choiriúlacht a rabhthas ag súil leis, scéal a chuir Chiarán Mac Aonghusa spéis ann.
»»»Chas Tony Birtill leis an scríbhneoir cáiliúil Béarla, Patrick McGinley, ina áit dúchais, Gleann Cholm Cille, an mhí seo caite.
»»»Bhí Balor ag dul i dtaithí ar Eorpachas na Gaeltachta, ar ghliogar na gramadaí tábhairne agus ar cheol gaelach na Mór-Roinne in Éirinn lá breá te sa tsamhradh.
»»»Beidh ceann de mhórimeachtaí na bliana i saol an cheoil agus i saol na Gaeilge ag titim amach i nDoire Chalgaigh an mhí seo, ádhúil go leor do Chiara Nic Gabhann óir is as Doire í.
»»»Éalaíonn Robert McMillen idir cleith is ursain ón ghiolcaireacht anois is arís le halt a scríobh fúthu siúd nach n-éalaíonn, daoine ar nós ‘Cúige Uladh’ sa PUP.
»»»Tá comhairle mhaith ag Roseanne Smith don té a bhfuil a (h)aghaidh ar an ollscolaíocht i mbliana, comhairle faoi áis nó dhó a chaithfear a fháil ar ais nó ar éigean.
»»»Chuir Diarmuid Johnson aithne ar choimhthíoch sa nGearmáin a tháinig aneas as an Afraic. Comhrá binse i bhfaiche ollscoile a thosaigh an cairdeas.
»»»An duine óg, fuinniúil, siúlach, a cailltear i dtaisme bóthair is nach n-áirítear go hoifigiúil ach mar mhír staidrimh, mairfidh cuimhne ar a láiche is ar a luach go brách i measc a muintire féin, ní a thuigeann Máiréad Uí Shúilleabháin, comharsa Catherine Foley.
»»»Is iomaí cor i saol na polaitíochta. Bhí Julia Gillard thuas seal thíos seal mar Phríomh-Aire na hAstráile agus bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag faire ar an scéal.
»»»Pisreog na huimhreach 13 nó seift mhaith eile le hairgead a mhealladh amach as do phóca? Bhí a chluas bioraithe le scéal ag Daragh Ó Tuama faoi na cláruimhreacha 132 D xxx seo.
»»»Tá moladh nach beag ag dul don chompántas Corcadorca dar le John-Paul Mc Carthy as an gcomaoin mhór a chuireann siad ar shaol a chathrach máthardha féin ó dheas, Corcaigh.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.